Aishah Akorede an chéad iomaitheoir cháiliúil a bheidh páirteach i Dancing with the Stars 2025
An bhean dlí agus an spéirbhean chorónta Aishah ag fáil faoi réir le bheith ag bheith ag casadh ar an urlár!
Tá sé tugtha le fios gurb í Aishah Akorede, mainicín agus iar-Miss Universe Ireland, an chéad iomaitheoir cháiliúil a bheidh ag tabhairt faoin urlár sa hochtú sraith de Dancing with the Stars. Fillfidh an tsraith a bhfuil tóir mhór uirthi ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player i mí Eanáir 2025.
Bronnadh Miss Universe Ireland ar Aishah in 2023 agus tá Máistir Dlí aici i Rialachas Corparáide Idirnáisiúnta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Tá sí i mbun cáilíocht a bhaint amach faoi láthair sa Rialachas Cairte.
Is éard a dúirt Aishah ar bheith ag tabhairt faoi Dancing with the Stars: “Le bheith fírinneach faoi, is é an rud is mó a bhfuil mé ag tnúth leis ná a bheith ag foghlaim le bheith ag damhsa ar nós damhsóir bálseomra. Rinne mé beagán bailé nuair a bhí mé ag éirí aníos ach ní dada é sin lena hais seo… Rinne mé bailé ó bhí mé ceithre bliana d’aois go dtí go raibh mé cúig bliana déag, ach b’éigean dom éirí as. Táim ar nós imreoir sacair nár éirigh léi dul leis an ngairm phroifisiúnta mar gheall go raibh mo ghlúin gortaithe agam. Ach chuaigh mé ar ais go dtí an bailé le linn na paindéime nuair a bhí 24 bliana d’aois. Tá mé 25 bliana d’aois anois agus is mise an tseanchailleach sa rang. Nach bhfuil sé craiceáilte é sin a thabhairt ar bhean 25 bliana d’aois!
Dúirt sí chomh maith: “Ní duine mé atá uafásach iomaíoch, cé go gceapann daoine go bhfuil na cailíní i saol na mórthaibhseachta thar a bheith iomaíoch. Is cuma céard a dhéanann mé sa saol, déanaim é gan bheith ag súil leis an iomarca. Ní bhíonn mé ag iarraidh ach sult a bhaint as an taithí sin agus cibé cén toradh a bhíonn air. Tá súil agam ar ndóigh go n-éireoidh liom an comórtas a bhuachan ach mura mbuann féin, is cuma mar tá mé chomh buíoch go bhfuair mé deis a bheith páirteach ann.”
Tá neart taithí ag Aishah ar bheith ar an teilifís. Ghlac sí páirt sa tsraith Discovery+, Beauty and the Geek UK, agus go deimhin is í a bhuaigh an tsraith sin, in éineacht le comrádaí ‘geek’ Martin.
I ndiaidh di Miss Universe Ireland a bhuachan, bhunaigh Aishah ‘Recrowned Ireland’, tionscnamh ceartais shóisialta neamhbhrabúis a fhéachann le tionchar fadtéarmach a imirt ar phríomhábhair imní na sochaí. Féachann an eagraíocht le spás sábháilte a chur ar fáil do mhná in Éirinn a bhfuil cineálacha éagsúla mí-úsáide fulaingthe acu chun go n-aireoidh siad compordach, muiníneach agus airdeallach.
Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.
Beidh Aishah beo sa stiúideo ar The Laura Fox Show ag 10.30am maidin Dé Luain an 9 Nollaig. Déanfar gach duine eile den deichniúr mór le rá a bheidh páirteach sa tsraith nua de Dancing with the Stars a fhógairt gach lá an tseachtain seo.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Luain an 9 Nollaig 2024
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
#DWTSIrl