Tugtar cuntas sa mhórshraith faisnéise nua seo ar chósta na hÉireann le himeacht na blianta – Ciarán Hinds an reacaire ar an scannán álainn seo
Tabharfar an lucht féachana ar thuras fíor-spéisiúil feadh chósta na hÉireann sa mhórshraith faisnéise trí chlár nua seo, Ireland’s Coast. Craolfar an chéad chlár den tsraith an Domhnach seo ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Coinneoidh an tsraith faisnéise, arna aithris ag Ciarán Hinds, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar, ina bhfuil cineamatagrafaíocht fíorálainn, grafaicí den chineál is úire agus scoth na scéalaíochta, greamaithe den scáileán tú le linn an turais dhochreidte seo feadh chósta na hÉireann ina n-aimsítear iontaisí nach bhfacthas riamh cheana.
Tugtar turas sa tsraith, arb é an foilseachán The Coastal Atlas of Ireland, a d’fhoilsigh Cló Ollscoile Chorcaigh sa bhliain 2020 a ábhar inspioráide, ar chroílár chósta na hÉireann agus nochtfar bunús fíor-spéisiúil, bithéagsúlacht shaibhir an chósta chomh maith leis an tarraingteacht a bhaineann cósta na tíre. Cuirfear tús le craoladh Ireland’s Coast Dé Domhnaigh an 15 Meán Fómhair ag 6.30pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Is éard a dúirt Ciarán Hinds, a bhí ainmnithe do ghradam Oscar, agus a bhfuil a ghlór le cloisteáil sa sraith faisnéise eipice trí clár seo: “Ba chúis mhór áthais dom a bheith bainteach le sraith iontach ar nós na sraithe seo, féasta don tsúil agus spléachadh ar an scéal a bhaineann le Cósta na hÉireann.”
Is ionann Ireland’s Coast, i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ARTÉ, agus mionchíoradh de réir téamaí ar chósta na hÉireann. Déantar nochtadh i gclár a haon, ‘Out of the Depths of Time’, ar bhunús chósta na hÉireann, agus déantar taiscéalaíocht ar an díol suntais a bhaineann le leibhéal na farraige atá ag ardú agus ag ísliú sa scéal seo maidir lenár gcósta. Déantar mionchíoradh sa chlár faisnéise ar fharraigí críche na hÉireann agus ar an sceir choiréil fuaruisce atá i bhfolach sna cainneoin agus tugann faoi thuras drámatúil le Foras na Mara ar an mBanc Porcupine, chun scrúdú a dheanamh ar ról na mbaoithe aimsire amach i bhfad san Atlantach.
Tugtar cuairt sa dara clár ‘Coastal Lives’ ar chaidreamh ársa mhuintir na hÉireann leis na farraigí atá mórthimpeall an oileáin. Is scrúdú domhain atá i gceist anseo ar an gceangal fuinniúil atá agus a bhí idir mhuintir an Oileáin agus an timpeallacht cósta le himeacht ama.
Déantar iniúchadh sa chlár deiridh ‘Future Coasts’ ar an mbealach ina bhfuil athrú aeráide ag dul i gcion ar an timpeallacht seo, an bealach ina bhfuil dul chun cinn i gcúrsaí teicneolaíochta agus pobail áitiúla ag déanamh a ndícheall chun an cósta a chosaint agus ar an mbealach trí smaointeoireacht nuálach agus samhlaíoch ina bhféadaimis coinníollacha níos inbhuanaithe a chruthú amach anseo don tírdhreach síorathraitheach seo.
Dúirt Colm Crowley, Ceann RTÉ Chorcaí: “Agus RTÉ ag leanúint ar aghaidh ag cur le coimisiúnú agus le léiriúchán réigiúnach, is sampla thar barr atá sa chomhoibriú seo idir RTÉ Corcaigh agus Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, maidir leis an mbealach inar féidir le RTÉ sraitheanna uaillmhianacha mar seo a chruthú agus a chur ar fáil do lucht féachana na hÉireann ón mbonn léiriúcháin i gCorcaigh atá ag dul i méid. Tá buíochas ar leith ag dul do léiriúcháin Moondance as an tsraith seo a thabhairt chun an scáileáin, sraith a rachaidh i bhfeidhm go mór ar lucht féachana na hÉireann.”
Dúirt John FitzGerald, Léiritheoir feidhmiúcháin agus Ollamh Taca, Scoil an Bhéarla, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: “Is údar ríméid do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, a bheith i mbun comhoibrithe ar Ireland’s Coast, atá bunaithe ar Atlas of the Irish Coast, a d’fhoilsigh Cló Ollscoile Chorcaigh, agus ag a bhfuil gradam bainte amach. Tá ár dtiomantas taighde agus eolas atá tábhachtach a thabhairt chomh fada leis an bpobal i bhfoirm leabhair agus scannáin ina bhfuil saineolaithe ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, indéanta mar gheall ar an gcaidreamh buan le RTÉ Corcaigh, agus i gcomhar le ARTE agus déantóirí scannán den scoth ar nós Moondance.”
Moondance a léirigh an tsraith trí chlár Ireland’s Coast do RTÉ i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus ARTE.