RTÉ ag Ceiliúradh Sheachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann 2024
#ISL #irishsignlanguage #IDSL #IWDP24
Tá mórtas ar RTÉ tacú arís le Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ó Dé Luain go Dé Domhnaigh an 23 go dtí an 29 Meán Fómhair, atá ag tarlú an tráth céanna a bhfuil Seachtain Idirnáisiúnta na mBodhar ar siúl.
Déanfaidh RTÉ i gcomhar le Cumann Náisiúnta na mBodhar ceiliúradh ar phobal Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL) trí thuilleadh ábhair a bhfuil Teanga Chomharthaíochta na hÉireann air a chur ar fáil ar feadh na seachtaine. Cuireann RTÉ catalóg mhór d’ábhar ar a bhfuil ISL ar fáil ar feadh na bliana, rud a léiríonn an tiomantas leanúnach atá againn don phobal Bodhar, Lagéisteachta agus ISL anseo in Éirinn.
Ardóidh RTÉ bratach na mBodhar ar a champas i nDomhnach Broc le linn sheachtain feasachta ISL. Ina theannta sin ar an Luan an 23 Meán Fómhair, Lá Idirnáisúnta na dTeangacha Comharthaíochta, lasfar suas comhartha RTÉ ar champas RTÉ i nDomhnach Broc leis an dath GORM, dath suntasach a sheasann do Theangacha Comharthaíochta agus a léiríonn an meas atá ag na pobail Bhodhair ar a dteanga féin.
***ÁIRÍTEAR AR NA BUAICPHOINTÍ:
Nationwide
Dé hAoine an 27 Meán Fómhair, tabharfaidh Nationwide cuairt ar leanaí agus ar fhoireann teagaisc an Midwest School for the Deaf i Luimneach. Beidh Caroline Worthington ó fhoireann ISL News RTÉ i gcuideachta Bhláthnaid i bPáirc an Fhionnuisce. Beidh comharthaíocht ISL ar an scáileán tríd an gclár ar fad.
RTÉ News
Tabharfaidh clár laethúil Nuachta ISL RTÉ an téama atá i gceist le fios gach lá de Sheachtain Feasachta ISL.
Ar RTÉ2, beidh rannpháirtithe óga atá bodhar agus a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus ar ábhar inspioráide iad le feiceáil ar news2day ar feadh na seachtaine. Tabharfaidh an fhoireann cuairt ar The Holy Family School for the Deaf chun labhairt leis na leanaí faoi na cearta atá acu. Seachtain Feasachta ISL an téama a bhí ann do cheist na seachtaine ar news2day do scoileanna ar fud na tíre.
Beidh Barry Gallagher, láithreoir news2day, ag casadh le roinnt de na Deaflympians a d’fhéadfadh a bheith againn amach anseo i mBaile na mBodhar i mBaile Átha Cliath chun labhairt leo faoi na mianta spóirt atá acu don am atá le teacht.
The Today Show
Beidh Declan Buckley, láitheoir Telly Bingo, i dteannta Dháithí ar an tolg Dé Céadaoin an 25 Meán Fómhair chun labhairt faoina shaol ina CODA. (Child of Deaf Adults)
Cláir do Pháistí agus Leanaí
Ar RTÉ Kids ar líne, beimid ag insint dár lucht féachana óg faoi roinnt de na cláir atá againn do dhaoine óga a bhfuil Teanga Chomharthaíochta na hÉireann orthu. Is féidir leat féachaint ar roinnt acu ar ár láithreán gréasáin:
RTÉjr: Féach ar na seónna iontacha seo a bhfuil ISL orthu (rte.ie)
Craolfaidh RTÉ2 agus RTÉjr cláir bhreise do leanaí a bhfuil ISL orthu le linn sceideal na seachtaine.
Arena le Seán Rocks ar RTÉ Radio 1
Mar gheall gurb í Seachtain Feasachta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann í, beidh clár iomlán RTÉ Arena, sainchlár ealaíon agus chultúr an phobail ar RTÉ Radio 1 á chur ar fáil le hateangaireacht bheo ISL Dé Céadaoin an 27 Meán Fómhair ón 7-8pm ar www.rte.ie/Arena agus ar RTÉ News Channel.
RTÉ Player
>Beidh bailiúchán speisialta d’ábhar ar a bhfuil ISL á chur leis an RTÉ Player, lena n-áirítear cláir faisnéise a mbeadh spéis go háirithe ag an bPobal Bodhar iontu, amhail:
- Deaf Not Dumb
Beidh na cláir agus sraitheanna seo ar fáil chomh maith le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann:
- Raised By The Village
- Inside Penneys
- PJ Gallagher – Changing My Mind
- Invasion: The Normans
- Paths to Paris
- Rory Gallagher: Calling Card
- The Irish for Sex
- David Puttnam: The Long Way Home
- Vogue
- Untameable
Beidh réimse d’ábhar RTÉjr a bhfuil ISL air le fáil freisin ar an RTÉ Player ar nós:
- Silly Sundays
- Dizzy Deliveries
- Funny Little Monsters
- Body Brothers
- Let’s Find Out
Is féidir an chatalóg iomlán ISL a fháil ar an RTÉ Player: https://www.rte.ie/player/.
Aimsir RTÉ:
Craolfaidh foireann ISL Weather feasacháin bhreise Aimsire a bhfuil ISL orthu ar RTÉ News Channel agus ar ardáin meán sóisialta RTÉ.
Tá RTÉ fós ag cur ranganna ISL ar fáil d’fhostaithe ar fud na heagraíochta.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Feasachta ISL ar RTÉ, coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta RTÉ trí úsáid a bhaint as:
#isl #irishsignlanguage #IWDP24
CRÍOCH
Corporate Communications Manager: Neil O’Gorman
NÓTAÍ:
- Chun tuilleadh eolais a fháil faoi bhratach na mBodhar téigh chuig: https://wfdeaf.org/deaf-flag/
- Chun tuilleadh a fháil amach faoi Sheachtain Idirnáisiúnta na mBodhar téigh chuig: https://www.irishdeafsociety.ie/irish-sign-language/international-week-of-deaf-people-2024/
- Chun tuilleadh a fháil amach faoin údar a bhfuil an dath gorm tábhachtach don phobal Bodhar, téigh chuig: https://www.irishdeafsociety.ie/about/blue/
- Beidh RTÉ ag cur fáilte go RTÉ roimh roinnt Daoine faoi Oiliúint atá Bodhar ó léiriú* atá maoinithe ag Coimisiún na Meán. Tá na daoine faoi oiliúint seo tugtha do na meáin chumarsáide agus caithfidh siad am in éineacht lenár bhfoireann Seirbhísí Rochtana chun tuilleadh a fháil amach faoi fhotheidil, ISL agus Tráchtaireacht Fuaime.
*Tá Curious North Productions i mbun léirithe faoi láthair ar scannán faisnéise atá maoinithe ag Fís Éireann agus Coimisiún na Meán – is é seo an chéad scannán i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann agus an chéad scannán freisin atá á léiriú ag foireann ar a bhfuil daoine atá bodhar agus daoine nach bhfuil bodhar.