Tá snas curtha ar Thrófaí na Liathróide Gealra: agus na damhsóirí do Dancing with the Stars 2025 curtha ina mbeirteanna!
Tá an t-aon réalta déag agus na damhsóirí gairmiúla lena mbeidh siad ag damhsa sa chéad sraith eile de Dancing with the Stars, a fhillfidh ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 5 Eanáir ag 6.30pm, fógartha ag RTÉ inniu.
Cuirfear fáilte roimh cheathrar damhsóirí gairmiúla nua chuig Dancing with the Stars i mbliana. Is iad sin: Maciej Zieba, Rebecca Scott, Daniela Roze agus Alex Vladimirov.
Is iad seo a leanas na réaltaí agus té mbeidh siad ag damhsa leo ar Dancing with the Stars 2025 agus iad ag súil trófaí na liathróide gealra a thabhairt leo:
Joanna Donnelly agus Maciej Zieba
Tá súil ag an meitéareolaí, Joanna Donnelly, dul i bhfeidhm ar an lucht féachana i dteannta Maciej Zieba as an bPolainn, duine de na damhsóirí nua. Tá Maciej i mbun an damhsa Laidineach agus Bálseomra ó bhí sé cúig bliana d’aois agus is iarscoláire de chuid Robert Rowiński é, a chomrádaí ar Dancing with the Stars.
Rhys McClenaghan agus Laura Nolan
Beidh an tOilimpeach a bhfuil bonn óir buaite aige ar an gcapall corr, Rhys McClenaghan ag damhsa i gcomhar le Laura Nolan chumasach, atá le Dancing with the Stars ó 2020. Beidh Laura ar ais den chúigiú séasúr agus is cinnte go mbeidh sí dírithe ar an mbonn óir í féin agus í i bpáirt leis an gcuradh gleacaíochta Rhys.
Elaine Crowley agus Denys Samson
Tabharfaidh an craoltóir Elaine Crowley faoin urlár é leis an damhsóir gairmiúil as an Úcráin, Denys Samson, arb é seo a cheathrú séasúr. Beidh Denys ag súil cúpla cor a thabhairt ar a bhealach go dtí an babhta ceannais den tríú uair ar fad. Bhain sé an babhta ceannais amach i mbliana le láithreoir de chuid 2Fm Laura Fox agus roimhe sin leis an amhránaí Erica Cody in 2022.
Kevin Dundon agus Rebecca Scott
Tá an chef cáiliúil, Kevin Dundon, réidh le deatach a bhaint as a bhróga damhsa le cúnamh ó Rebecca Scott, damhsóir a bhfuil an-taithí aici agus arb é seo a céad uair ar Dancing with the Stars. Is iomaí craobh náisiúnta agus dhomhanda buaite ag Rebecca agus an domhan mór taistealta aici chun ionadaíocht a dhéanamh ar Shasana ag ardleibhéal. Bhí sí ina damhsóir compántais le déanaí ar chlár speisialta Blackpool de Strictly Come Dancing.
Yasmin Seky agus Simone Arena
Tá an t-aisteoir ón tsraith Kin, Yasmin Seky, réidh le dul i gcionn ar chách ar an urlár damhsa leis an damhsóir gairmiúil as an Iodáil Simone Arena, atá ar ais den dara séasúr. Bhí Simone ag damhsa leis an réalta ón tsraith RuPaul’s Drag Race UK, Blu Hydrangea, anuraidh agus d’éirigh leo an babhta ceannais a bhaint amach, mar sin déanfaidh sé a sheacht ndícheall i dteannta a pháirtí nua le súil go dtabharfaidh siad leo trófaí na liathróide gealra.
Kayleigh Trappe agus Ervinas Merfeldas
Beidh an bhean a bhfuil an-cháil uirthi ar TikTok, Kayleigh Trappe, ag damhsa leis an damhsóir gairmiúil as Éirinn, Ervinas Merfeldas. Is í seo an tríú bliain ag Ervinas ar an tsraith. Bhí Ervinas ag damhsa roimhe seo le Missy Keating, Stephanie Roche agus le déanaí leis an láithreoir teilifíse, Katja Mia in 2024.
