Clúdach RTÉ ar Thorthaí Olltoghchán 2024 ar fud gach ardán, clúdach nach féidir a shárú
– Nochtfar torthaí na Pobalbhreithe Iarvótála beo oíche Dé hAoine
– 43 blag ó na dáilcheantair aonair i bhfíor-am
– Clúdach leanúnach 17 uair an chloig an Satharn seo ar fud sheirbhísí Físe agus Fuaime RTÉ
– Clúdach ar na torthaí go léir ar fáil le sruthú ar fud an domhain ar an RTÉ Player
– An Nuacht is Déanaí maidir leis na Torthaí Beo ar RTÉ.ie
Cuirfidh RTÉ clúdach cuimsitheach ar fáil ar thorthaí an olltoghcháin an deireadh seachtaine seo, agus cuirfear na nuashonruithe is déanaí ar fad ar fáil don phobal de réir mar a tharlaíonn siad, mar aon le hanailís shaineolach iontaofa nach bhfuil a shárú le fáil. Le clúdach beo ar ardáin RTÉ, a chraolfar ón nóiméad a dhúnfar na hionaid vótála go dtí go bhfógrófar an suíochán deiridh, cinnteoidh RTÉ go ndéanfar tuairisciú fairsing agus cothrom le dáta chun muintir na tíre a choinneáil ar an eolas faoin bhfeachtas toghchánaíochta is iomaíche le blianta.
Beidh RTÉ beo ó gach aon cheann de na 32 ionad comhairimh agus déanfar tuairisciú ar an láthair i mBéarla agus i nGaeilge araon. In éineacht le foireann polaitíochta RTÉ, lena n-áirítear a chomhfhreagraithe polaitíochta tiomnaithe Paul Cunningham agus Míchéal Lehane, beidh líonra fairsing iriseoirí ar fud na tíre ag cur tuairiscí ar fáil do RTÉ ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne.
Pobalbhreith Iarvótála
Táthar ag súil gurb í an phobalbhreith iarvótála a rinne Ipsos B&A agus a choimisiúnaigh RTÉ, The Irish Times, TG4, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus a fhoilseoidh RTÉ agus The Irish Times go comhuaineach ag 10pm oíche Dé hAoine an léiriú is luaithe a bheidh ar fáil ar phatrúin vótála. Cuirfidh Ipsos B&A agallamh ar thart ar 5,000 duine ar fud na hÉireann díreach tar éis dóibh vóta a chaitheamh Dé hAoine. Craolfar na torthaí ó 10pm ar aghaidh ar fud ardáin RTÉ; trí Aip RTÉ News agus ar RTE.ie, craolfar torthaí na pobalbhreithe beo ar The Late Late Show ar RTÉ One ar a mbeidh painéal aíonna sa stiúideo i dteannta Patrick Kielty, ar an gclár dhá uair an chloig a chraolfar ar RTÉ 2 Election 2024 Exit Poll Special arna chur i láthair ag Fran McNulty, agus ar chlár tiomnaithe ar RTÉ Radio 1 Late Debate with Colm Ó Mongáin. Craolfar podchraoladh breise oíche Dé hAoine Behind the Ballot ar a bpléifear na torthaí.
Ar Líne
Cuirfear tús le blag beo aip RTÉ News agus RTE.ie go moch Dé Sathairn, ag leanfaidh sé ar aghaidh gan stad go dtí go bhfógrófar an suíochán deiridh, ag tuairisciú ar na mórscéalta, na treochtaí agus na torthaí go léir. Le 43 leathanach fíor-ama — ceann do gach dáilcheantar — agus nuashonruithe áitiúla i mblaganna tiomnaithe na ndáilcheantar, beidh rochtain ar líne ag cách, rochtain nach mbeidh a shárú le fáil, ar an scéal is déanaí ó gach comhaireamh. Beidh léarscáil idirghníomhach ar fáil freisin ar a dtabharfar miondealuithe beo ar na dáilcheantair agus treochtaí náisiúnta. Lean Olltoghchán 24 ar chuntais Instagram, TikTok, X, YouTube, agus Bluesky RTÉ ionas go bhfaighidh tú na mórscéalta ar fad, buaicphointí físe agus anailís ar an toirt.
Ar an Teilifís
Cuirfear tús le clúdach RTÉ One ar an Olltoghchán le Election 2024 ag 9.00am Dé Sathairn agus leanfar den chlúdach sin gan stad go dtí 2am Dé Domhnaigh, clúdach ina dtabharfar an teailí is déanaí, na comhairimh aonair agus na torthaí ó na dáilcheantair ar fad. I rith an deireadh seachtaine, óstálfaidh Miriam O’Callaghan, David McCullagh, Katie Hannon, Fran McNulty, Sarah McInerney agus Áine Lawlor anailís agus plé sa stiúideo, agus beidh na tuairiscí is déanaí acu ó ionaid chomhairimh ar fud na tíre.
Cuirfear tús arís le clúdach RTÉ One le Election 2024 Dé Domhnaigh ón 11.00am, clúdach ina dtabharfar an scéal is déanaí ar na comhairimh is déanaí agus ina ndéanfar anailís ar an gcuma atá ar chúrsaí ar fud na tíre agus ar thuairimí lucht na polaitíochta. Leanfar den chlúdach sin go dtí go luath sa tráthnóna, agus ina dhiaidh sin craolfar clár torthaí speisialta ag an 9.30pm.
Áireofar príomhfheasachán nuachta One O‘Clock News, Six One News agus Nine O’Clock News gach lá mar chuid de chlúdach thorthaí Thoghchán 2024 RTÉ One, a thabharfaidh léargas don lucht féachana ar nuacht olltoghcháin an lae agus ar phríomhscéalta eile an lae.
