FÓGARTHA AG RTÉ GO bhFUILTEAR AG LORG NA nOIRFIDEACH A CHANFAIDH THAR CEANN NA hÉIREANN AG COMÓRTAS AMHRÁNAÍOCHTA EORAIFÍSE 2025
Ar mhaith leat canadh ar stáitse os comhair lucht féachana 160 milliún duine ar fud an domhain?*
An bhfuil an glór agat, an teacht i láthair, an dúil sa cheol agus sa tsamhlaíocht, le seasamh ar son na hÉireann agus Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 a bhuachan? Má tá… ba mhaith le RTÉ scéal a fháil uait!
Is cúis áthais do RTÉ a fhógairt go mbeidh Éire páirteach sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine 2025.
Is mian le RTÉ an tráth seo, scéal a fháil ó chantairí, oirfidigh agus lucht déanta amhrán a bhfuil an cumas iontu, agus an spreacadh chun sprice, chun dul i mbun comórtais agus an chraobh a bhreith leo sa timpeallacht géariomaíochta seo. Is deis iontach ag ceoltóirí agus cumadóirí amhrán aird a tharraingt ar fud an domhain ar fad – bíonn gnóthachtáil mhór le baint as cruthú go maith ar an stáitse seo agus is ar an gcúis sin a tharraingíonn an comórtas sáramhránaithe agus sárcheoltóirí gairmiúla i gcéin agus i gcóngar.
Deir Michael Kealy, Ceannaire Thoscaire Eoraifíse RTÉ: “Chuir Bambie Thug, oirfideach na hÉireann sa bhliain 2024, an lucht féachana faoi gheasa agus tháinig sí sa séú háit i mí Bealtaine i gcomórtas Eoraifíse i Malmo na Sualainne – an toradh is fearr ag Éirinn ón mbliain 2000 i leith. Rinneadh Doomsday Blue, amhrán Bambie, a shruthsheinm níos mó ná 24 milliún uair ar Spotify go dtí seo. Breathnaíodh ar chanadh an amhráin ar Oíche na Craoibhe 9.4 milliún uair ar chainéal oifigiúil Eoraifíse ar You Tube.”
Is iontach an deis ag oirfidigh as Éirinn an Comórtas Eoraifíse chun iad féin a chur i lár an aonaigh, agus sin aonach an domhain mhóir. Bhí Bambie Thug ag seinm ag Electric Picnic i mí Lúnasa agus tá camchuairt 30 ceolchoirm ar siúl faoi láthair ar fud na hEorpa agus lán an ionaid de thicéid díolta do na seónna i Manchain, i nGlaschú, in Amstardam, in Cologne, i Heilsincí, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh. Níl aon ní eile inchurtha le seasamh ar son na tíre, amhrán a chanadh agus seinm ag Comórtas Eoraifíse. D’fhéadfadh doirse a bheith ar oscailt ina dhiaidh nach samhlófá roimh ré. Más dóigh leat go mbeadh tusa abalta ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann in Basel an bhliain seo chugainn, ba bhreá linn scéal a fháil uait anois!”
Is é Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse an seó beo ceoil is mó ar domhan chomh maith le bheith ar cheann de na hócáidí teilifíse is mó a tharraingíonn lucht féachana bliain i ndiaidh bliana ar fud an domhain. Téann sé i gcion ar na céadta milliúin san Eoraip agus níos faide ó bhaile ar ardáin na meán sóisialta agus is breá leis an lucht féachana óg agus na ndaoine fásta óga go háirithe é.
8 seachtaine ón lá inniu – ag a 6 i.n. Dé Luain, an 18 Samhain 2024 – an tráth deiridh le hiarratas a chur isteach.
Tá eolas breise, téarmaí agus coinníollacha san áireamh, ar fáil ar www.rte.ie/eurovision
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Luain, an 23 Meán Fómhair 2024
Preasoifigeach Sinsearach: Rayna Connery
Nóta d’Eagarthóirí:
Tá grianghraif de Bambie Thug ag Eurovision 2024 ar fáil lena n-íoslódáil anseo:
Cnuasach Eurosong de ghrianghraif de Bambie Thug
Cóipcheart: RTÉ 2024. Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Andres Poveda www.apphoto.ie
* Tharraing Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2024, arna eagrú ag Aontas Craolacháin na hEorpa (EBU), aird 163 milliún duine i rith 3 cinn de sheónna beo ar fud 37 margadh meán cumarsáide seirbhíse poiblí.
Preasráiteas ó EBU maidir le figiúirí: https://www.ebu.ch/news/2024/05/eurovision-song-contest-2024-breaks-new-records-as-hundreds-of-millions-watch-and-listen-on-tv-and-digital-platforms
Rinneadh Doomsday Blue, amhrán Bambie, a shruthsheinm níos mó ná 24 milliún uair ar Spotify go dtí seo. https://open.spotify.com/artist/6g3orasGcMPn0gwcE3JMAC
Breathnaíodh ar chanadh an amhráin ar Oíche na Craoibhe 9.4 milliún uair ar chainéal oifigiúil Eoraifíse ar You Tube. https://www.youtube.com/watch?v=UMq8ofCstMQ
Breathnaíodh ar fhíseán oifigiúil Bambie 3.7 milliún uair: https://www.youtube.com/watch?v=ZGRXRrlIspY
Ní mór an t-amhrán (idir fhocail agus cheol) a bheith ina ábhar bunchumadóireachta agus ní ceadmhach amhrán ar tharla an t-amhrán iomlán nó cuid den amhrán a fhoilsiú ná a sheinm go poiblí ná a chur ar fáil don phobal (mar shampla, cé nach liosta lánchuimsitheach seo, ar na meáin shóisialta, ar ardán físeán ar líne, líonra sóisialta nó bunachar sonraí atá sothapaithe (nó intapaithe) ag an bpobal agus/nó a sheinm go poiblí, mar shampla, cé nach sa chás seo amháin, le linn ceolchoirme) roimh an 1 Meán Fómhair 2024.
Ní mór na hamhráin a chuirtear isteach a bheith ag teacht go docht agus go hiomlán le rialacha Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025. Coimeádtar de cheart ag RTÉ aon amhrán/cur i láthair a roghnaítear chun críche Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 a chóiriú, a léiriú nó a leasú ar bhealach eile. Féach mionsonraí ar https://eurovision.tv/about/rules.
Ní bheidh, in aon chás ar bith, dul thar bhreith RTÉ maidir leis an amhrán agus oirfideach (oirfidigh) a chuirfear isteach thar ceann na hÉireann ar Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 agus is ag RTÉ agus Aontas Craolacháin na hEorpa a bheidh an cinneadh críochnaitheach faoi inghlacthacht aon amhrán a chuirtear isteach agus faoi fheidhmiú na rialacha.
Is ar an bhfoirm ar líne AMHÁIN atá ar fáil ar www.rte.ie/eurovision a bheidh glacadh le hiarratas. Ní ghlacfar le haon iarratas ar an bpost, ar dhlúthdhiosca, ar chaisín nó i bhformáid ar bith eile, agus ní ghlacfar le nasc le WeTransfer, Soundcloud, Dropbox ná aon suíomh tríú páirtí eile de leithéid YouTube, Spotify, Tidal nó ardán sruthchraolta eile.