Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024
D’fhógair An tOireachtas i rith na seachtaine an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2024. Tá 21 ainmniúcháin ar fad faighte ag RTÉ sa trí chatagóir déag le foirne in RTÉ Raidió na Gaeltachta, Nuacht RTÉ le TG4, Cláracha Gaeilge RTÉ agus comhlachtaí ón earnáil neamhspleách i gcomhar le RTÉ Gaeilge chomh maith le rte.ie/gaeilge san áireamh do na gradaim.
Déanann Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ceiliúradh ar ardchaighdeán agus ar shár-iarrachtaí a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain. Tugann na Gradaim seo aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse a bhfuil cion thar na bearta déanta acu i réimsí éagsúla de na meáin le dhá mhí dhéag anuas.
Bronnfar na Gradaim Chumarsáide le linn Oireachtas na Samhna ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl Céadaoin na féile, 30 Deireadh Fómhair 2024 san INEC i gCill Airne, Co. Chiarraí.
Guímíd gach rath ar gach duine atá ainmnithe.
AN GEARRLIOSTA
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA
M’Ainm Mo Scéal – Ronin Films
Siar Linn – Macalla Teoranta
Peataí – Big Mountain Productions / RTÉ Gaeilge
Uisce Uisce – Paper Owl Films
Is Mise – Meangadh Fibín
COLÚNAÍ NA BLIANA
Maitiú Ó Coimín – Tuairisc.ie
Kathryn Ní Mhaoláin – NÓS
Ciarán Dunbar – Seachtain, Irish Independent
Éanna Ó Caollaí – Irish Times
Siún Ní Dhuinn – RTÉ Gaeilge
SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA
Ómós Áite le hAilbhe Ní Ghearrbhuigh – RTÉ Raidió na Gaeltachta
BLAS– BBC Raidió Uladh
An tSeachtain le Máirín Ni Ghadhra – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Saol na mBan – BBC Raidió Uladh / RTÉ Raidió na Gaeltachta
Eachtraí Dom – RTÉ Raidió na Gaeltachta
CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA
Hothouse Flowers: Stick Around and Laugh a While – RTÉ Cláracha Gaeilge
Viva Mary – Rúnda Productions / RTÉ Gaeilge
Kneecap – Fine Point Films, Mother Tongues Films, TG4, Wildcard
Séamus Begley: An Rógaire Duibhneach – Aniar TV / RTÉ Gaeilge
100 Bliain de Thithíocht in Éirinn – Midas Productions
IRISEOIR NA BLIANA
Caoimhe Ní Laighin – Nuacht RTÉ & TG4
Gráinne Ní Aodha – PA Media
Sinéad Ní Neachtain – Nuacht RTÉ & TG4
Pádraic Ó Ciardha – Tuairisc.ie
Cuán Ó Seireadáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Emma Ní Chearúil – RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió RíRá
Rossa Ó Sioradáin – Raidió na Life
Caoimhe Ní Chathail – BBC Raidió Uladh / BBC Raidió Feabhail
Seán Ó Dubhchon – Ráidió Rí-Rá
Micheál Ó Tuathail – RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Síomha Ní Ruairc
Fiona Ní Fhlaithearta
Doireann Ní Ghlacáin
Aoife Ní Thuairisg
Caoimhe Ní Chathail
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Aiteall – Raidio Pobail Chonamara
Aon Scéal – 92.5 PhoenixFM
Ceol agus Craic – 103.2 Dublin City FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Ruaille Buaille – Highland Radio
Clár Sa Charr – South East Radio
Splanc – Newstalk
The Magic of An Ríocht – Raidió Chiarraí
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Ag Triall ar an Tobar – Midas Productions
Iniúchadh TG4 – Clean Slate TV
Kayak ó Thuaidh – Macha Media / RTÉ Gaeilge/ BBC Gaeilge.
Aistear an Amhráin – RTÉ Cláracha Gaeilge
Meitheal Mara Corca Dhuibhne – Aniar TV
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Donncha Ó Murchú – TG4
Michelle Nic Grianna – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Séamus Ó Scanláin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & TG4
Garry Mac Donncha – RTÉ
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Laura Packenham – TG4 Foghlaim
Conor Ó Gallchóir – RTÉ Raidió na Gaeltachta
Aisling Ní Dhonnabháin – Raidió Rí-Rá
Darragh Ó Caoimh – TG4
Storm Eaton Kilgallen – Raidió Fáilte / BBC Raidió Uladh
Clíodhna Ní Mhianáin – RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Gaeil