Beagnach a Dhá Oiread Tacaíochta tugtha ag RTÉ d’Imeachtaí Ealaíon agus Cúltúir in Éirinn ó 2014
RTÉ Ag tacú leis na hEALAÍONA
Beagnach a Dhá Oiread Tacaíochta tugtha ag RTÉ d’Imeachtaí Ealaíon agus Cúltúir in Éirinn ó 2014
Thacaigh RTÉ le 178 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud oileán na hÉireann in 2024. Is ionann sin agus ardú 82% le linn na ndeich mbliana ó seoladh an scéim arís in 2014, tráth ar thacaigh RTÉ le 98 imeacht. Faoin scéim iomráiteach seo – a bhuaigh Gradam Aitheantais Speisialta Business to Arts in 2018 – méadaíodh líon na n-imeachtaí a dtacaítear leo bliain ar bhliain freisin, ó 170 imeacht in 2023 go 178 imeacht in 2024.
Tá sé mar aidhm ag scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona freastal daoine ar imeachtaí ealaíon a chur chun cinn ar fud na tíre, agus tacaíonn sí leis an réimse iomlán seánraí ó dhamhsa go ceoldrámaíocht, na físealaíona go himeachtaí do leanaí, féilte liteartha, scannáin agus imeachtaí Gaeilge. In 2023, bhí méadú 30% bliain ar bhliain curtha ag RTÉ ar líon bliantúil na bhfeachtas a thacaíonn le saol saibhir bríomhar cultúir na hÉireann. Faoin scéim seo, déantar fógraíocht thiomnaithe ar na himeachtaí ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ, mar aon lena gcur chun cinn go forleathan ar fud chainéil shóisialta RTÉ. Trí na seirbhísí léirithe a bheith á gcur ar fáil ag RTÉ, chomh maith le ham craolta fógraíochta, is scéim thar a bheith tábhachtach í scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona d’earnálacha cruthaitheacha agus cultúir na hÉireann.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Ní hamháin go bhfuil lucht spéise tuillte ag na hoirfidí seo, tá lucht spéise ag teastáil uathu. Ní thiocfaidh borradh ná fás ar earnáil shaibhir bheomhar cultúir agus ealaíon na hÉireann mura mbeidh spéis ag daoine inti – go mbeidh daoine ag féachaint, ag léamh, ag éisteacht, rannpháirteach, agus níos tábhachtaí arís – ag freastal ar imeachtaí. Is é sin an fáth a bhfuil scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona chomh tábhachtach sin. Cuireann RTÉ luach breis is €1 mhilliún d’am craolta fógraíochta ar fáil do chúrsaí ealaíon gach bliain chun go mbeidh an lucht éisteachta agus féachana ar fud na hÉireann ar an eolas faoi imeachtaí ealaíon agus cultúir a bheidh ar siúl ina gceantair féin, i ngach seánra, agus atá oiriúnach do gach duine. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le coiste RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona agus leis na foirne atá ag obair i rannóga tráchtála agus fógraíochta RTÉ, as an tacaíocht dhiongbháilte a thugann siad don scéim, rud a chur ar a cumas fás go suntasach agus go comhleanúnach. Ach ba mhaith liom, thar aon ní eile, buíochas a ghabháil leis na hoirfidí, lucht eagrúcháin, na forais náisiúnta chultúir, na féilte, na heagraíochtaí ealaíon agus na comhlachtaí cultúir as a gcuid oibre a bhfuil muide thar a bheith mórtasach as bheith ag tabhairt níos mó agus níos mó tacaíochta dóibh.”
Beidh RTÉ ag tacú le 13 d’imeachtaí den scoth ealaíon agus cultúir ar fud na hÉireann faoin scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona i mí Eanáir, ina measc Féile Ealaíon agus Cultúir Mheabhairshláinte First Fortnight a bheidh ar siúl ar fud na tíre idir an 4 agus 18 Eanáir. Beidh imeachtaí ar fud na bhfoirmeacha ealaíne ar fáil lena n-áirítear imeachtaí filíochta, ceoil, ealaíne teicstíle agus amharclannaíochta.
