Is é an t-amhránaí Mickey Joe Harte an cúigiú hiomaitheoir cáiliúil a bheidh páirteach in Dancing with the Stars 2025
Mheall sé an saol mór cheana féin lena ghlór binn ach an meallfaidh sé na moltóirí lena scileanna damhsa chun go dtabharfaidh sé leis trófaí na liathróide gealra?
Beidh ar Mickey Joe Harte a ghiotár uaine a chur i leataobh ar feadh scaithimh mar go mbeidh sé ag baint deatach as a bhróga damhsa ar an ochtú sraith de Dancing with the Stars. Tosóidh an tsraith ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player i mí Eanáir 2025.
Tharraing Mickey Joe Harte aird an náisiúin den chéad uair scór bliain ó shin, nuair d’éirigh leis an chéad You’re a Star a bhuachan. Ina dhiaidh sin, rinne sé ionadaíocht thar ceann na hÉireann ag comórtas na hEoraifíse i Ríge, an Laitvia sa bhliain 2023 nuair a chan sé an t-amhrán ‘We’ve Got the World Tonight’. Bhain sé an t-aonú háit déag amach ar an scórchlár leis an amhrán sin agus bhain sé barr na gcairteacha amach sa bhaile. Bhí sé ar an singil is mó díol an bhliain sin, a chinnte go mbeadh sé ar cheann de na hamhráin sin a chanfaí go deo na ndeor.
Is éard a dúirt Mickey Joe faoina chinneadh cultacha seacaineacha a chaitheamh air féin: “Cheap mé go raibh sé in am. Leis an bhfírinne a rá, ní cheapfainn go mbeinn chomh sásta céanna é a dhéanamh fiú cúpla bliain ó shin. Ach is dóigh liom, i bhfianaise chomh maith is a d’éirigh le Bambie Thug ag comórtas na hEoraifíse anuraidh, gur airigh mé go raibh scleondar deas ag baint leis uilig. Ceapaim gurb é anois an t-am ceart agus ní in aois na hóige atá mé ag dul!”
Ó laethanta na hEoraifíse i leith, tá neart cleachtaidh ag Mickey Joe ar an ardán agus choinnigh sé a áit i saol siamsaíochta na hÉireann. D’eisigh sé ‘We’ve Got the World Tonight’ arís mar dhíséad Gaeilge leis an DJ raidió Cathal Minogue agus chuaigh sé ar camchuairt in éineacht leis The 2 Johnnies. Chuaigh Mickey Joe i gcomhar leis an amhránaí eile as Dún na nGall, Rory
Gallagher, chun dísréad Nollag nua a scríobh agus a thaifeadadh, tá ‘Hey! Home For Christmas’, amuigh anois.
Fágfaidh Mickey Joe cnoic Dhún na nGall ina dhiaidh ar feadh tamaill agus tabharfaidh sé aghaidh ar shoilse geala an bhálseomra. Beidh ar dul i gcleachtadh ar bheith faoin spotsolas gan a ghiotár. Is éard a dúirt sé faoi sin: “Ní bheidh mo chrann taca agam, an giotár agus an micreafón. Tá nós agam a bheith ag caint le linn na ngigeanna agus an slua a ghríosadh. Níl le déanamh agat ach dul amach ansin, do chion a dhéanamh, damhsa agus a bheidh cinnte go ndéanann tú i gceart é. Ní bhfaighidh tú deis téamh suas roimh an ghig, caitear isteach sa bhearna bhaoil thú!”
Bí ag faire go bhfaighidh tú amach an féidir leis an bhfear a bhfuil seantaithí aige ar chomórtas na hEoraifíse an fuinneamh céanna a shaothraigh ‘douze points’ dó tráth a thabhairt go dtí urlár an damhsa!
Is é Mickey Joe an cúigiú duine cáiliúil atá fógartha. Fógraíodh Oilimpeach taecuando na hÉireann, Jack Woolley, ar maidin. Fógraíodh go mbeadh Mickey Joe páirteach sa tsraith ar RTÉ Today inniu le Maura Derrane agus Dáithí Ó Sé.
Fógraíodh i dtús na seachtaine seo gurb iad an fuirseoir, Gearóid Farrelly, an t-aisteoir ó Mrs. Brown’s Boys Danny O’Carroll agus iar-Miss Universe Ireland, Aishah Akorede an chéad triúr a bheidh san iomaíocht agus súil acu trófaí na liathróide gealra a thabhairt leo i dtús na bliana 2025. Fógrófar na cúig iomaitheoir cáiliúla eile a bheidh páirteach sa tsraith nua de Dancing with the Stars ar an Late Late Show oíche amárach, 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Beidh neart ócáidí gáifeachta, galántachta, agus teannais sa tsraith nuair a fhillfidh an séasúr nua ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an mhí seo chugainn.
Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.
-CRÍOCH-
Dáta: Déardaoin an 12 Nollaig 2024
Is féidir íomhánna ardghléine a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-7j7mNsIu3t
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie