Is é an fuirseoir Gearóid Farrelly an tríú hiomaitheoir cáiliúil a bheidh páirteach in Dancing with the Stars 2025
Beidh Gearóid ag damhsa le páirtí comhghnéis sa séasúr nua de Dancing with the Stars
Tá sé i gceist ag an bhfuirseoir, podchraoltóir agus pearsantacht teilifíse, Gearóid Farrelly, fuadar a chur faoi bhoinn a bhróg damhsa in áit a bheith ag fuirseoireacht ar na boinn ar feadh scaithimh agus é ag tabhairt aghaidh ar an ochtú séasúr de Dancing with the Stars. Tosóidh an tsraith ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player i mí Eanáir 2025.
Tá an-chur amach ag Gearóid ar bheith ar ardán ina ghairm fuirseoireachta, gairm a tháinig chun cinn go mór nuair a bhain sé an babhta ceannais den chomórtas So You Think You’re Funny? amach ag Féile Dhún Éideann. Tá an t-ardán roinnte aige le sárfhuirseoirí agus chuir sé tús le seónna do leithéidí Joan Rivers, Sarah Millican, Patton Oswalt, Neil Delamere agus Joanne McNally. Tá ardmholadh faighte aige as a chuid seónna aonair, lena n-áirítear an clú agus cáil a bhain sé amach dá chéad seó ag Féile Dhún Éideann, Turbulence.
Is éard a bhí le rá ag Gearóid faoi bhróga an fhir ghrinn a chur i leataobh le go mbainfidh sé triail as na bróga damhsa, “Tá scéin ionam. Bhuel, bhí scéin ionam sular casadh gach duine eile orm, i ndáiríre, ní raibh an oiread faitís riamh orm agus a bhí nuair a shiúil mé isteach sa seomra sin. Ach tá gach uile dhuine an-deas, táimid ag tarraingt le chéile go maith cheana féin agus táim ag baint sásamh as gach soicind de.”
Beidh Gearóid ag damhsa le fear eile ar an seó. Fógrófar a pháirtí damhsa Dé Luain an 16 Nollaig nuair a bheifear ag cur na réalta agus na damhsóirí gairmiúla ina mbeirteanna.
Is éard a dúirt Gearóid faoina pháirtí damhsa: “Dá mbeadh beirt fhear feicthe agamsa ag damhsa le chéile nuair a bhí mé i mo leaid óg aerach thabharfadh sé an oiread faoisimh dom. Rinneadh bulaíocht airsean freisin ar scoil mar gur damhsóir a bhí ann. Mar sin, táimid beirt sa bhád céanna. Tá sé iontach. Bhí beagán imní orm i dtosach faoi bheith i mullach an fhir seo, mar go bhfuilimse aerach agus níl seisean, agus ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh sé míchompordach, nó go mbraithfeadh sé go raibh gá dó é seo a dhéanamh. Mar sin, bhí comhrá againn freisin agus tá seisean breá sásta é seo a dhéanamh ó thaobh na cóiréagrafaíochta.”
Is éard a dúirt Gearóid faoin gcomhairle atá faighte aige ó chuid de na hiomaitheoirí a bhí ar an tsraith roimhe seo, “Bhí mé ar dhuine den lucht féachana ar Dancing with the Stars cheana. Bhí mé ann le tacú le Deirdre O’Kane, Fred Cooke, Kevin McGahern agus Bernard O’Shea, is cairde liom iad agus is aoibhinn liom an seó. Dúirt siad ar fad go raibh sé i measc na taithí is fearr a bhí acu riamh agus dúirt siad liom gan cuimhneamh an iomarca air, sult a bhaint as gach soicind de agus mé féin a chaitheamh isteach sa bhearna bhaoil.
Nuair nach mbíonn Gearóid ar an ardán cuireann sé an podchraoladh Fascinated i láthair, ina dtugann sé cuairt isteach d’aíonna, a bhfuil sé féin i measc a lucht leanta, chun comhrá a bheith acu faoina ngairm bheatha agus faoina gcuid oibre. Tá podchraoladh eile aige, Agony Rants, ina gcuireann sé comhairle ar chách i dteannta a chara a bhfuil comórtas na hEoraifíse buaite aici, Niamh Kavanagh.
Is é Gearóid an tríú duine cáiliúil atá fógartha. Fógraíodh Aishah Akorede, mainicín agus iar-Miss Universe Ireland, Dé Luain agus fógraíodh an t-aisteoir Danny O’Carroll as Mrs. Brown’s Boys inné. Déanfar gach duine eile den ochtar mór le rá atá fanta agus a bheidh páirteach sa tsraith nua de Dancing with the Stars a fhógairt gach lá an tseachtain seo.
Beidh neart ócáidí gáifeachta, galántachta, agus teannais sa tsraith nuair a fhillfidh an séasúr nua ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an mhí seo chugainn.
Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.
-CRÍOCH-
Dáta: Déardaoin an 10 Nollaig 2024
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is féidir íomhánna ardghléine a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-0eURXf9fVf
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl