NA FIGIÚIRÍ JNLR IS DEIREANAÍ FAOI LUCHT ÉISTEACHTA RTÉ FOILSITHE
- Is iad seirbhísí raidió RTÉ is mó a mbíonn cluas leo ag Iomlán na nDaoine Fásta in Éirinn le sciar 29.6% den lucht éisteachta agus tá borradh tréan chomh maith faoi líon na n-éisteoirí i measc dreamanna níos óige.
- Aird ar sheirbhísí raidió RTÉ ag líon is mó ná 2 mhilliún Duine Fásta 15+ gach seachtain
- Forás tréan ar an sciar den lucht éisteachta 15-34 ar fud RTÉ Radio 1, 2fm, lyric fm agus RnaG
- RTÉ Radio 1 an t-aon stáisiún amháin i gcónaí a tharraingíonn aird níos mó ná 1 mhilliún/ 32.2% (1,387,000, + 24,000 le himeacht bliana)
- RTÉ 2FM an stáisiún raidió is mó a tharraingíonn lucht éisteachta na ndaoine 15-34 bliana d’aois sa tír seo
Is léir ó na figiúirí éisteachta is deireanaí de chuid JNLR go dtarraingíonn seirbhísí raidió RTÉ aird níos mó ná 2 mhilliún duine fásta agus gur ar RTÉ a bhíonn 18 den 20 clár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn.
Ag trácht di ar na figiúirí is deireanaí, deir Patricia Monahan, Stiúrthóir Seirbhísí Fuaime, RTÉ: “Is iontach an toradh seo ag RTÉ, an grúpa raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn, agus is maith a léirítear an aird a bhíonn ag éisteoirí in Éirinn ar ár gcuid seirbhísí agus an tábhacht a bhraitheann siad leo.
Tarraingíonn RTÉ Radio 1 anois aird 1.3 milliún éisteoir gach seachtain, 24,000 duine níos mó ná mar a bhíodh bliain ó shin. Bíonn aird gach seachtain ar RTÉ 2FM ag 769,000, ardú 29,000 éisteoir le bliain anuas. Tarraingíonn RTÉ lyric fm aird 323,000 éisteoir gach seachtain.
Is mór an phribhléid dúinn go roghnaíonn oiread daoine éisteacht le stáisiúin RTÉ agus is ábhar ríméid dúinn ach go háirithe ardú ar líon na n-éisteoirí 15-34 bliana d’aois leis na seirbhísí éagsúla. Tá RTÉ Radio 1 i gcónaí ar an stáisiún raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn le hardú ar an lucht éisteachta gach tráth den lá agus den deireadh seachtaine, tá 2fm anois ar an stáisiún is mó éisteoirí i measc an lucht éisteachta 15-34 bliana d’aois agus leanfar d’ábhar spéisiúil siamsúil a chur ar fáil don lucht éisteachta sin agus sceideal nua 2FM á thabhairt ar an aer againn i rith na seachtainí seo chugainn. Is léir, maidir le lyric fm, go dtaitníonn an meascán idir glórtha nua agus láithreoirí seanbhunaithe lyric fm leis an lucht éisteacht a bhfuil méadú ag teacht air i gcónaí.”
RTÉ Radio 1
Bíonn aird gach seachtain ag 1,387,000 éisteoir ar RTÉ Radio 1 (+24,000 le himeacht bliana)
- Morning Ireland i gcónaí an clár raidió is mó lucht éisteachta in Éirinn le 466,000 éisteoir an tréimhse seo (+1,000 le himeacht tréimhse).
- Bíonn 349,000 éisteoir gach lá (+11,000 le himeacht tréimhse) ag Oliver Callan a bhíonn ar an aer 9-10 r.n. Luan go hAoine.
- Éisteann 349,000 le Today with Claire Byrne idir 10 r.n. agus meán lae ó Luan go hAoine (+7,000 le himeacht tréimhse).
- Bíonn 228,000 (+5,000 le himeacht tréimhse/ +14,000 le himeacht bliana) ag éisteacht le The Louise Duffy Show go gcloiseann siad ceol iontach.
- Bíonn 307,000 éisteoir (+5,000 le himeacht tréimhse) ag News at One.
- Tá lucht éisteachta 314,000 (+7,000 le himeacht tréimhse/ +11,000 le himeacht bliana) ag Liveline with Joe Duffy.
- Tá 194,000 éisteoir (+6,000 le himeacht tréimhse/ +8,000 le himeacht bliana) ag The Ray D’Arcy Show gach tráthnóna ó Luan go hAoine ar RTÉ Radio 1.
- Bíonn 226,000 (+5,000 le himeacht tréimhse/ +5,000 le himeacht bliana) ag éisteacht le Drivetime gach tráthnóna.
- Tharla an t-ardú is mó ar an lucht éisteachta, seachas aon chlár eile de chuid Raidió RTÉ, maidir le clár Brendan O’Connor ar an Satharn le 358,000 éisteoir (+16,000 le himeacht tréimhse/ +16,000 le himeacht bliana) agus 366,000 éisteoir ar an Domhnach (+27,000 le himeacht tréimhse/ +23,000 le himeacht bliana).
