COMÓRTAS GEARRSCÉALAÍOCHTA RTÉ 2024: FÓGRAÍTEAR AN GEARRLIOSTA
LÉIRIÚ IONTACH AR AN gCUMAS SCRÍBHNEOIREACHTA IN ÉIRINN LE FEICEÁIL AR SCÉALTA BREÁTHA FAOIN gCAIDREAMH IDIR DAOINE
NA BUAITEOIRÍ LE FÓGAIRT AG ÓCÁID SPEISIALTA DÉ hAOINE AN 29 SAMHAIN
CRAOLFAR SEARMANAS NA nGRADAM AR AN gCLÁR ARENA AR RTÉ RADIO 1 DÉ LUAIN AN 2 NOLLAIG (7 i.n.)
MIONEOLAS: www.rte.ie/writing
TICÉID: https://www.paviliontheatre.ie/events/view/arenalive
LEAN MUID: #rteshortstory
Tá mioneolas fógartha ag RTÉ faoi na deich gcinn de scéalta nua atá roghnaithe do ghearrliosta Chomórtas Gearrscéalaíochta 2024 RTÉ in ómós do Francis MacManus as beagnach 1,500 scéal a cuireadh isteach ar an gcomórtas.
Is iad na scríbhneoirí Neil Hegarty, Claire Kilroy agus Kathleen MacMahon a bhí ina moltóirí.
Seo a leanas scéalta an ghearrliosta, arna lua in ord aibítre de réir theideal an scéil:
- Artifice, le Sharon Guard
- Chambermaid, le Fiona O’Connor
- Dead Bait, le Mattie Brennan
- Dessie and Hopper, le Susanne Stich
- Divination, le Stephen O’Reilly
- Once Upon an Algorithm, le Ryan Delaney
- Planning the Leftovers, le Sheila Barrett
- The Other Órla, le Emer O’Toole
- The Rehearsal, le Alexis MacIsaac
- Turncoat, le David Ralph
***Tugtar eolas faoi na scríbhneoirí agus na scéalta sna NÓTAÍ thíos agus faoin sceideal craolacháin ar RTÉ Radio 1.
Is éard a dúirt Neil Hegarty arbh í seo an chéad bhliain ar phainéal na moltóirí aige: “Chuaigh na scéalta a cuireadh isteach ar chomórtas na bliana seo i bhfeidhm go mór orm. Is iontach an rud sárchaighdeán na scríbhneoireachta a fheiceáil, sin é go simplí é. Chuaigh i gcion chomh mór orm freisin an trácht sna scéalta seo ar shaol na mothúchán ag an duine, dá éagsúla agus dá chasta sin: baraiméadar ar na daoine an ealaín ar ndóigh ach is dóigh liom féin gur scáthán faoi leith Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar smaointeoireacht an phobail san am i láthair.”
Chuir Claire Kilroy, duine eile de na moltóirí, leis sin: “Bhí téamaí áirithe a tháinig i gceist arís agus arís eile: cumha, cúrsaí inscne agus an difríocht idir saol an fhir agus saol na mná…”
Dúirt Kathleen MacMahon, moltóir: “ba é an ceangal idir daoine ábhar mhórchuid mhór na scéalta i mbliana – an gá leis, na bacanna roimhe. Sa chíoradh a rinneadh ar an téama bunúsach seo, taispeáineann scríbhneoirí ghearrliosta chomórtas Francis MacManus arís i mbliana dúinn an acmhainn scríbhneoireachta atá go leitheadach i measc mhuintir na hÉireann agus an fonn dochloíte friotal agus foclaíocht a úsáid chun réimsí saoil na ndaoine a chíoradh.”
Foilseofar na deich gcinn de scéalta ar rte.ie/culture Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 16 agus an 17 Samhain, agus craolfar ina gceann agus ina gceann iad (arna léamh ag aisteoirí) ar feadh coicíse ó Dé Luain an 18 Samhain ar aghaidh ar an gclár Late Date ar RTÉ Radio 1. Beidh trácht go rialta freisin orthu ar an gclár Arena ar RTÉ Radio 1 roimh oíche na ngradam sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath ag 7 i.n. Dé hAoine, an 29 Samhain – clár speisialta de chuid Arena arna chur i láthair ag Seán Rocks – a bhfuil cuireadh ag scríbhneoirí uile an ghearrliosta a bheith i láthair aige. Beidh sleachta á léamh as gach ceann de dheich scéal an ghearrliosta an oíche sin agus plé orthu ag na moltóirí go léir sula mbronntar na príomhdhuaiseanna.