Cuirfidh Katie Hannon an clár speisialta Upfront Election 24 i láthair ar RTÉ One ag 9.35pm oíche Dé Luain, an 2 Nollaig, ina dtabharfar léargas ginearálta ar an tionchar a bheidh ag an olltoghchán seo agus ar na torthaí is déanaí mar aon le plé agus anailís ón lucht féachana ar an olltoghcháin de réir mar a líonfar na suíocháin deiridh sa 34ú Dáil.
Ar an Raidió
Ar RTÉ Radio 1, ag tosú Dé Sathairn, tabharfaidh Áine Lawlor agus Gavin Jennings amach torthaí agus déanfaidh miondealú breise ar an bPobalbhreith Iarvótála arna ríomh thar oíche ar chlár speisialta de Morning Ireland ón 8am. Leanfar de chlúdach RTÉ le Election 24 ón 10am go dtí amach san oíche agus beidh iriseoirí ag tuairisciú ó gach aon cheann de na 43 dáilcheantar. Cuirfidh láithreoirí RTÉ Radio 1, Rachael English, Claire Byrne, Colm Ó Mongáin, Cormac Ó hEadhra, Sarah McInerney agus Justin McCarthy i dteannta meitheal anailísithe agus breathnóirí na buaicphointí, na chéad chomhairimh agus an t-eolas is déanaí ar fáil go rialta. Cuirfidh an tuairisceoir Barry Lenihan RTÉ Radio 1 an t-eolas is déanaí ar fáil go rialta i rith an deireadh seachtaine maidir le hathruithe a d’fhéadfadh tarlú sa tírdhreach polaitiúil agus maidir leis an nuacht ó na hionaid chomhairimh ar fud na tíre.
Tosóidh clúdach an Domhnaigh ag an 9.00am agus leanfaidh sé ar aghaidh i gcaitheamh an lae agus na hoíche, lena n-áirítear eagráin speisialta de This Week. Cuirfidh Áine Kerr dhá Late Debate speisialta i láthair ó 10pm Dé Domhnaigh agus oíche Dé Luain.
Tá cáil ar Oliver Callan as a thuairim fheanntach a thabhairt agus beidh sé ar ais le Callan’s Kicks ag 6:30pm Dé Luain an 2 Nollaig ar RTÉ Radio 1, ar a dtabharfaidh sé a chuid tuairimí ar imeachtaí an deireadh seachtaine.
I nGaeilge
Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta clúdach cuimsitheach ar fáil i nGaeilge ar thorthaí Olltoghchán 2024 i gcaitheamh an deireadh seachtaine seo. Cuirfear tús leis an gclúdach ag 10am Dé Sathairn leis an gclár Lá an Chomhairimh agus leanfaidh sé ar aghaidh gan stad go dtí meán oíche agus tosóidh sé arís Dé Domhnaigh ón 9am amach déanach san oíche. Is iad Gormfhlaith Ní Thuairisg agus Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh an clár i láthair. Ó tharla go mbeidh tuairisceoirí lonnaithe in ionaid chomhairimh ar fud na tíre agus painéal iontach saineolaithe ag cíoradh gach scéil a thagann chun cinn, is féidir le héisteoirí a bheith ag súil le hanailís léirsteanach ó dhaoine lena n-áirítear Comhfhreagraí Polaitíochta RTÉ RnaG Cuan Ó Seireadáin, iar-Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain, an t-iriseoir Áine Ní Chiaráin, an saineolaí ar chúrsaí staidrimh Donncha Ó hÉallaithe, an t-iarChomhairleoir Contae Connie Ní Fhátharta, an t-abhcóide Cecelia Ní Choileáin, an staraí Cormac Ó Comhraí, agus iar-Rúnaí Preasa an Rialtais Eoin Ó Neachtain.
Beidh Nuacht RTÉ an fheiceálach ar an aer agus ar líne ó tharla go mbeidh iriseoirí Nuachta, a bheidh lonnaithe ar fud na ndáilcheantar, ag cur an nuacht is déanaí agus anailíse beo ar aghaidh chuig an mol i mBaile na hAbhann i nGaillimh, a fhágfaidh go mbeifear ábalta na torthaí agus an anailís is nuashonraithe a chur ar fáil. Déanfaidh RTÉ cláir Vóta 2024 a chomhléiriú freisin agus cuirfidh TG4 15 uair an chloig de chlúdach tiomnaithe ar fáil.
Tá RTÉ ag leanúint lena thiomantas freisin tacú le forbairt mheáin agus iriseoireacht na hÉireann amach anseo trí thionscnamh comhairimh ina mbeidh 50 mac léinn iriseoireachta tríú leibhéal ó Ollscoil Luimnigh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil na Gaillimhe agus Coláiste Breisoideachais Bhaile Formaid fostaithe chun dul i mbun oibre le foirne RTÉ in ionaid chomhairimh ar fud na tíre i gcaitheamh an deireadh seachtaine le go bhfaighidh siad taithí phearsanta agus le go gcuirfidh siad leis an tuairisciú ilardáin ar an Olltoghchán.
Beo ó Ionad Toghcháin tiomnaithe RTÉ i nDomhnach Broc, agus 32 ionad comhaireamh ar fud na tíre, cuirfidh RTÉ clúdach leanúnach ar fáil ar chomhaireamh Olltoghchán 24 de réir mar a nochtfar an chuma a bheidh ar an 34ú Dáil agus ar an tírdhreach polaitiúil.
Lean Olltochán 24 ar aip RTÉ News | rte.ie/election24/
-Críoch-