- Bíonn 319,000 éisteoir (+1,000 le himeacht tréimhse) ag Playback ar an Satharn.
- Bíonn 328,000 éisteoir (+15,000 le himeacht tréimhse) ag The Business gach maidin Sathairn.
- Bíonn 219,000 éisteoir ag Saturday with Colm Ó Mongáin.
- Tá 221,000 éisteoir ag Saturday Sport/Doc On One ón 2-6 i.n. ar RTÉ Radio 1. (+,17000 le himeacht bliana) agus bíonn 202,000 éisteoir ag Sunday Sport).
- Bíonn 271,000 ag éisteacht le Sunday Miscellany.
- Bíonn 304,000 (+4,000 le himeacht tréimhse/ +12,000 le himeacht bliana) ag éisteacht le Sunday with Miriam.
- Bíonn lucht éisteachta 197,000 duine ag This Week ar an Domhnach (+9,000 le himeacht tréimhse)
- Bíonn 48,000 ag éisteacht le Arena gach lá ó Luan go hAoine.
- Bíonn 61,000 de lucht éisteachta gach oíche ó Luan go hAoine ag The John Creedon Show (+2,000 le himeacht tréimhse).
Deir Peter Woods, Ceannasaí RTÉ Radio 1: “Tréimhse ar leith é seo ag RTÉ Radio 1. Tá deireadh le haon lagtrá a bhí i gceist le cláir go luath tráthnóna agus ardú arís ar an lucht éisteachta acu. Tá na cláracha ceoil ag cruthú go hiontach, mar atá cláracha an deireadh seachtaine: Muinín an lucht éisteachta atá i gceist leis seo agus freastal orthu go seasta leanúnach.”
RTÉ 2FM
Ábhar mórtais do RTÉ 2FM, a bhfuil de cháil air mar stáisiún gur air a aimsítear agus a chothaítear daoine de na craoltóirí is mó le rá in Éirinn, a bheith ar an stáisiún raidió is mó a tharraingíonn lucht éisteachta na ndaoine 15-34 bliana d’aois sa tír seo. Beidh sceideal nua i rith an lae ó Luan go hAoine agus sceideal nua an deireadh seachtaine á dtabhairt i bhfeidhm roimh dheireadh na míosa seo agus tá 2FM ag tnúth le fuinneamh úr, éagsúlacht glórtha agus ábhar siamsúil a chur ar fáil don lucht éisteachta agus leanúint de ghnás seanbhunaithe an stáisiúin nósanna nua na craoltóireachta a chothú.
RTÉ 2FM an stáisiún raidió is mó a tharraingíonn lucht éisteachta na ndaoine 15-34 bliana d’aois sa tír seo. Tá ardú tagtha le himeacht bliana ar sciar 2fm den lucht éisteachta 15-34 bliana d’aois – 12.1% i gcomórtas le 11.7% bliain ó shin.
- Músclaítear an tír le 2FM Breakfast a mbíonn 152,000 duine ag éisteacht leis gach maidin ó Luan go hAoine (+10,000 le himeacht tréimhse)
- Láithreoir tarraingteach fuinniúil í Laura Fox ar 2FM a mbíonn 131,000 duine ag éisteacht lena clár ón 9 r.n. go dtí meán lae.
- Tá tóir i gcónaí ar Tracy Clifford a mbíonn 117,000 éisteoir ag baint taitneamh as an gcuid is fearr de cheol na hÉireann ar a clár, an seó lena mbaineann freisin RTÉ2FM Rising (+4,000 le himeacht bliana).
- Ar an mbealach abhaile dóibh, leanann 2FM Drive d’ábhar siamsa a chur ar fáil don lucht éisteachta 145,000 duine ar fud na tíre ag filleadh ón obair dóibh tráthnóna.
- Bíonn 50,000 (+18,000 le himeacht bliana) ag éisteacht le Game On gach oíche ó Luan go hAoine.
- Bíonn 155,000 ag éisteacht le Weekend on 2FM with Bláthnaid Treacy ar an Satharn (+34,000 le himeacht bliana), agus 141,000 ar an Domhnach (+25,000 le himeacht bliana).
- Bíonn 122,000 ag éisteacht le Aindriú & Taran/ Roz and Emma on 2FM ar an Satharn agus 111,000 ar an Domhnach (+2,000 le himeacht tréimhse/ +6,000 le himeacht bliana)
Deir Dan Healy, Ceannasaí RTÉ 2FM: “Tá daingnithe arís eile ag 2FM leis an lucht éisteachta le trí mhí anuas agus táthar ag cruthú go maith gach tráth den lá. Baineann sárfhigiúirí freisin leis an deireadh seachtaine, go háirithe maidir le Bláthnaid Treacy a bhfuil a lorg féin á fhágáil aici ar mhaidin an tSathairn agus ar mhaidin an Domhnaigh.