Tá duais €5,000 le fáil ag an mbuaiteoir agus gheobhaidh na scríbhneoirí a thagann sa dara agus sa tríú háit €4,000 agus €3,000 faoi seach. Beidh duais €250 an duine le fáil ag an seachtar scríbhneoirí eile ar an ngearrliosta.
Craolfar an t-eagrán speisialta den chlár Arena ar RTÉ Radio 1 ag 7 i.n. Dé Luain an 2 Nollaig 2024.
Tá ticéid don ócáid sin ar díol anois anseo
Is éard a dúirt Sarah Binchy, an léiritheoir sraithe: “Seo cnuasach breá eile chugainn de scéalta úra éagsúla ó scríbhneoirí spreagúla sárchumasacha na bliana seo. Táthar ag tnúth go mór leis na scéalta a fhoilsiú ar rte.ie/culture, ar an aer agus mar ábhar podchraoltóireachta, an léitheoireacht á déanamh ag scoth aisteoirí na hÉireann — agus le theacht le chéile ar aon láthair leis na moltóirí, na scríbhneoirí agus daoine den lucht éisteacht ar ócáid bhronnadh na nduaiseanna, oíche Arena sa Pavilion Theatre i nDún Laoghaire, Dé hAoine an 29 Samhain.”
Cuireadh Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ar bun sa bhliain 1986 in ómós do Francis MacManus, scríbhneoir agus craoltóir. Is ríthábhachtach ó shin é maidir le bonn a chur faoi scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn in Éirinn. Áirítear ar na scríbhneoirí a bhuaigh an comórtas agus a bhí ar ghearrliostaí roimhe seo Claire Keegan, Molly McCloskey, Danielle McLaughlin, Anthony Glavin, Chris Binchy, Nuala O’Connor, Liz Nugent, Colin Walsh, Stephen Walsh, Austin Duffy, Sarah Gilmartin agus eile.
Tá saorchead cur isteach ar Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ ag aon duine os cionn 18 bl. d’aois ar a bhfuil cónaí ar oileán na hÉireann nó ag duine a chónaíonn thar lear ag a bhfuil pas de chuid na hÉireann. Fógrófar mionsonraí faoi chomórtas na bliana seo chugainn i dtús na bliana 2025. Maidir le heolas breise faoi Chomórtas Gearrscéalaíochta RTÉ , féach www.rte.ie/writing.
CRÍOCH
Eolas: Neil O’Gorman, Bainisteoir Cumarsáide Corparáide, RTÉ | R: neil.ogorman@rte.ie
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR
MAIDIR LEIS NA SCRÍBHNEOIRÍ AGUS NA SCÉALTA (In ord aibítre de réir ainm baiste an scríbhneora)
ALEXIS MACISAAC (Éireannach agus Ceanadach, ina cónaí in Ottawa)
Saoránach de chuid na hÉireann agus de chuid Cheanada í Alexis MacIsaac ar foilsíodh saothar scríbhneoireachta dá cuid in Masks Literary Magazine (buaiteoir ghradam scéil 2023), The Bookends Review, Agnes and True agus eile. Rinne sí camchuairteanna roimhe seo ina ceoltóir le seónna Riverdance agus The High Kings. Tá sí anois ina státseirbhíseach le Domestic Oceans Policy agus ina cónaí in Ottawa le Calum, a fear céile, agus Cillian agus Rafferty, a clann mhac. Tá sí i mbun úrscéal a scríobh, an chéad cheann dá cuid.
The Rehearsal
“Is scéal é seo is féidir a léamh mar a bheadh tástáil Rorschach ar bun. Bhí fonn dáiríre orm cíoradh a dhéanamh ar an dearcadh faoi leith a fhéadann a bheith ó am go chéile ag fir agus ag mná ar an saol agus ar a thanaí éadlúth a fhéadann ceangal idir daoine a bheith mar gheall ar éagsúlacht ó thaobh dearcaidh.”
