Is é NIYL an t-iomaitheoir deireanach atá ag dul ar aghaidh go dtí comórtas Eurosong 2025 ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag Eoraifís 2025
Beidh an chéad bhlaiseadh dá amhrán agus agallamh leis ar chlár Ray D’Arcy inniu ar RTÉ Radio 1
Fógraíodh inniu gurb é an t-amhránaí NIYL ó Luimneach, an t-iomaitheoir deireanach atá ag féachaint le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025, in Basel na hEilvéise i mí Bealtaine na bliana seo. ‘Growth’ an t-ainm atá ar amhrán NIYL.
Bí ag faire ar The Ray D’Arcy Show ón 3pm inniu nuair a bheidh NIYL sa stiúideo ag caint le Ray faoin amhrán atá sé ag dul a chasadh sa chomórtas Eurosong agus beidh a amhrán ‘Growth’ le cloisteáil den chéad uair ar an raidió.
Is iad Bobbi Arlo, Reylta, Adgy, Samantha Mumba, EMMY agus NIYL atá socraithe le dul san iomaíocht (tá eolas beathaisnéise orthu ar fad le fáil thíos), ag súil acu deis a fháil chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn, ar an stáitse mór ,agus an bua a fháil ag comórtas Eoraifíse 2025.
Beidh na hiomaitheoirí ar an Late Late Eurosong Special Dé hAoine an 7 Feabhra ag 9:35pm ar RTÉ One, agus beidh siad iarraidh vótaí na moltóirí náisiúnta, idirnáisiúnta agus an phobail a mhealladh. Casfaidh gach iomaitheoir acu, ar roghnaíodh iad as na céadta iarratais a fuair RTÉ ar an gcomórtas tar éis gairm ar iarratais a dhéanamh anuraidh, a n-amhrán féin.
Beidh an 69ú Comórtas Amhránaíochta Eoraifíse 2025 ar siúl i St. Jakobshalle, in Basel na hEilvéise, tar éis do Nemo an bua a fháil ar son na hEilvéise i 2024. Beidh dhá bhabhta leathcheannais ar siúl Dé Máirt agus Déardaoin an 13 agus 15 Bealtaine agus beidh an Babhta Ceannais den Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse ar siúl Dé Sathairn an 17 Bealtaine.
**Gan Lánchosc: Inniu ar The Ray D’Arcy Show, labhair EMMY ar a hiontráil sa chomórtas Eurosong. Is féidir éisteacht siar leis anseo:
Níos deanaí inniu labhair Samantha Mumba le Ray, is féidir éisteacht siar lena hagallamh anseo:
-CRÍOCH-