Shaothraigh an mheitheal ar fad, ar an aer agus ar chúl téarmaí, go dúthrachtach leis an gceol agus ábhar eile is fearr in Éirinn a chur ar fáil do na héisteoirí agus, dá thoradh sin, tá 2FM anois ar an stáisiún raidió is mó lucht éisteachta ag daoine 15-34 bliana d’aois.
Is tréan an borradh sin anois mar bhonn faoin sceideal nua atá á thabhairt isteach againn. Beidh Carl Mullan, Aisling Bonnar agus Roz Purcell ag am bricfeasta, Laura Fox i rith na maidine, Tracy Clifford i lár an tráthnóna agus Doireann Garrihy tráth na tiomána abhaile, ionas go mbeidh sceideal 2FM ó Luan go hAoine lán le láithreoirí sármhaithe raidió.
Maidir le láithreoirí raidió, is iad Helen Galgey, Benny Bracken, Demi Isaac agus Mikey O’Reilly na láithreoirí nua a tháinig ó thionscnamh meán cumarsáide seirbhíse poiblí 2FM d’fhonn an chéad ghlúin eile de chraoltóirí sármhaithe a aimsiú. D’fhoghlaim gach duine den cheathrar an cheird ar an raidió áitiúil i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i stáisiúin réigiúnacha agus tá an t-am tagtha anois acu dul céim eile chun tosaigh lena saol oibre ar an raidió.
Idir an dá linn, táthar ag tnúth go mór le Duais Ceoil RTÉ Choice i dtús an Mhárta agus déantar gairdeas le Cian DuCrot as gradam Grammy a fháil i rith na seachtaine. Cian a bhuaigh gradam Amhrán na Bliana RTÉ Choice anuraidh mar gheall ar an amhrán Heaven. Mar fhocal scoir, agus an focal is tábhachtaí, is mian linn buíochas a ghlacadh leis na héisteoirí as éisteacht go dílis linn.”
RTÉ lyric fm
Tarraingíonn RTÉ lyric fm aird 323,000 éisteoir gach seachtain (+1,000 le himeacht bliana).
- Seo iad na figiúirí JNLR is airde go fóill ag Marty in the Morning le 71,000 éisteoir (+3,000 le himeacht tréimhse/15,000 le himeacht bliana) gach maidin ó Luan go hAoine.
- Bíonn 53,000 ag éisteacht gach tráthnóna Sathairn le Aedín Gormley’s Movies and Musicals.
- Bíonn 63,000 (+1,000 le himeacht tréimhse/ +21,000 le himeacht bliana) ag éisteacht le Sunday Afternoon with Simon Delaney.
- Bíonn 45,000 duine ag éisteacht le Niall Carroll’s Classical Drivetime ó Luan go hAoine.
- Bíonn 46,000 ag éisteacht le Liz Nolan’s The Full Score/Aedín in the Afternoon (ar an Aoine).
- Bíonn 54,000 éisteoir gach tráthnóna ó Luan go hAoine ag Lorcan Murray’s Classic Drive (+4,000 le himeacht tréimhse).
- Bíonn 30,000 éisteoir (+11,000 le himeacht bliana) ag The Mystery Train with John Kelly (Luan-Déardaoin)/ RTÉ lyric Live (ar an Aoine).
- Bíonn 40,000 éisteoir (+4,000 le himeacht bliana) ag Evonne Ferguson ar Daybreak gach maidin Sathairn.
- Bíonn 44,000 de lucht éisteachta ag Claudia Boyle’s Weekend Classics ar an Satharn agus 40,000 ar an Domhnach (+11,000 le himeacht bliana)
- Bíonn 47,000 ag éisteacht le The Hamilton Scores with George Hamilton ar an Satharn agus 51,000 (+10,000 le himeacht bliana) ar an Domhnach.
Deir Sinéad Wylde, Ceannasaí RTÉ lyric fm: “Leanann an dea-thoradh ar maidin le Marty in the Morning agus 15,000 éisteoir breise ag éisteacht leis an gclár le bliain anuas ainneoin gur tráth craolta sin lena mbaineann iomaíocht ghéar. Is lóchrann é Marty Whelan agus tús geal éadrom á chur leis an lá aige lena mhéin bhreá féin agus an meascán speisialta de cheol, de spraoi agus de chaint.
Tá cruthaithe go sármhaith freisin ag glórtha nua atá le RTÉ lyric le bliain anuas, ag cur le sceideal an deireadh seachtaine, agus tarraingíonn Claudia Boyle’s Weekend Classics agus Simon Delaney’s Sunday Afternoon 11,000 agus 21,000 éisteoir breise faoi seach anois.
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
Agus an tacar sonraí reatha agus na tréimhsí inchomparáide ábhartha á bhfoinsiú, ba cheart an fhoclaíocht seo a leanas a úsáid:
Leabhar-ar-Leabhar (LaL) = Foinse: JNLR / Ipsos MRBI 2024-4 vs. 2024-3.
Bliain ar bhliain (BaB) = Foinse: JNLR / Ipsos MRBI 2024-4 vs. 2023-4.