Beidh roinnt imeachtaí ceoil ar siúl a mbeidh an lucht spéise ábalta sásamh a bhaint astu, Féile Lár an Gheimhridh Music for Galway ina measc ina ndéanfar 150 bliain ó rugadh Maurice Ravel, duine de chumadóirí is ceannródaíche agus is sofaisticiúla an fichiú haois, a cheiliúradh. I gCill Airne, cuirfidh FOLK iN FUSION an scoth de cheol na ndaoine, ar an tseanstíl, bluegrass, tíre agus eile ar ardán. Tabharfaidh roinnt de na ceoltóirí is mó le rá ar domhan a n-aghaidh ar oirthuaisceart na hÉireann le linn an Drogheda Classical Music Concert Series a bheidh ar siúl i gCo. Lú.
I mBaile Átha Cliath, cuirfear réimse de léirithe ceoil ar bun le linn Wigmore Series Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann, cuirfidh Glasshouse Ryuichi Sakamota ar ardán sa Cheoláras Náisiúnta, ag Brigit 2025: Dublin City Celebrating Women, reáchtálfar réimse imeachtaí ar fud na cathrach, agus déanfar ceiliúradh mór le linn TradFest, féile is mó na hÉireann don cheol traidisiúnta agus tíre atá ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód, ar cheol agus ar chultúr na hÉireann.
Beidh neart ar siúl sna hamharclanna freisin don lucht spéise; ina measc The Dead le James Joyce atá fós ar siúl i Músaem Litríochta na hÉireann, agus beidh The Giggler Treatment, ceoldráma iontach ábhailleach nua atá bunaithe ar úrscéal Roddy Doyle, ar stáitse san Ark a mbainfidh na leanaí agus na daoine fásta araon sásamh as. Beidh The Borrowers ar siúl in Amharclann an Gheata. Tá an scéal bunaithe ar úrscéalta eachtraíochta Mary Norton a bhfuil an-tóir orthu ina leantar cinniúint theaglach beag bídeach Clock.
Imeachtaí a bheidh ag fáil tacaíochta faoi Scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona i mí Eanáir:
Baile Átha Cliath 120 bliain d’Amharclann na Mainistreach | www.abbeytheatre.ie
Ar fud na tíre Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta Éireann | www.irishnationalopera.ie
Baile Átha Cliath The Dead @ Músaem Litríochta na hÉireann | www.anuproductions.ie
Baile Átha Cliath Wigmore Series Baile Átha Cliath | www.riam.ie/whats-on
Baile Átha Cliath The Giggler Treatment | www.ark.ie/events/view/the-giggler-treatment-2024
Ar fud na Tíre Féile Ealaíon agus Chultúir Mheabhairshláinte First Fortnight 2025 | www.firstfortnight.ie
Baile Átha Cliath TradFest 2025 | www.tradfest.com
Baile Átha Cliath The Borrowers | www.gatetheatre.ie/production/the-borrowers
Ciarraí FOLK iN FUSION | www.inec.ie/gigs/folk-in-fusion-yras-live
Lú Sraith Cheoil Chlasaicigh Dhroichead Átha 24/25 | www.droghedaclassicalmusic.com
Baile Átha Cliath Glasshouse i mbun Ryuichi Sakamoto | www.nch.ie/all-events-listing/glasshouse-perform-ryuichi-sakamoto#booking-options
Gaillimh Féile Lár an Gheimhridh Music for Galway RAVEL | www.musicforgalway.ie/midwinter-festival-ravel
Baile Átha Cliath Brigit 2025: Dublin City Celebrating Women | www.dublin.ie/brigit
Déanann RTÉ fónamh gach bliain do 170 imeacht ealaíon agus cultúir ar fud na hÉireann faoin scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona. Le tacaíocht á tabhairt d’imeachtaí scannánaíochta, ceoil, damhsa, ceoldrámaíochta, féilte, litríochta, amharclannaíochta, taispeántais agus eile, cothaítear earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta in Éirinn faoin scéim RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona le fógraíocht ar sheirbhísí teilifíse, raidió agus digiteacha RTÉ agus le bearta forleitheadacha taca ar chainéil shóisialta RTÉ.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi RTÉ Ag Tacú leis na hEalaíona agus iarratas a dhéanamh ar an scéim ach féachaint ar About RTÉ Supporting the Arts – About RTÉ (rte.ie)
Faigh amach faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl i do cheantarsa ar www.rte.ie/culture
CRÍOCH
Eolas: Neil O’Gorman | neil.ogorman@rte.ie