Tá sé fógartha inniu gurb iad Samantha Mumba agus EMMY an chéad bheirt eile atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025
Tá sé fógartha inniu gurb iad Samantha Mumba agus EMMY an chéad bheirt eile atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gcomórtas Eoraifíse 2025.
Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ar RTÉ Radio 1 inniu chun a n-amhráin a chloisteáil den chéad uair.
Dúradh inniu gurb í an t-amhránaí is scríbhneoir Éireannach Samantha Mumba agus an t-amhránaí EMMY as an Ioruach an chéad bheirt eile a bhfuil súil acu ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025.
Is iad Samantha Mumba agus EMMY an ceathrú agus an cúigiú iomaitheoir as seisear iomaitheoirí a bheidh san iomaíocht chun dul tríd go dtí an comórtas amhránaíochta a bheidh ar siúl in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo.
Tá Samantha Mumba ag súil go n-oibreoidh rudaí amach di lena hamhrán ‘My Way’ agus tá EMMY ag súil go n-éireoidh lena hamhrán féin ‘Laika Party’ i gcomórtas Eurosong.
Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show inniu chun a gcéad agallamh agus a n-amhráin, ‘My Way’ agus ‘Laika Party’, a chloisteáil den chéad uair.
Gheofar amach amárach cé hí/hé an t-iomaitheoir deireanach ar chlár Ray, ansin ar an 7 Feabhra agus rachaidh an seisear acu san iomaíocht ar The Late Late Eurosong Special agus socrófar cé a bheidh ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn sa 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse.
Beathaisnéis: Is amhránaí is scríbhneoir, damhsóir agus aisteoir mór le rá as Éirinn í Samantha Mumba a bhain cáil idirnáisiúnta amach agus gan í ach 17 mbliana lena céad amhrán, ‘Gotta Tell You’. Bhí an t-amhrán i measc na gcúig amhrán is mó tóir i gcairteacha na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe, ag d’éirigh leis uimhir a 4 a bhaint amach ar an Billboard Hot 100. Ní raibh sé i bhfad
gur feiniméan domhanda a bhí san amhrán seo. Díoladh 4 mhilliún cóip dá céad albam ar fud na cruinne, rud a thug bunús láidir di i saol an cheoil.
D’fhéach Mumba cur lena scileanna ina dhiaidh sin agus thug aghaidh ar an aisteoireacht, gan stró, agus fuair sí ardmholadh as a cuid aisteoireachta i scannáin éagsúla. Bhí príomhpháirt aici in éineacht le Guy Pearce sa scannán sci-fi The Time Machine, sa scannán grinn rómánsúil Spin The Bottle, an scéinséir uafáis Shifter agus i Johnny Was in éineacht le Eriq La Salle.
Tá Samantha fós ag cur lucht féachana faoi dhraíocht sa lá atá inniu ann lena carachtar Paula Kenny sa tsraith BBC/Acorn TV, Harry Wild, agus í ag aisteoireacht le taobh Jane Seymour agus Rohan Nedd. Ní stopann a cuid cumais ansin, déanann sí glór an charachtair Jules i sraith inchloiste Queen Latifah, Technically Speaking.
Is duine mór le rá í Samantha Mumba a bhfuil a lorg fágtha aici ar thionscal na siamsaíochta chomh maith lena lucht féachana ar fud na cruinne, lena saothar ilchumasach, ealaíonta agus an tóir leanúnach atá uirthi.
Beathaisnéis: Amhránaí is scríbhneoir as an Iorua í EMMY atá 24 bliana. Tógadh í i dteaghlach a bhfuil an-tóir acu ar an gceol agus tá sí ag casadh amhrán i gcaitheamh a saoil. Thosaigh sí ag cumadh a cuid amhrán féin agus ag cumadh amhrán lena deartháir, ar amhránaí is scríbhneoir é féin chomh maith, nuair a bhí sí seacht mbliana.
Cuireadh tús lena gairm i 2015 nuair a ghlac sí páirt i gcomórtas mór le rá do ghasúir ina tír féin, Melodi Grand Prix Junior, nuair a bhí sí 15 bliana. Sé bliana ina dhiaidh sin, i 2021, ghlac sí páirt i Melodi Grand Prix, an comórtas a bhíonn ar siúl san Iorua chun an t-amhrán do Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse a roghnú. Ba é an t-amhrán ‘Witch Woods’ a chas sí.
Inniu tá níos aithne níos fearr uirthi mar go mbíonn sí ag casadh amhrán ar TikTok, agus tá lucht leanúna 1.2 milliún aici ar fud an domhain. Tá sí ag obair le léiritheoirí mór le rá ar nós K-391 agus Braaheim freisin.
Chaith sí am i Los Angeles, i Laitvia agus sa Fhrainc i 2024, ag seisiúin cumtha amhrán. Chomh maith leis sin is dearthóir grafaicí saoririseora í EMMY.
CRÍOCH