Deich bpáirtí polaitíochta le páirt a ghlacadh sa díospóireacht teilifíse is mó leis na ceannairí ar Upfront with Katie Hannon ar RTÉ
Mar chuid de chlúdach cuimsitheach RTÉ ar Olltoghchán 2024, craolfar an chéad dhá dhíospóireacht údarásacha leis na ceannairí oíche Luain seo, a chuirfidh léargas nach bhfuil le fáil in aon áit eile agus teagmháil dhíreach le ceannairí na bpáirtithe ar fáil don lucht vótála agus iad á gceistiú faoina gcuid físeanna agus beartas do thodhchaí na tíre, ar RTÉ One agus ar RTÉ Player.
Óstálfar an díospóireacht is mó riamh leis na ceannairí ar Upfront with Katie Hannon amárach, Dé Luain an 18 Samhain, agus deichniúr ceannairí páirtithe polaitíochta ag glacadh páirt sa díospóireacht bheo in RTÉ. Beidh an t-iriseoir Katie Hannon ag cur na gceisteanna tábhachtacha agus deichniúr de na polaiteoirí is mó le rá sa tír, iad ar fad in iomaíocht do vótaí in Olltoghchán 2024, ag déanamh a gcás sula gcaitheann muintir na hÉireann vóta.
Ag labhairt di roimh an gcraoladh beo, is éard a dúirt Katie Hannon: “Táim go tnúth le modhnú a dhéanamh ar an díospóireacht teilifíse is mó riamh leis na ceannairí oíche Dé Luain. Ní bheidh deis eile ann le linn an fheachtais olltoghcháin seo an deichniúr ceannairí páirtithe polaitíochta seo a fheiceáil i mbun díospóireachta agus iad ag déanamh a gcás d’fhonn vótaí a fháil. Beimid ag cur na gceisteanna sin a bhfuil daoine ag iarraidh freagraí orthu maidir lena bpolasaithe agus an méid atá geallta acu agus cinnteoimid go mbeidh a fhios ag an lucht vótála cá seasann gach páirtí maidir le príomh-shaincheisteanna roimh lá an olltoghcháin ar an 29 Samhain.”
Is iad seo a leanas an deichniúr ceannairí páirtithe polaitíochta a bheidh i dteannta Katie ar an ardán don díospóireacht dhá uair an chloig seo:
- Ivana Bacik, Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre
- Richard Boyd Barrett, Ceannaire Phobal roimh Bhrabús
- Joan Collins, Ceannaire Right to Change
- Michael Collins, Ceannaire Éire Neamhspleách
- Simon Harris, Ceannaire Fhine Gael
- Micheál Martin, Ceannaire Fhianna Fáil
- Mary Lou McDonald, Ceannaire Shinn Féin
- Cian O’Callaghan, Leas-Cheannaire na nDaonlathaithe Sóisialta
- Roderic O’Gorman, Ceannaire Comhaontas Glas
- Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú
Féach ar RTÉ Upfront with Katie Hannon Party Leaders’ Debate ag 9.35pm Dé Luain an 18 Samhain. Beidh an clár ar fáil beo ar RTÉ One, ar an RTÉ News Channel agus ar fud an domhain ar an RTÉ Player.
– Críoch –
Dáta: Dé Domhnaigh an 17 Samhain
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie
Laura Fitzgerald, Bainisteoir Cumarsáide, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, Laura.Fitzgerald@rte.ie
Ba chóir do na meáin, iriseoirí agus grianghrafadóirí ar mian leo freastal ar an díospóireacht RSVP a sheoladh anois chuig sarah.neville@rte.ie Beidh spás tiomnaithe do na meáin ar oscailt ó 7pm agus ba cheart d’iriseoirí seiceáil isteach ann le haghaidh creidiúnú sula dtiocfaidh ceannairí na bpáirtithe. Táthar ag súil go dtosóidh ceannairí na bpáirtithe ag teacht ó 7.30pm.
Grianghrafadóireacht ag an díospóireacht:
Beidh gairm ghrianghraf ghearr le Katie Hannon agus le ceannairí na bpáirtithe ar siúl i Stiúideo 4 ag thart ar 9:20pm.
Ba chóir do dheasca grianghraf ar mian leo a ngrianghrafadóirí a bheith i láthair RSVP a sheoladh chuig sarah.neville@rte.ie
Ina theannta sin, cuirfidh an grianghrafadóir Naoise Culhane íomhánna de Katie agus de cheannairí na bpáirtithe chomh maith le híomhánna ón díospóireacht ar an oíche ar fáil do dheasca grianghraf thar ceann RTÉ.
Cuirfidh an Chumann Preasa comh-ghrianghrafadóireacht ar fáil freisin ón díospóireacht ar an oíche.