Tá tús spleodrach curtha le 2025 ag Dancing with the Stars!
Cuireadh tús spleodrach le Dancing with the Stars anocht (an 5 Eanáir 2025) agus é ar ais ar ár scáileáin ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Tá sé ar ais leis an ochtú séasúr agus mura raibh gáifeacht, galántacht agus galamaisíocht ag baint le damhsa na hoíche anocht ní lá go maidin é.
Cuireadh tús an-spraíúil leis an séasúr nuair a thug an t-aon duine cáiliúil dhéag ar fad faoi dhreas damhsa ag tús an chláir leis an amhrán All I Wanna Do le Outasight, is iad sin: An gleacaí Rhys McClenaghann a bhfuil bonn óir buaite aige sna Cluichí Oilimpeacha, láithreoir Ireland AM Elaine Crowley, an chef cáiliúil Kevin Dundon, an t-aisteoir mná Yasmin Seky, an réalta meán sóisialta Kayleigh Trappe, an meitéareolaí Joanna Donnelly, an t-amhránaí Eoraifíse Mickey Joe Harte, Oilimpeach taecuando na hÉireann Jack Woolley, an fuirseoir Gearóid Farrelly, an t-aisteoir ó Mrs. Brown’s Boys Danny O’Carroll, iar-Miss Universe Ireland Aishah Akorede agus a gcuid páirtithe damhsa. Bhí na láithreoirí Jennifer Zamparelli agus Doireann Garrihy, agus na moltóirí Brian Redmond, Loraine Barry, Arthur Gourounlian agus an moltóir nua Karen Byrne, iad féin amuigh ag damhsa faoin liathróid ghealra.
Ba iad an t-aisteoir ó Mrs. Brown’s Boys, Danny O’Carroll, agus a pháirtí gairmiúil, Salome Chachua, an chéad bheirt a thug faoin damhsa anocht. Rinne siad an Foxtrot leis an amhrán Obviously le McFly.
Is éard a dúirt an moltóir nua, Karen Byrne: “A leithéid de thús leis an gclár! Bhí do staidiúir iontach amach is amach don chéad seachtain.”
Chuir Loraine Barry leis agus dúirt: “Sílim go bhfuil staidiúir mhaith dhamhsa agat. Bhí an-chuid gluaiseachta sa Foxtrot, atá ag teastáil uait. Bhain tú an-úsáid as do chosa – thaitneodh liom tuilleadh a fheiceáil. Tá cumas ionat!”
Is éard a dúirt Brian Redmond: “A Danny O’Carroll, Buster Brady. Ceapaim go bhfuil cúpla steip agat!”
22 phointe ar fad a bhronn na moltóirí ar Danny agus Salome.
Ina ndiaidh sin bhí Yasmin Seky agus a páirtí gairmiúil, Simone Arena, amuigh ar an urlár. Rinne an bheirt Samba sciobtha a thabharfadh ardú meanman duit leis an amhrán Oh Na Na le Camila Cabello, Myke Towers agus Tainy.
Is éard a dúirt Loraine: “Tá dhá ghné ag teastáil uait don Samba – rithim agus beocht. Bhí na corróga ag ticeáil! Ní mór duit na cosa a bheith níos gaire den talamh agus a bheith níos chumhachtaí.”
Is éard a dúirt Arthur: “Tá Yasmin tagtha! Tá tú muiníneach ach theastódh tuilleadh uait. Tá sé ionat, a stór.”
Is éard a dúirt Brian: “Beagáinín righin ach bhí brí agus rithim ann.”
Bhronn na moltóirí 25 phointe ar Yasmin agus Simone.
Bhí cur chuige an-phaiseanta agus an-drámatúil ag Gearóid Farrelly agus a pháirtí damhsa, Stephen Vincent, nuair a thug siad faoina dTangó leis an amhrán Training Season le Dua Lipa.
Is éard a dúirt Karen: “Bhí an bheirt agaibh ag teacht le chéile go maith. Tháinig cáithníní ar mo chraiceann. Bhí sé sin an-speisialta agus ba cheart daoibh a bheith an-bhródúil asaibh féin.”
Chuir Loraine leis agus dúirt: “Bhí sé sin iontaofa agus cliste. Feictear dom go raibh an bealach a bhabhtáil sibh rólanna seasta dochreidte. Is duine amháin a threoraíonn an duine eile de ghnáth.”
28 bpointe ar fad a bhronn na moltóirí ar Ghearóid agus Stephen.
