Tá sé fógartha inniu gurb í Bobbi Arlo an chéad duine atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifís 2025. Tá Bobbi Arlo ar dhuine de sheisear a bhfuil súil acu ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa gcomórtas, a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo. Powerplay atá ar amhrán Bobbi Arlo.
Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ón 3pm inniu chun a céad agallamh agus a hiontráil Eurosong, Powerplay a chloisteáil. Fógrófar an cúigear eile a bheidh san iomaíocht gach tráthnóna ar sheó Ray an tseachtain seo agus beidh deis ag an lucht éisteachta na hamhráin a chloisteáil den chéad uair agus aithne a chur ar na hiomaitheoirí.
An 7 Feabhra rachaidh an seisear deiridh sa gcomórtas Eurosong san iomaíocht ar The Late Late Eurosong Special lena roghnú cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.
Beathaisnéis: Is fuaim bhríomhar agus dhiamhair atá ag Bobbi Arlo, á spreagadh ag amhránaithe ar nós Shygirl agus Sega Bodega, le meascán de cheol club agus liricí pearsanta, tochtmhara. Tá an-aird ag lucht ceoil in Éirinn uirthi, in achar gearr, agus tá ardáin sruthchraolta ag casadh a cuid ceoil chomh maith le háit a bheith aici ar sheinnliosta pearsanta an amhránaí mór le rá Niall Horan. Cumann sí amhráin ar leith, amhráin phaiseanta agus ainmníodh a traic ‘Feel It’ le haghaidh ghradam Amhrán na Bliana ag Gradaim Choice Music RTÉ
Chomh maith leis sin tá seónna díolta amach ag Bobbi i mBaile Átha Cliath, bíonn a cuid amhrán le cloisteáil go minic ar an raidió, agus thug faoin stáitse ag féilte móra – Primavera na Spáinne ina measc. I 2024, mhéadaigh a cáil nuair a bhuaigh sí gradam Gay Times & Coca-Cola Artist of the Year. Tá cuirí go leor chun stáitse faighte aici mar gheall ar an ngradam sin- ar fud Shasana agus na hÉireann, ag daingniú a háite ar cheann de na hamhránaithe is fearr atá ag teacht chun cinn.
CRÍOCH