DAVID RALPH (Tiobraid Árann, cónaí air i mBaile Átha Cliath)
As Tiobraid Árann David Ralph ó dhúchas agus tá sé ina chónaí anois i mBaile Átha Cliath. Foilsíodh scéalta agus aistí dá chuid ar an Dublin Review, Southword, Banshee, New Irish Writing, Litro, Fish Anthology agus Channel. Bhuaigh sé gradam New Irish Writing sa bhliain 2020 agus tháinig sa tríú háit sa chomórtas don Fish Memoir Prize 2022. Saothraíonn sé ina dhuine den aos léinn i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.
Turncoat
“Scéal é Turncoat faoi fhear a rinne in aghaidh mheon an dea-chroí ann agus, fiú murar cúl le mianach a bhí ar chor ar bith ann, atá thíos leis ar aon chuma. Chonaic mé madraí spadhartha ag daoine gléasta in éide Oíche Shamhna, iad ag tafann agus an sianaíl le faitíos rompu. Is é an trua nach bhféadaim a áiteamh nach gné ar bith de mo shaol féin is bun le hábhar an scéil seo.”
EMER O’TOOLE (Gaillimheach atá ina cónaí i Montréal)
Is as Gaillimh í Emer O’Toole a bhfuil cónaí anois uirthi i Montréal agus cúrsaí faoi amharclannaíocht na hÉireann, scannánaíocht agus taibhréim á dteagasc aici in Ollscoil Concordia. Tá cuid mhór ábhar neamhfhicsin scríofa aici, ábhar acadúil agus tráchtaireacht nuachtáin san áireamh. Tá leabhar dá cuid, Girls Will Be Girls (Orion: 2015), ábhar greannmhar soláimhsithe maidir le teoiric inscne, aistrithe go sé cinn de theangacha. Beartaíocht nua ag Emer tabhairt faoi shaothar ficsin agus tá sí ag tnúth go bhfoilseofar úrscéal léi a chríochnaigh sí le gairid.
The Other Órla
“Scéal é The Other Órla faoin nós a bhíonn againne, mná, a bheag a dhéanamh dínn féin ag súil le daoine eile a shásamh, agus faoin dochar a dhéanann sin don phobal. Scéal freisin é faoin náire, faoi nithe a rinneamar nuair a bhíomar óg a ghoilleann anois orainn, faoi mhaireachtáil inniu ainneoin a ndearnamar fadó. Rith deireadh an scéil liom sa chithfholcadán agus b’shin tús na scríbhneoireachta ag oibriú droim ar ais dom gur cheap na carachtair, an comhthéacs agus an reacaireacht.”
FIONA O’CONNOR (As Baile Átha Cliath, maireann i gCiarraí agus i Londain)
As Baile Átha Cliath í Fiona O’Connor a dhéanann cónaí anois i gContae Chiarraí agus i Londain. Tá seónna amharclannaíochta faoin aer léirithe aici i Muileann Naomh Eoin, Lios an Phúca, Co. Chiarraí. Tá an Hennessy Literary Award agus an Éamon Kelly Bursary le háireamh ar na gradaim a bronnadh uirthi. Foilsíodh saothar dá cuid in The Stinging Fly, The Lonely Crowd agus Sublunary Editions chomh maith le hábhar a bheith ar fáil go gairid in Exacting Clam. Scríobhann sí gné-ailt ó am go chéile ar The Irish Times agus The Morning Star.
Chambermaid
“Scéal rómánsúil grá is ea Chambermaid. Nuair a chuirtear cosc ar an ngrá, tharlódh tréithe de chuid an duine ar taispeáint a bheadh faoi cheilt de ghnáth.”
MATTIE BRENNAN (As Sligeach, ina chónaí i gContae an Chláir)
Tá céim MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach ag Mattie Brennan ó Ollscoil Luimnigh. Foilsíodh saothar ficsin dá chuid in The Stinging Fly agus Southword agus luadh ar ghearrliostaí cheana é do ghradaim éagsúla, ina measc gradam New Writing Prize ag Cúirt agus Comórtas Idirnáisiúnta Gearrscéalaíochta Sheáin Uí Fhaoláin. As Contae Shligigh ó dhúchas, tá cónaí i gContae an Chláir air faoi láthair.
