Tá RTÉ agus Kite Entertainment ag lorg Iarratasóirí chun bheith páirteach in Traitors Ireland
Tá sé fógartha inniu go bhfuil Traitors Ireland coimisiúnaithe ag RTÉ. Is leagan é seo den tsraith mhóréilimh a raibh an-suim ag lucht féachana ar fud na cruinne inti, lena n-áirítear leaganacha na Ríochta Aontaithe, na Stát Aontaithe agus na hÍsiltíre, ar leaganacha iad a bhain gradaim amach.
Kite Entertainment a léireoidh an tsraith do RTÉ, a bhfuil an fhormáid ar cheadúnas acu ó All3Media International
22 duine nach bhfuil aithne ar bith acu ar a chéile a bheidh páirteach sa chomórtas réaltachta síceolaíoch lán teannais seo. Tiocfaidh siad le chéile i gcaisleán amuigh faoin tír chun feall a imirt agus bob a bhualadh ar a chéile agus iad ag iarraidh muinín a chur sna daoine cearta… iad ar fad ag súil le €50,000 a bhuachan. Ina measc, áfach, tá fealltóirí nó na Traitors, a fhéachfaidh le duine de na himreoirí a dhúnmharú mar dhea agus faoi cheilt gach oíche. Is faoi na fíréin, nó na Faithfuls, a bheidh sé a dhéanamh amach cé hiad na Traitors agus iad a dhíbirt as an gcluiche sula ndúnmharaítear iad féin.
Beidh ar an ngrúpa tabhairt faoi Mhisin gach lá agus iad ag obair i gcomhar chun tuilleadh airgid a chur leis an duaischiste. Beidh deis acusan a n-éiríonn leo fanacht sa chluiche go dtí an deireadh an t-airgead sin, a d’athródh an saol dóibh, a bhuachan, ach má éiríonn le Traitor é a dhéanamh chomh fada le deireadh an chluiche is aige nó aici sin a bheidh an duais.
Tá RTÉ agus Kite Entertainment anois ag lorg daoine chun bheith páirteach sa tsraith a bheidh á taifeadadh ar an láthair in Éirinn agus á craoladh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player in 2025.
Is éard a dúirt Grainne McAleer, Eagarthóir Coimisiúnaithe ar Chláracha Faisnéise agus Sraitheanna in RTÉ, “Tá an-ríméad orainn an fhormáid uaillmhianach agus shiamsúil seo a chur os comhair lucht féachana RTÉ. Táimid lánchinnte go n-éireoidh linn 22 iomaitheoir a fháil a bheidh breá ábalta an dallamullóg a chur ar a chéile chun go mbeidh an lucht féachana gafa leis an tsraith. Beidh an-spraoi againn ag fáil iomaitheoirí don seó seo. Thaithneodh linn dá ndéanfadh gach uile chineál duine iarratas. Iadsan nach mbíonn deacracht ar bith acu muintearas a dhéanamh agus a théann i gcion ar dhaoine eile. Iadsan atá go maith ag insint bréag agus nach bhfuil fadhb ar bith acu teacht salach ar dhuine chun barr an dréimire a bhaint amach agus iadsan atá in ann comhcheilg a chothú chun an bua a bhaint amach. Má cheapann tú, mar sin, go mbeadh tú in ann an ceann is fearr a fháil ar dhaoine agus go mbeadh tú in ann plámás a dhéanamh leo, tá gach seans go bhfeilfeadh sé seo duit.”
Is éard a dúirt Darren Smith, SB Kite Entertainment, “Tá an-áthas orainn in Kite The Traitors a chur os comhair lucht féachana na hÉireann. Bhíomar an-tógtha leis an bhformáid seo ó chonaic muid leagan bunaidh na hÍsiltíre cúpla bliain ó shin agus tá an-áthas orainn go bhfuil cead tugtha ag RTÉ, ag All3Media International agus ag IDTV dúinn leagan Éireannach a léiriú. Déanfaimid ár ndícheall gan iad agus, níos tábhachtaí fós, gan lucht féachana na hÉireann a ligean síos. Anois, as go brách linn le go bhfaighimid caisleán álainn, cliar den scoth, slám clócaí agus sárláithreoir!”
Marc Pos agus Stiúrthóir Cruthaitheach IDTV Jasper Hoogendoorn i gcomhar le hAonad Cruthaitheach RTL a chruthaigh agus a d’fhorbair The Traitors (teideal na hÍsiltíre: De Verraders). Tá an-tóir ar an bhformáid go hidirnáisiúnta ó seoladh an tsraith san Ísiltír ar RTL in 2021 i bhfianaise go bhfuil 30 leagan ar leith déanta di agus sraitheanna nua á ndéanamh díobh sin. I measc na leaganacha idirnáisiúnta a rinneadh ag úsáid na formáide sin tá leagan na Stát Aontaithe don tseirbhís sruthaithe NBC Universal Peacock a bhuaigh Emmy agus an leagan do BBC One sa Ríocht Aontaithe a bhuaigh BAFTA agus a raibh 8 milliún duine ag breathnú ar bhabhta ceannais shéasúr 2. Beidh an triú, an ceathrú agus an cúigiú séasúr á ndéanamh de leagan na Stát Aontaithe agus tá coimisiúnú déanta ar an gceathrú séasúr de leagan na Ríochta Aontaithe chomh maith le leagan a mbeidh daoine cáiliúla páirteach ann.
Tá go leor gradam buaite ag an tsraith seo a bhfuil an-tóir ag an lucht féachana uirthi agus ainmníodh The Traitors arís le déanaí mar fhormáid K7 na bliana in 2024 agus bronnadh Gradam Formáid Idirnáisiúnta C21 ar an bhformáid don Óstach is Fearr i bhFormáid Teilifíse. Bronnadh duais Rose d’Or nó “an Rós Órga” don tSraith Siamsaíochta agus Réaltachta is Fearr ar an leagan na hÍsiltíre De Verraders roimhe sin.
Ní mór do na rannpháirtithe a bheith níos sine ná 18 mbliana d’aois agus a bheith ar fáil in Earrach 2025. Téigh chuig www.rte.ie/traitors chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le hiarratas a dhéanamh.