Tá sé fógartha inniu gurb í Reylta an dara duine atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025. Is í an dara duine de sheisear iomaitheoirí í Reylta a bhfuil súil aici ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa gcomórtas, a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo. ‘Fire’ an t-ainm atá ar amhrán Reylta.
Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ón 3pm inniu nuair a bheidh Reylta sa stiúideo ag caint le Ray faoina hamhrán ‘Fire’, a hiontráil sa chomórtas Eurosong a chasfar den chéad uair ar an raidió. Fógrófar an ceathrar hiomaitheoirí eile ar chlár Ray le linn na seachtaine, ag tabhairt deis don lucht éisteachta aithne a chur ar na hiomaitheoirí ar fad atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025.
An 7 Feabhra a rachaidh an seisear deiridh sa gcomórtas Eurosong san iomaíocht ar The Late Late lena roghnú cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.
Beathaisnéis: Amhránaí agus scríbhneoir mealltach í Reylta as ceantar tuaithe in Éirinn. Fonn searbhmhilis a bhíonn lena cuid amhrán agus iad ar stíl mhalartach. Bunaithe go láidir i dtraidisiún agus in oidhreacht na hÉireann – oidhreacht na filíochta de thírdhreacha cumhachtacha agus
scéalaíocht shaibhir —tá léargas ar leith ach uaigneach le fáil ina saothar. Cruthaíonn liricí fileata Reylta, fuaim mhacnasach na sreanga, agus na harmóiní dúisitheacha, fuaimdhreach atá an-phearsanta agus iontach.
Tá Reylta ag ceol lena banna ceoil ó 2017, agus d’eisigh sí a céad singil ‘Fools Games’ i 2019. Seoladh a céad albam, a rabhthas ag súil go mór leis, ‘Everything Unsaved Will Be Lost’, an Deireadh Fómhair seo caite, agus “Galway’s Alt Folk Queen” a tugadh uirthi san Irish Independent.
Labhair Bobbi Arlo ar a hiontráil sa gcomórtas Eurosong inniu ar The Ray Darcy Show. Is féidir éisteacht siar leis anseo:
CRÍOCH