Dead Bait
“Is é a chuir ábhar an scéil seo i mo cheann an chéad uair riamh triúr fear a fheiceáil ag iascach ag cé Dhuibhlinne thart ar an dó a chlog ar maidin. Bhí mé ag teacht ó sheal oibre a chríochnú i dteach ósta McDermott’s in aice láimhe agus bhí mé ag dul ag codladh i veain a bhí agam. Chonaic mé an dorú á chaitheamh amach agus rith liom go gcaithfeadh ábhar scéil a bheith ina raibh á fheiceáil agam. Scríobh faoi thriúr a chur an ama tharstu a rith liom ar an gcéad iarraidh sin ach, mar a tharlaíonn le cuid mhór scéalta, ní raibh an saothar críochnaithe an-chosúil ar chor ar bith leis an gcéad smaoineamh sin. De réir mar a tháinig na carachtair éagsúla sa scéal chun cinn, tuigeadh dom go raibh snáithe áirithe a chaithfinn a shaothrú.”
RYAN DELANEY (Astrálach de bhunadh na hÉireann atá ina chónaí i nDún Éideann)
Astrálach de bhunadh na hÉireann é Ryan a bhfuil cónaí faoi láthair i nDún Éideann air. Tar éis blianta a chaitheamh ag saothrú scripteanna nach raibh aon duine a léiriú ar an scáileán, thug sé faoi scríbhneoireacht próis i rith ré na paindéime agus tá ag éirí thar cionn leis i mbliana. Thug sé leis The Hope Prize, an duais mhór idirnáisiúnta don ghearrscéalaíocht, le The Shadows Cast by the Moon; roghnaíodh an chéad úrscéal a bhfuil sé ag tabhairt faoi le haghaidh tréimhse forbartha ag Scoil Samhraidh The Stinging Fly in Ionad na Scríbhneoirí; agus roghnaíodh Franky Unbound, scéal greannmhar faoin duine is óige i dteaghlach mór, le cur ar ghearrliosta don All-Ireland Scholarship.
Once Upon an Algorithm
“Scéal leath-bheathaisnéiseach é Once Upon an Algorithm, a scríobhadh in aon tráthnóna amháin, faoi scríbhneoir atá ag streachailt ó thaobh na síceolaíochta le bota comhrá.”
SHARON GUARD (Baile Átha Cliath)
As Baile Átha Cliath ó dhúchas í Sharon Guard agus is ann a mhaireann sí agus í fostaithe i dtionscal na cógaisíochta. Tá céim MA ó Ollscoil Luimnigh aici sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Foilsíodh saothar dá cuid in New Irish Writing, SWERVE, The Ogham Stone agus Washing Windows. Bhuaigh sí Gradam Molly Keane don Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa bhliain 2020 agus beidh Assembling Ailish, an chéad úrscéal dá cuid, á fhoilsiú ag Poolbeg Press i mí Feabhra 2025.
Artifice
“Sílimse gur spéisiúil an rud breathnú ar dhaoine atá ag breathnú orthu féin sa scáthán,” arsa Sharon. ‘Go háirithe nuair atá smideadh á chur ar a n-éadan nó a gcuid gruaige á réiteach, daoine atá ag socrú cad é a léireoidh siad don saol mór agus cad é a choinneoidh siad faoi cheilt. An ní a léireoidh siad dóibh féin agus a cheilfidh siad orthu féin. Is scéal é Artifice faoin gceann is fearr a fháil ar chúrsaí, an fód a sheasamh, faoi mharbhántacht an ghnáthshaoil agus faoi bheocht an chumha. An dícheall is gá chun dóchas a chothú.”
SHEILA BARRETT (As Dallas ó dhúchas, ina cónaí i nDeilginis)
Rugadh Sheila Barrett in Dallas, Texas. Tháinig sí go Deilginis le John Barrett, a fear céile, nuair a d’fhill seisean ar a chathair dúchais sa bhliain 1969 agus tá sí ina cónaí sa teach céanna ó shin. Tá dhá úrscéal foilsithe aici chomh maith le roinnt gearrscéalta. Bunaithe ar shaol dáiríre an teaghlaigh, agus ar an drámaíocht a bhaineann leis, atá a cuid scríbhneoireachta le tamall anuas. Tá úrscéal ar na bacáin aici faoi láthair.
Planning the Leftovers
“Is iomaí foinse le Planning the Leftovers a tháinig le chéile le himeacht ama, gach áit ar domhan a bheith cóngarach dá chéile agus an chuma nua atá ar theaghlaigh, agus an meascán, idir chumha agus ghliondar, a fhéadann a theacht dá thoradh sin.
