Is féidir síntiús a thabhairt anois don RTÉ Toy Show Appeal 2024
Ag cuidiú le saol páistí a athrú go deo:
Is féidir síntiús a thabhairt anois don RTÉ Toy Show Appeal 2024
Tá níos mó síntiús ná riamh tugtha ag muintir na hÉireann don RTÉ Toy Show Appeal le ceithre bliana anuas, gach duine díobh ag déanamh a gcion féin ionas gur féidir le páistí i ngach contae ar fud oileán na hÉireann a bheith ina bpáistí.
Ba sa bhliain 2020 a spreag scéal Shaoirse Ruane as Cill Tulach i gCo. na Gaillimhe muintir na tíre síntiúis a thabhairt, cailín a chuaigh i gcion go mór ar mhuintir na tíre nuair a ghlac sí páirt sa The Late Late Toy Show. Ba í Saoirse a spreag bunú an RTÉ Toy Show Appeal oifigiúil ina dhiaidh sin, achainí trína bhfuil breis is €21 milliún bailithe do charthanachtaí páistí go dtí seo.
Ar an drochuair, fuair Saoirse bás i mí Márta na bliana seo, ach leanann a hoidhreacht bhuan leis an RTÉ Toy Show Appeal. Bhí tuismitheoirí Shaoirse, Roseanna agus Ollie Ruane i dteannta óstach an Late Late Show Patrick Kielty anocht i mír speisialta i gcuimhne ar Shaoirse agus, in ómós don mhéid a rinne sí. Is féidir síntiúis a thabhairt don RTÉ Toy Show Appeal seachtain sula gcraolfar an Late Late Toy Show ar an 6 Nollaig.
Is féidir leis an bpobal síntiús a thabhairt anois ag www.rte.ie/toyshowappeal, nó ar Revolut Pay, comhpháirtí síntiúis oifigiúil na hachainí.
Ina theannta sin, bronnfar deontas suas le €150,000 in ainm Shaoirse ar charthanacht a roghnófar. Eiseofar ‘Deontas Saoirse Ruane’ mar chuid de leithdháiltí achainí 2025, agus beifear ábalta é a úsáid thar thréimhse 2 bhliain.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Tá The RTÉ Toy Show Appeal ar cheann de na nithe is tábhachtaí a dhéanaimid mar eagraíocht. Táimid fíorbhuíoch as tacaíocht an lucht féachana le ceithre bliana anuas a chinntigh, lena bhflaithiúlacht, go mbeadh RTÉ ábalta leanúint de dhifríocht mhór a dhéanamh do shaol na mílte páistí agus a dteaghlaigh ar fud an oileáin, ó thuaidh agus ó dheas. Tá áthas ar leith orm gur fógraíodh Deontas Saoirse Ruane in onóir do Shaoirse, agus go mbeifear ábalta síntiúis a thabhairt don RTÉ Toy Show Appeal seachtain níos luaithe i mbliana. Cuimhneofar ar Shaoirse mar dhuine a chuaigh i gcion orainn go léir ar bhealach dearfach agus ar bhealach a fhanfaidh linn go deo. Maireann sí inár gcuimhne tríd an RTÉ Toy Show Appeal agus tríd an iomaí saol a ndéantar athrú ó bhonn orthu.”
Tá 359 deontas curtha ar fáil le trí bliana anuas do 226 carthanacht páistí ar fud oileán na hÉireann. Meastar go bhfuil cuidiú faighte ag breis agus 1,100,000 páiste agus ball dá dteaghlach ón Achainí ó bunaíodh í. Fondúireacht Phobail na hÉireann a bhainistíonn an achainí. Bunaíodh Fondúireacht Phobail na hÉireann breis is 20 bliain ó shin, oibríonn sí le daoine aonair, teaghlaigh, cuideachtaí agus le hiontaobhais agus fondúireachtaí eile chun tacú le réimse iléagsúil eagraíochtaí neamhbhrabúis. Carthanas cláraithe is ea Fondúireacht Phobail na hÉireann (Uimhir leis an Rialálaí Carthanas: 20044886) agus tá sí tiomanta do na caighdeáin is airde iontaoibhe agus rialachais a bhaint amach.
Chomh maith le síntiús a thabhairt trí láithreán gréasáin oifigiúil an RTÉ Toy Show Appeal, is féidir leis an bpobal síntiús ionaipe a thabhairt lenár gcomhpháirtí síntiúis oifigiúil Revolut Pay.
CRÍOCH
29 Samhain 2024
Tuilleadh Eolais: Jilly McDonough, Preasoifigeach | 087 170 2787 | jilly.mcdonough@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is ábhar mórtais ag PTSB urraíocht a dhéanamh ar The Late Late Show
Chun níos mó eolais a fháil lean The Late Late Show ar líne:
- Instagram @latelaterte
- TikTok: tiktok.com/@latelaterte
- X: @rtelatelateshow
- Facebook: facebook.com/thelatelateshow
- YouTube: youtube.com/@rtelatelateshow