- Tá achoimre staitistiúil ón gClár Gníomhaíochtaí Seachtracha don tríú ráithe de 2024 á foilsiú ag RTÉ inniu.
Cuireadh tús le Clár Gníomhaíochtaí Seachtracha RTÉ (‘an Clár’) an 01 Feabhra 2024 agus cuimsíonn an foilseachán do R3 na míonna Iúil, Lúnasa agus Meán Fómhair 2024.
Achoimre staitistiúil:
Líon iomlán na ngníomhaíochtaí faofa: 177
Miondealú ar na gníomhaíochtaí laistigh de gach banda íocaíochta:
51%: Gan Íocaíocht/gan sochar
27%: €1 – €1,000
20%: €1,001 – €5,000
1-2%: €5,001 – €10,000
<1%: Os cionn €10,000
Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst: “Is ionann inniu agus foilsiú sonraí achoimre ó Chlár Q3 de Ghníomhaíochtaí Seachtracha ar fud na 5 rannán eagarthóireachta in RTÉ atá clúdaithe ag an gclár.
Tá na tuairisceáin tríú ráithe ag teacht le tuairisceáin R1 agus R2 nuair nach raibh aon íocaíocht ná sochar i gceist le thart ar leath de na gníomhaíochtaí seachtracha ceadaithe go léir. Is imeachtaí iad seo ina dtugann daoine a bhíonn ag obair le RTÉ a gcuid ama gan bhac ar chúiseanna carthanachta, spóirt, pobail, acadúla agus sóisialta.
Tá sé sin ag teacht le mo thiomantas chun a chinntiú go gcuireann RTÉ trédhearcacht níos fearr ar fáil maidir le gníomhaíochtaí seachtracha. Bhí sé i gceist níos mó sonraí a fhoilsiú ach, mar a léirigh RTÉ leis an bhfoilseachán R1, bhí an Coimisiún um Chosaint Sonraí go láidir den tuairim go bhfuil dualgas ar údarás reachtach ar leith an leibhéal mionsonraí a bhí beartaithe ar dtús a fhoilsiú.”
CRÍOCH