Beidh ábhar iontach maidir le hOíche an Chultúir ag RTÉ ar RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, 2FM, lyric fm agus RnaG
Conas a chaithfidh tusa Oíche an Chultúir le RTÉ?
Beidh ábhar iontach maidir le hOíche an Chultúir ag RTÉ ar RTÉ One, RTÉ Player, RTÉ Radio 1, 2FM, lyric fm agus RnaG
- RTÉ Radio 1: Eagrán Speisialta de Sunday Miscellany as Áras an Uachtaráin,á chur i láthair ag an Uachtarán Ó hUiginn
- RTÉ One | RTÉ Player: RTÉ Celebrates Culture Night – David Gray, Colm Mac Con Iomaire, Denise Chaila, Villagers, Joe Chester agus Gemma Hayes
- RTÉ 2FM: Ceoltóirí 2FM Rising beo as an Róisín Dubh i nGaillimh
- RTÉ lyric fm: Ambient Orbit i gColáiste na Tríonóide i gcomhar le Dánlann Dhubhghlais de hÍde
- RTÉ RnaG: Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada
- Sruthchraoladh beo ar rte.ie/culture
Ábhar mórtais do RTÉ ceiliúradh a dhéanamh arís eile ar Oíche an Chultúir, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon, ón 7 i.n., Dé hAoine an 20 Meán Fómhair le hábhar coimisiúnaithe ar an raidió, ar an teilifís agus ar líne as ionaid éagsúla ar fud na hÉireann.
Beidh sult ag daoine as an ábhar seo a leanas:
>>> Ar RTÉ One agus RTÉ Player – RTÉ Celebrates Culture Night (7 i.n., Dé hAoine an 20 Meán Fómhair, RTÉ One agus RTÉ Player) Bí linn le haghaidh ‘RTÉ Celebrates Culture Night’ – clár spleodrach ceoil agus ealaíne á chur i láthair ag Denise Chaila. Beidh Ceolfhoireann Coirme RTÉ i mbun seanma le haíonna speisialta agus cuirfear clabhsúr le himeachtaí le ceadal speisialta cumaisc lena mbaineann ealaín de scoth na linne agus casadh nua-aimseartha as ealaín thraidisiúnta na hÉireann. Beidh Villagers, Joe Chester agus Gemma Hayes ag seinm beo ar an seó chomh maith. Ar cheann de na buaicphointí, beidh mír réamhthaifeadta ina bhfeictear David Gray agus Colm Mac Con Iomaire ag seinm ar Sceilg Michíl.
>>> Ar RTÉ Radio 1 Bí in éineacht le Seán Rocks do chlár speisialta de chuid Arena Special, beo ar Oíche an Chultúir as Ionad Ealaíon na Maighdine Mara i mBré, le ceol beo, comhrá agus oirfidíocht de chineálacha éagsúla. (7 i.n., Dé hAoine an 20 Meán Fómhair). Éist le clár an-speisialta Sunday Miscellany: Culture Night at Áras an Uachtaráin a rinneadh a thaifeadadh roimh ré agus atá á chur i láthair ag an Uachtarán Ó hUiginn agus ag Sabina Higgins. Cloisfear ar an gclár na scríbhneoirí Donal Ryan, Aingeala Flannery, Manchán Magan agus Mia Doring, na hamhránaithe Clare Sands agus Dónal Clancy, agus daoine eile nach iad. (Dé Domhnaigh, an 22 Meán Fómhair ag 9.10 i.n.)
>>> Ar RTÉ 2FM Bí in éineacht le RTÉ 2FM ag oíche iontach den cheol beo as an Róisín Dubh i nGaillimh. Beidh rogha den cheol is aeraí a sheinntear in Éirinn le cloisteáil ó cheoltóirí de chuid 2FM Rising na bliana seo agus blianta eile roimhe seo, ina measc Big Sleep, Chubby Cat, Brad Heidi agus Shiv. Beidh Tracy Clifford, láithreoir 2FM, beo as an Róisín Dubh ón 12-3 i.n. agus beidh Beta Da Silva ag craoladh beo go ceann trí huair a chloig ón ócáid chéanna ag 7 i.n. ar RTÉ 2fm.
>>> Ar RTÉ lyric fm (Dé hAoine) cuirfear Ambient Orbit i láthair beo as Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ar Oíche an Chultúir i gcomhar le Dánlann Dhubhghlais de hÍde. Beidh meascán le cloisteáil d’ábhar taifeadta allamuigh, de cheol timpeallach, ceol á sheinm beo ag Rachael Lavelle & Ryan Hargadon, Séamas Hyland agus Méabh McKenna, chomh maith le saothar speisialta le Tadhg O’Sullivan don tsúil. Beidh saorchead isteach ag an ócáid seo ar Oíche an Chultúir i gceartlár Bhaile Átha Cliath – chuig spás ina bhféadann daoine moill a dhéanamh agus iad féin a thumadh sa cheol agus san ábhar fuaime agus íomhánna ina dtimpeall. Tá deis faoisimh ar fáil le Ambient Orbit i rith Oíche an Chultúir – ceann de na laethanta is gnóthaí i gcathracha agus i mbailte móra na hÉireann. (Ambient Orbit beo ar RTÉ lyric fm ón 10 i.n.).
>>> Ar Raidió na Gaeltachta Ar Raidió na Gaeltachta, beidh an clár Cuireadh Chun Ceoil le Peadar Ó Riada a chraoltar ar an Aoine ó 7 i.n. – 9 i.n. ag díriú ar Oíche an Chultúir, idir cheoltóírí, amhránaithe agus ghrúpaí ceoil atá báite sa traidisiún Gaelach.
Beidh an clár nua Pé Scéal É (3 i.n. – 5 i.n. gach Aoine) atá dírithe ar an óige, ar an gcraic agus ar scléip an deireadh seachtaine, arna chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill, dírithe ar imeachtaí neamhghnácha Oíche an Chultúir. Beidh Ambasadóirí Oíche an Chultúir leo, Stiofán Ó Fearail ón ngrúpa Seo Linn, Edwina Guckian, Damhsóir, agus Sexy Tadhg a bhfuil clú agus cáil air as an seó bríomhar a chuireann sé ar siúl, agus a bhí le feiceáil ag féilte agus ionaid eile cheoil ar fud na tíre i gcaitheamh an tsamhraidh.
Agus beidh na cláracha irise, Iris Aniar, Barrscéalta agus An Saol Ó Dheas ag cur eolais ar fáil faoin iliomad imeachtaí a bheidh ar siúl ina gceantar féin.
>>> Agus, ní hé sin amháin…
Beidh aoi-eagarthóir – Aideen Barry, ealaíontóir clúiteach – ar RTÉ Cultúr ar líne (www.rte.ie/culture) le haghaidh na hócáide. Ar feadh thréimhse an cheiliúrtha freisin, beidh Klostės, fadscannán beochana iontach le Aideen ina íomhá agus ina íomhá, le feiceáil ar an láithreán gréasáin, agus deis ag an uile dhuine a bhreathnú ar líne. Beidh rogha an ábhair thuasluaite ar fáil freisin ar www.rte.ie/Culture agus deis ceiliúradh Oíche an Chultúir ar fud na tíre a bhreathnú ar atráth.
Fónann RTÉ ag tacú leis na hEalaíona d’Oíche an Chultúir.