Is í an meitéareolaí, Joanna Donnelly, an t-iomaitheoir cáiliúil deiridh a bheidh páirteach in Dancing with the Stars 2025
Tá galántacht agus galamaisíocht geallta agus is cinnte mbeidh damhsa den scoth é féin geallta nuair a thabharfaidh Joanna faoin urlár damhsa é
Is í an meitéareolaí, Joanna Donnelly, an t-iomaitheoir cáiliúil deiridh a bheidh ar Dancing with the Stars na bliana seo. Tosóidh an tsraith ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 5 Eanáir ag 6:30pm.
Tá 25 bliain caite ag Joanna ag obair ina meitéareolaí agus tá an lucht féachana coinnithe ar a suaimhneas aici fiú nuair a bhí an aimsir is stoirmiúla geallta.
Anois, tá sí réidh le triail a bhaint as rud éigin iomlán nua an aimsir seo – ar urlár an damhsa! Is éard a dúirt Joanna: “Táim réidh le cúpla steip a dhéanamh! Táim ag féachaint ar an gclár le blianta agus níl uaim anois ach foghlaim le damhsa. Bhí ceacht damhsa Ghaelaigh agam sa bhliain 1979 agus chaith mo mháthair an t-airgead a bhí curtha i leataobh aici feadh na bliana ar fheisteas damhsa ach ní dhearna mé ach Feis amháin agus ansin d’éirigh mé as. Níor lig sí dom dearmad a dhéanamh air sin! Tá an-tóir aici ar Dancing with the Stars agus, mar sin, níl aon dabht agam go dtabharfaidh sí tacaíocht dom.”
Tá croí Joanna istigh san aimsir, bíodh sí os comhair an scáileáin uaine nó ná bíodh. Scríobh sí an leabhar The Great Irish Weather Book chun glúin nua daoine a bhfuil an-suim acu san aimsir a spreagadh.
Is í Joanna an damhsóir cáiliúil deiridh atá le fógairt. Fógrófar na hiomaitheoirí cáiliúla agus na damhsóirí gairmiúla lena mbeidh siad ag damhsa Dé Luain an 16 Nollaig. Ar an Late Late Show oíche Dé hAoine, fógraíodh gurb iad an craoltóir agus láithreoir Ireland AM Elaine Crowley, an chef cáiliúil Kevin Dundon, an buaiteoir bonn óir ar an gcapall corr sna Cluichí Oilimpeacha Rhys McClenaghan, an t-aisteoir mná Yasmin Seky agus réalta meán sóisialta Kayleigh Trappe cúigear den aon duine dhéag a bheidh san iomaíocht agus súil acu trófaí na liathróide gealra a thabhairt leo.
Fógraíodh i dtús na seachtaine seo gurb iad an t-amhránaí Eoraifíse Mickey Joe Harte, Oilimpeach taecuando na hÉireann, Jack Woolley, an fuirseoir, Gearóid Farrelly, an t-aisteoir ó Mrs. Brown’s Boys Danny O’Carroll agus iar-Miss Universe Ireland, Aishah Akorede an chéad cúigear a bheidh san iomaíocht agus súil acu trófaí na liathróide gealra a thabhairt leo i dtús na bliana 2025.
Beidh neart ócáidí gáifeachta, galántachta, agus teannais sa tsraith nuair a fhillfidh an séasúr nua ar RTÉ One agus ar RTÉ Player an mhí seo chugainn. Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh Dancing with Stars i láthair arís i mbliana. Beidh an damhsóir gairmiúil a bhfuil Dancing with the Stars buaite faoi dhó aici, Karen Byrne, ar an bpainéal moltóireachta i mbliana i dteannta Loraine Barry, Brian Redmond agus Arthur Gourounlian.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Sathairn an 14 Nollaig 2024
Is féidir íomhánna ardghléine a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-MINXyWJE8n
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
#DWTSIrl