RTÉ ag Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta 2024: Seo a leanas na himeachtaí a bheidh ar siúl
Trí lá de raidió beo, siamsaíocht bheo, nuacht bheo, tuar na haimsire beo, cuairteanna pearsanta agus go leor eile ar RTÉ
Ar RTÉ Radio 1: Morning Ireland agus Oliver Callan
Ar 2FM: Laura Fox agus Beta da Silva
Ar Raidió na Gaeltachta: Nuacht a hAon agus Cóisir Cheoil
Chomh maith le: Dancing with The Stars, Ireland’s Fittest Family, Nationwide, Marty Morrissey, ulchabhán an Late Late Show, cúrsaí aimsire beo agus go leor eile
Filleann RTÉ ar an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ón 17 – 19 Meán Fómhair le sceideal spreagúil de chláir agus de léiriúcháin bheo ó phuball RTÉ thar trí lá i Ráithín an Uisce, Contae Laois.
Ó chraoltaí beo raidió ó roinnt de na láithreoirí is ansa leat de chuid RTÉ Radio 1, 2fm agus Raidió na Gaeltachta go steip a choinneáil le lucht gairme Dancing With The Stars agus ó Nuacht agus Aimsir beo RTÉ go cuir i láthair ó Marty Morrissey, Shay Byrne, Daithí Ó Sé, Anne agus Bláthnaid ó Nationwide, Nuala Carey agus daoine eile, lena n-áirítear, cur i láthair ó ulchabhán an Late Late Show nach bhfeictear ach go hannamh, tá rud éigin ar na bacáin ag RTÉ don uile dhuine le linn Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana seo.
>>>BUAICPHOINTÍ
AN CHÉAD LÁ: Dé Máirt, an 17 Meán Fómhair
> 07.00 – 09.00 Morning Ireland (Beo ar RTÉ Radio 1)
> 15.00 -18.00 Drive with Beta Da Silva (Beo ar RTÉ 2FM)
> 18:01 – 18.30 Six One News & Weather (Beo ar RTÉ One)
AN DARA LÁ: Dé Céadaoin, an 18 Meán Fómhair
> 09.00 – 10.00 Oliver Callan (Beo ar RTÉ Radio 1)
> 13.30 – 14.00 Nuacht a hAon le Fionnuala Uí Neachtain (Beo ar Raidió na Gaeltachta)
> 15.00 – 17.00 Cóisir Cheoil (Beo ar stáitse)
> 18:30 Feasachán Aimsir RTÉ (Beo ar RTÉ One)
AN TRÍÚ LÁ: Déardaoin, an 19 Meán Fómhair
> 09.00 – 12.00 The Laura Fox Show ar RTÉ 2FM
> 15:00 – 17:00 Cóisir Cheoil le Tristan Rosenstock (Beo ar Raidió na Gaeltachta)
> 18:30 Feasachán Aimsir RTÉ (Beo ar RTÉ a hAon)
>>> AGUS TÁ NÍOS MÓ AR STÁITSE RTÉ AG AN gCOMÓRTAS NÁISIÚNTA TREABHDÓIREACHTA
• Dancing with The Stars: Déan Tangó an bealach ar fad ar stáitse agus téigh ag rince le rinceoirí gairme an tseó, Karen Byrne agus Denys Samson agus foghlaim steip nó dhó.
• Ireland’s Fittest Family: Beidh réiteoir an tseó, Paul O’Donovan ag tabhairt cuireadh duit tabhairt faoin Hang Tough Challenge.
• Our Changing Climate: Coinnigh comhluadar le Nuala Carey agus í ag caint le feirmeoirí agus le saineolaithe maidir leis an mbealach a bhfuil tionchar ag an aeráid atá ag athrú ar shaol na tuaithe agus ar ghnó.
• Cas le agus beannaigh dó/dí: Cas le Marty Morrissey, Daithí Ó Sé, Anne agus Bláthnaid ó Nationwide, foireann Aimsir RTÉ agus le hulchabhán an Late Late Show
• Cartlann RTÉ: Féach ar phíosa scannánaíochta cartlainne ón gcéad Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta riamh agus faigh amach faoin tóir atá ar an gcomórtas den scoth seo le himeacht na mblianta.
• Aimsir RTÉ: Tabharfaidh Trevor Keegan, Audrey McGrath, Mark Bowe, Gerry Murphy, Joanna Donnelly agus Siobhan Ryan cúrsaí aimsire chugat beo ó Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta na bliana 2024, ceithre huaire in aghaidh an lae.
• RTÉ/Éire Ildánach: This Is Art!: Féach ar rogha d’iontrálacha ón gcomórtas ealaíne is mó in Éirinn do dhaoine óga.
Tá puball RTÉ suite i mBloc 3, Ró 23, Seastán 558.
Leis an bhfaisnéis is cothroime le dáta a fháil maidir le RTÉ ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta, coinnigh súil ar ardáin mheáin shóisialta RTÉ (Instagram, Facebook, TikTok agus X (Twitter)) agus ar #RTEPloughing.
Corporate Communications Manager: Neil O’Gorman