Ina ndiaidh sin thug Oilimpeach taecuando na hÉireann, Jack Woolley, agus a pháirtí gairmiúil, arb é seo a chéad uair aici ar Dancing with the Stars, Alex Vladimirov, faoin urlár, rinne siad Válsa Víneach galánta ina raibh cora agus castaí a chuirfeadh meadhrán i do chloigeann leis an amhrán Die with a Smile le Lady Gaga agus Bruno Mars.
Is éard a dúirt Karen: “Feictear dom go bhfuil faoiseamh ort. Airím go bhféadfainn tosú ag caoineadh i ndiaidh é sin a fheiceáil. Ní fheiceann tú taibhiú dá leithéid sa gcéad seachtain. Tá mo chaint imithe uaim de bharr do chéad damhsa.”
Is éard a dúirt Arthur: “Cheap mé gur duine cúthaileach thú nuair a casadh orm tú den chéad uair, ach nach mé a bhí mícheart! Táim in éad leat – tá ceolmhaireacht den scoth agat! Tá an je ne said quoi sin ionat!”
30 pointe ar fad a bronnadh ar Jack agus Alex.
Bhain an láithreoir aimsire, Joanna Donnelly, agus a páirtí damhsa, Maciej Zieba, torann toirní as an urlár damhsa. Seo é an chéad uair ag Maciej ar an seó freisin. Rinne an bheirt Cha-cha-cha spleodrach leis an amhráin It’s Raining Men le The Weather Girls.
Is éard a bhí le rá ag Loraine: “Bíonn an-áthas orm fíorsteipeanna Cha-cha a fheiceáil i gcónaí. Agus is cinnte go bhfaca mé anocht iad. Bhí cuid den aicsean in easnamh sna steipeanna ach rinne tú do dhícheall.”
Is éard a dúirt Brian: “Tá dhá ghné ag teastáil don Cha-cha – fuinneamh agus dúthracht. Cuir tuileadh spleodair leis.”
Bhronn na moltóirí 15 phointe ar Joanna agus Maciej.
Ar an séú cúpla a thug faoi urlár an damhsa bhí an t-amhránaí Eoraifíse, Mickey Joe Harte, agus duine eile de na damhsoirí nua, Daniela Roze. Rinne siad Paso Doble cumhachtach leis an amhrán Teenage Kicks le The Undertones.
Is éard a dúirt Loraine: “Bhí an cheolmhaireacht agus an charachtracht ann. Bhí beagán an iomarca preabadh ann ach bhí sé sách láidir – tá do lorg fágtha agat orainn.”
Is éard a dúirt Arthur: “Ní mór duit a bheith ag teacht níos mó le Daniela. Coinnigh ort mar atá tú.”
Is éard a dúirt Brian: “Beagán de mhire Mickey Joe – níos lú díocais an chéad uair eile b’fhéidir. Tús maith leath na hoibre!”
19 bpointe ar fad a bronnadh ar Mickey Joe agus Daniela.
Bhí spleodar ag baint leis an Mearchéim sciobtha agus scaoilte a rinne iar-Miss Universe Ireland, Aishah Akorede, agus a páirtí gairmiúil, Robert Rowiński, leis an amhrán Stargazing le Myles Smith.
Is éard a dúirt Arthur: “Galántacht agus fuinneamh ag teacht le chéile! Bhí sibh ag gluaiseacht go réidh le cruinneas agus le luas. Tóg go réidh é, mar níl aon teorainn leis an méid a bhféadfá a bhaint amach.”
Is éard a dúirt Loraine: “Bhí sé go hálainn amach is amach. Do staidiúir, do sheasamh, do ghrástúlacht. Thaitin sé go mór liom.”
29 bpointe ar fad a bronnadh ar Aishah agus Robert.
Rinne an chef cáiliúil, Kevin Dundon, agus duine eile de na damhsóirí gairmiúla nua, Rebecca Scott, American Smooth galánta leis an amhrán Everybody Eats When They Come to My House le John Lithgow.
Is éard a dúirt Brian: “Ní raibh ann ach galamaisíocht dar liom. Bhí sé go deas, gleoite agus bhí spraoi ag baint leis ach theastódh tuilleadh a dhéanamh leis. Ná caill do mhisneach.”
Arthur: “Rachainn go dtí do theachsa lá ar bith má bhíonn do chócaireacht agus do dhamhsa chomh maith leis sin. Ní raibh sé foirfe, ach bhí na gluaiseachtaí agat, bhí an stíl agat agus is ag dul i bhfeabhas a bheidh tú as seo amach!”
17 bpointe ar fad a bronnadh ar Kevin agus Rebecca.
