Is é an tOilimpeach Éireannach Jack Woolley an ceathrú duine cáiliúil a bheidh ag dul san iomaíocht in Dancing with the Stars
Tá Jack, an tíotán taecuando é féin, réidh le tabhairt faoin tangó!
Tá sé fógartha gurb é an tOilimpeach Éireannach, Jack Woolley, an ceathrú duine cáiliúil a bheidh ag dul san iomaíocht in Dancing with the Stars nuair a fhillfidh an séasúr nua ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an mhí seo chugainn.
Is é Jack an chéad lúthchleasaí riamh a rinne ionadaíocht ar son na hÉireann i taecuando ag na Cluichí Oilimpeacha. Throid sé den chéad uair d’Fhoireann na hÉireann ag Cluichí Oilimpeacha Tóiceo 2020 agus le déanaí, bhí sé san iomaíocht i gCluichí Oilimpeacha Pháras 2024 níos luaithe i mbliana. Mar aon lena éachtaí ag na Cluichí Oilimpeacha, bronnadh boinn airgid ar Jack ag Craobhchomórtais na hEorpa in 2022 agus ag na Cluichí Eorpacha in 2023, agus bhuaigh sé boinn chré-umha ag an Taekwondo Grand Prix in 2018 agus in 2022.
Is éard a dúirt Jack, “Táim ar bís. Ní dhearna mé a leithéid seo riamh cheana. Ceapaim go gcuideoidh an taecuando liom mar go bhfuilim solúbtha agus tá an-tuiscint agam ar mo cholainn féin, ach is rud nua uilig é cuimhneamh ar na steipeanna damhsa. Leis an taecuando, bím i mo sheasamh os comhair duine atá ag bogadh, agus braitheann an méid a dhéanaimse ar an méid a dhéanann siadsan. Táim á dtroid agus níl a fhios agat céard a tharlóidh. Ach leis seo, tá steipeanna agat a chaithfidh tú a dhéanamh in am. Rud nua uilig a bheidh ansin domsa. Tús maith leath na hoibre, mar ar an dea-uair, táim aclaí, ach ní fhéadfaidh mé talamh slán a dhéanamh de sin!’
Le teann magaidh, is éard dúirt sé faoin ngné is mó atá ag déanamh imní dó: “Leis an bhfírinne a rá, is mó imní a bhí orm faoi spraedhonnúchán a fháil! Bhí faitíos orm go mbeadh mé breacdhonn agus go mbeadh cuma sheafóideach orm. Ach d’éirigh go maith leis an gcéad ceann, mar sin, cá bhfios? B’fhéidir gur cineál diva a bheadh ionam ina dhiaidh seo, i ndiaidh spraedhonnúchán, mo chuid gruaige agus mo chuid smididh a fháil déanta gach seachtain ar an seó! Táim ag glacadh leis faoi láthair.”
I mí Lúnasa na bliana 2021, gan ach cúig lá caite i ndiaidh deireadh a bheith tagtha leis na Cluichí Oilimpeacha, cuireadh Jack san ospidéal mar go ndearnadh ionsaí air i mBaile Átha Cliath. Fuair sé go leor tacaíochta nuair a roinn sé slám grianghraf de féin agus nuair a rinne sé cur síos ar an eachtra ar na meáin shóisialta agus labhair sé go hoscailte ina dhiaidh sin faoin ionsaí ar The Late Late Show. Thug Jack cuntas thar a bheith macánta freisin ar na dúshláin mheabhairshláinte ar thug sé aghaidh orthu agus é san iomaíocht ag leibhéal ard.
Is é Jack an ceathrú duine cáiliúil atá fógartha. Fógraíodh an fuirseoir Gearóid Farrelly inné, fógraíodh an t-aisteoir Danny O’Carroll ó Mrs. Brown’s Boys Dé Máirt agus fógraíodh iar-Miss Universe Ireland, Aishah Akorede Dé Luain. Déanfar an chuid eile de na daoine mór le rá a bheidh páirteach sa tsraith nua de Dancing with the Stars a fhógairt gach lá an tseachtain seo.
Beidh neart ócáidí gáifeachta, galántachta, agus teannais sa tsraith nuair a fhillfidh an séasúr nua ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an mhí seo chugainn.
Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Céadaoin an 11 Nollaig 2024
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Is féidir íomhánna ardghléine a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-VqH4PmRZxP
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
#DWTSIrl