STEPHEN O’REILLY (Connallach a chónaíonn i nGaillimh)
I nDún na nGall a tógadh Stephen O’Reilly a bhfuil cónaí air in aice le Creachmhaoil i gContae na Gaillimhe. Foilsíodh gearrscéalta dá chuid i gcnuasaigh éagsúla in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Bronnadh Gradam Cuimhneacháin Molly Keane agus gradam Gearrscéalaíochta HG Wells air roimhe seo chomh maith le Comórtas Gearrscéalaíochta RTÉ a bhuachan sa bhliain 2019.
Divination
“Ní mar a shíltear… a neosann an aimsir. Bhí fonn orm scríobh faoin éiginnteacht sin agus faoi lánúin ag déileáil le hathrú, sular tharla sé ar chor ar bith, ar an saol a bhí á shamhlú acu. An creideamh agus an réasún ag dul in aghaidh a chéile, an dóchas nach móide.”
SUSANNE STICH (Inis Eoghain, via Nürnberg)
D’fhás Susanne Stich aníos in Nürnberg agus tá cónaí uirthi in Inis Eoghain le blianta fada. Saothraíonn sí scríbhneoireacht, scannánaíocht agus grianghrafadóireacht ina cuid obair chruthaitheachta ach is ar an scríbhneoireacht is mó atá béim aici le blianta beaga anuas. Foilsíodh saothar dá cuid in The Stinging Fly, Winter Papers, Banshee, The Pig’s Back, New Irish Writing, Ambit agus eile. Bhí sí ar an ngearrliosta don Bristol Short Story Prize agus sa bhabhta ceannais san Irish Novel Fair. Tá céim MA aici i Léann na Litríochta agus na Scannánaíochta ó Ollscoil Friedrich-Alexander in Erlangen, céim PhD i gcleachtadh na cruthaitheachta ó Ollscoil Uladh, Béal Feirste agus tá obair déanta aici in earnáil na healaíne agus an oideachais ina léachtóir, ina coimeádaí agus ina háisitheoir.
Dessie and Hopper
“Árasán fuar an chéad íomhá ónar eascair Dessie and Hopper, bean mheánaosta agus dhá mhadra, comhrá de chineál éigin aici leo. Tharla mionsaothrú ó dhréacht go dréacht: bochtanas an charachtair, fuath aici di féin, ach tábhacht áirithe le stair na healaíne ina saol, agus sin ina chúis le bualadh leis an dara bean agus a mbíonn soiléir dá bharr sin. Bhí fonn orm trácht ar chúrsaí pearsanta agus cúrsaí polaitíochta nuair nach go maith a thagann le chéile agus ar shaol chuid mhór daoine, mná i gcuid mhaith cásanna, a bheith á múnlú ag an éagothroime sin cé nach furasta don daoine féin é a chur in iúl.”
AN SCEIDEAL CRAOLACHÁIN MAIDIR LEIS NA SCÉALTA AR GHEARRLIOSTA 2024
- Dé Luain, an 18 Samhain: Planning the Leftovers, le Sheila Barrett, arna léamh ag Bríd Ní Neachtain
- Dé Máirt, an 19 Samhain: Dead Bait, le Mattie Brennan, arna léamh ag Aaron Monaghan
- Dé Céadaoin, an 20 Samhain: The Rehearsal, le Alexis MacIsaac, arna léamh ag Tierra Porter
- Déardaoin, an 21 Samhain: The Other Órla, le Emer O’Toole, arna léamh ag Elaine O’Dwyer
- Dé hAoine, an 22 Samhain: Once Upon an Algorithm, le Ryan Delaney, arna léamh ag Peter Hanly
- DÉ SATHAIRN, an 23 Samhain – NÍL AON SCÉAL
- Dé Domhnaigh, an 24 Samhain: Chambermaid, le Fiona O’Connor, arna léamh ag Janet Moran
- Dé Luain, an 25 Samhain: Dessie and Hopper, le Susanne Stich, arna léamh ag Ruth McGill
- Dé Máirt, an 26 Samhain: Turncoat, le David Ralph, arna léamh ag Tadhg Murphy
- Dé Céadaoin, an 27 Samhain: Artifice, le Sharon Guard, arna léamh ag Ali White
- Déardaoin, an 28 Samhain: Divination, le Stephen O’Reilly, arna léamh ag Andrew Bennett