Rinne an réalta meán sóisialta, Kayleigh Trappe, agus a páirtí gairmiúil, Ervinas Merfeldas, Jeighbh sciobtha agus lán de spraoi leis an amhrán Yes le Merry Clayton.
Is éard a dúirt Karen: “Ní raibh sibh ach leath bealaigh tríd nuair bhuail fonn orm féin dul amach libh! Bhí sé ealaíonta tríd is tríd. Thaitin sé go mór liom.”
Is éard a bhí le rá ag Brian: “Bhí an taispeántas lán brí agus fuinnimh, caithfidh na cosa a bheith néata anois. Lán d’fhuinneamh. Má chuireann tú na cosa i gceart ní bheadh a fhios agat chomh fada agus a d’fhéadfá dul!”
Bhronn na moltóirí 28 bpointe ar Kayleigh agus Ervinas.
Rinne láithreoir Ireland AM, Elaine Crowley, agus a páirtí, Denys Samson, Válsa ar fud urlár an damhsa leis an amhrán Three Times a Lady le The Commodores.
Is éard a dúirt Loraine: “Ba mhór an spóirt a bheith ag breathnú air. Ní damhsa éasca ar chor ar bith é, ach bhí do staidiúir seasaimh an-mhaith.”
Is éard a dúirt Arthur: “Maorga agus galánta. Chuir tú gach atá sa bhálseomra faoi gheasa agus ní raibh mé ábalta mo shúile a bhaint díot. Ach an bhfuil a fhios agat, is fada liom gné eile díot a fheiceáil!”
23 phointe ar fad a bronnadh ar Elaine agus Denys.
Ar deireadh thiar, rinne an gleacaí Rhys McClenaghann, a bhfuil bonn óir buaite aige sna Cluichí Oilimpeacha agus a pháirtí gairmiúil, Laura Nolan, salsa a chuaigh glan in aghaidh dhlíthe na fisice leis an amhrán Head & Heart le Joel Corry agus MNEK.
Is éard a dúirt Arthur: “A Rhys, ní gach uile lá a bhíonn duine a bhfuil bonn óir acu ag déanamh salsa os mo chomhair amach. Bhí an-spraoi agat leis sin. Oh la la! Chuir sé gliondar ar mo chroí!”
Is éard a dúirt Brian: “Ba gheall le turas go dtí Funderland é – bhí gach uile ní ann. Bhí tú bunoscionn, casadh ar gach uile bhealach tú, bhí tú ag spineáil!”
Is éard a dúirt Karen: “Is cinnte go raibh súil agam go mbeadh tú go maith, ach a leithéid de bhealach le deireadh a chur le clár na hoíche anocht! Tá an damhsa go smior ionat.”
31 phointe ar fad a bronnadh ar Rhys agus Laura.
Leanfar den gháifeacht, den ghalántacht agus den chomórtas iontach seo ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player ag 6:30pm Dé Domhnaigh seo chugainn an 12 Eanáir.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Domhnaigh an 5 Eanáir 2025
Creidiúint ghrianghrafadóireachta: Kyran O’Brien
Seolfaidh Kyran O’Brien íomhánna díreach chuig deasca nuachta ar wetransfer – kobpix@gmail.com
Tuilleadh eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
MAIDIR LE DANCING WITH THE STARS 2025
Sa tsraith seo ar RTÉ One cuirfear gáifeacht agus galántacht ar fáil gach oíche Dé Domhnaigh ó mhí Eanáir ar aghaidh agus beidh 11 pearsa mór le rá i dteannta damhsóir gairmiúil chun dreas damhsa beo a dhéanamh gach seachtain. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra damhsa difriúil gach seachtain, idir dhamhsa Charleston agus damhsa hip hap, agus ní bheidh ach seacht lá acu chun barr feabhais a chur ar an dreas damhsa sula ndéanann siad an damhsa beo don náisiún.
Cuirfidh sainphainéal de cheathrar moltóirí agus an pobal sa bhaile a bheidh ag breathnú ar an gclár scór ar fáil do gach beirt cháiliúla agus gnóthóidh an bheirt bhuacach an corn liathróide gealra, a bhfuil an oiread tóir air, ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Is ábhar mór mórtais do Hyundai urraíocht a dhéanamh ar Dancing with the Stars.
Chun an nuacht is déanaí agus luaidreáin ón gcúlstáitse ar Dancing with the Stars a fháil, coinnigh súil ar na cainéil shóisialta:
Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
TikTok: @RTEOne
Facebook: @RTEOne
Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
#DWTSIrl