Buaiteoirí Ghradaim Spórt RTÉ 2024 Fógartha
Is ar Paul O’Donovan a bronnadh Pearsa Spóirt na Bliana
Is ar Katie George Dunlevy agus Linda Kelly a bronnadh Foireann na Bliana
Is ar Willie Mullins a bronnadh Bainisteoir na Bliana
Is í Róisín Ní Riain a ainmníodh mar Phearsa Spóirt Óg na Bliana
Craoladh Gradaim Spórt RTÉ 2024 ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player os comhair lucht féachana beo sa stiúideo in RTÉ anocht (Dé Domhnaigh an 15 Nollaig 2024). Arna chur i láthair ag Joanne Cantwell, Darragh Maloney agus Jacqui Hurley, rinneadh éachtaí spóirt na hÉireann sa bhliain 2024 a cheiliúradh agus tugadh urraim dóibhsean a bhain na héachtaí sin amach, ar bliain dhochreidte amach is amach a bhí inti do chúrsaí spóirt na tíre.
Ainmníodh Paul O’Donovan mar Phearsa Spóirt na Bliana RTÉ, bliain inar éirigh leis a bheith ar an gcéad Oilimpeach as Éirinn a bhuaigh boinn ag trí chluichí Oilimpeacha as a chéile. Bhuaigh sé Bonn Óir i gcomórtas céaslaire beirte i bPáras – agus Bonn Óir i gcomórtas céaslaire aonair ag Craobhchomórtas Rámhaíochta an Domhain.
Ainmníodh Róisín Ní Riain mar Phearsa Spóirt Óg Spórt na Bliana RTÉ ós rud é gur bhuaigh sí dhá bhonn Pharailimpeacha, an Bonn Airgid agus an Bonn Cré-Umha ag Cluichí Parailimpeacha na bliana seo i bPáras sa Snámh Droma S13 100m agus sa Mheascra Aonair SM13 200m, agus bhuaigh sí dhá Bhonn Óir ag Craobhchomórtas na hEorpa sa Snámh Droma 100m agus sa Snámh Brollaigh 100m.
Fógraíodh gurb é Willie Mullins Bainisteoir na Bliana Spórt RTÉ ós rud é gurb é anois an chéad traenálaí curaidh ar gach aon taobh de Mhuir Éireann ó bhí ré Vincent O’Brien ann in 1954. D’éirigh leis freisin an líon is mó Grád 1 riamh a bhaint amach in aon bhliain amháin in 2024, lena n-áirítear ocht gcinn ag Cheltenham agus bhuaigh sé tuilleadh ag an Aintree Grand National le “I Am Maximus”.
Is iad Katie-George Dunlevy agus Linda Kelly a thug leo Foireann na Bliana Spórt RTÉ ó tharla gur bhuaigh siad bonn óir agus bonn airgid sa Rothaíocht Bhóthair ag Cluichí Parailimpeacha 2024 i bPáras agus ós rud é gur Curaidh Dhomhanda faoi dhó iad.
Agus ar deireadh, rinneadh an tOilimpeach agus dornálaí gairmiúil, Michael Carruth, a ionduchtú i nDámhachtain na Laoch Spórt RTÉ. Chun clabhsúr a chur le hoíche iontach do phobal spóirt na tíre tugadh urraim don dornálaí Marcmheáchain, a bhuaigh bonn Óir ag Cluichí Oilimpeacha na bliana 1992 in Barcelona, as an méid a bhain sé amach le linn a ghairme.
Is éard a dúirt Declan McBennett, Grúpcheannasaí Spóirt, RTÉ faoi ghradaim na hoíche anocht: “Ba bhliain dhochreidte amach is amach a bhí inti agus léiríonn an méid a bhuaigh lúthchleasaithe iontacha na tíre agus an chaoi ar bhuaigh siad iad go bhfuil na caighdeáin ag ardú agus ag ardú. Tá an rath sin ag teacht chun cinn in an oiread sin disciplíní agus cód anois gur as an mbliain 2024 a éireoidh éachtaí níos mó fós sna blianta amach romhainn de réir mar a spreagtar glúin nua a leithéid de ghaiscí as cuimse a chonacthas ar fud chainéil RTÉ i mbliana a dhéanamh iad féin.”