Mickey Joe Harte agus Daniela Roze
Beidh an t-amhránaí Eoraifíse, Mickey Joe Harte, i bpáirt le duine de na damhsóirí gairmiúla nua, Daniela Roze. Tá an bheirt réidh le tabhairt faoin urlár damhsa. Is as Maigh Nuad Daniela, ar curadh uile-Éireann faoi chúig í sa damhsa Laidineach. Is minic ionadaíocht déanta aici ar Éirinn i gcomórtais idirnáisiúnta agus tá go leor craobhacha buaite aici.
Jack Woolley agus Alex Vladimirov
Tá Oilimpeach taecuando na hÉireann, Jack Woolley ag dul i bpáirt le damhsóir gairmiúil a bhfuil neart taithí aici, Alex Vladimirov as an Astráil. Glac Alex páirt i gcúig shéasúr ar Dancing with the Stars na hAstráile agus glacfaidh sí páirt i leagan na hÉireann den chéad uair in 2025. Rugadh Alex san Úcráin agus bhog sí féin agus a muintir go dtí an Ghearmáin áit ar thosaigh sí ag damhsa in Cologne nuair a bhí sí sé bliana d’aois. Rinne sí staidéar ar gach uile chineál damhsa ansin sular shocraigh sí leanúint den damhsa Bálseomra agus Laidineach go gairmiúil. I ndiaidh di bogadh go Melbourne nuair a bhí sí 14 bliana d’aois bhuaigh sí Craobh Deich nDamhsa na hAstrála agus is iomaí comórtas buaite aici san Áis agus san Eoraip.
Gearóid Farrelly agus Stephen Vincent
Beidh an fuirseoir Gearóid Farrelly ag damhsa leis an damhsóir gairmiúil cumasach as Sasana, Stephen Vincent. Tá cur amach ag Stephen ar bhabhta ceannais Dancing with the Stars agus beidh sé féin agus Gearóid meáite ar thrófaí na liathróide gealra a bhuachan. Bhain Stephen an babhta ceannais amach i dteannta an tsnámhaí Pharailimpigh Ellen Keane sa bhliain 2022 agus bhí sé ag damhsa le daoine cáiliúla sna séasúir roimhe sin freisin amhail Yewande Biala, an Dr Marie Cassidy agus dhamhsaigh sé le Rosanna Davison níos túisce i mbliana.
Aishah Akorede agus Robert Rowiński
Beidh an spéirbhean chorónta agus iar-Miss Universe Ireland, Aishah Akorede, ag damhsa leis an damhsóir gairmiúil as an bPolainn, Robert Rowiński, a bhfuil páirt glactha aige i gcúig shraith de Dancing with the Stars go dtí seo. Tá an babhta ceannais bainte amach ag Robert faoi dhó, leis an amhránaí ceoil tíre, Cliona Hagan in 2019 agus le réalta na hEoraifíse, Brooke Scullion in 2023.
Danny O’Carroll agus Salome Chachua
Beidh Danny O’Carroll ó Mrs. Brown’s Boys ag damhsa le banríon an damhsa í féin, Salome Chachua. Tá an babhta ceannais bainte amach ag Salome faoi dhó cheana, le hamhránaí Wild Youth, David Whelan in 2024 agus leis an imreoir rugbaí seachtar an taobh, Jordan Conroy in 2022.
Cé gur bhain cuid de na damhsóirí cáiliúla atá ar ais linn i mbliana an babhta ceannais amach sna blianta atá caite, níl trófaí liathróide gealraí Dancing with the Stars crochta ag ceachtar díobh fós, mar sin, beidh aon duine dhéag ag súil sin a dhéanamh den chéad uair in Éirinn!
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Domhnaigh an 15 Nollaig 2024
Is féidir íomhánna ardghléine a íoslódáil anseo: https://we.tl/t-Z1yy5gwXRW
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Barry McCall
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ. Is iad Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy a chuirfidh an tsraith i láthair.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
#DWTSIrl