AN CHLIAR DON tSRAITH DHRÁMAÍOCHTA GHRINN, THE WALSH SISTERS, ATÁ BUNAITHE AR ÚRSCÉALTA MARIAN KEYES, FÓGARTHA AG RTÉ
– I measc na cléire iontaí seo tá, Louisa Harland a raibh páirt aici i Derry Girls, Caroline Menton atá ag teacht chun cinn i saol na scannánaíochta, Aidan Quinn ó Hollywood, réalta Entourage Debi Mazar chomh maith le Jay Duffy
– The Walsh Sisters i gcomhar le BBC
Tá na príomhaisteoirí , sa tsraith dhrámaíochta ghrinn nua, The Walsh Sisters, atá bunaithe ar úrscéalta sárdhíola idirnáisiúnta an údair Marian Keyes, fógartha ag RTÉ i gcomhar leis an BBC
Tá an chéad séasúr de The Walsh Sisters i mbun léirithe faoi láthair, agus is é Ian FitzGibbon, (Hullraisers, Moone Boy) atá á stiúradh. Sraith faoi theaghlach anordúil, mífheidhmiúil ach geanúil fós féin, ina bhfuil chúigear deirfiúr, a máthair agus a n-athair mearbhlach é seo. Tá sé bunaithe go páirteach ar dhá úrscéal le Marian Keyes, na húrscéalta móréilimh, Rachel’s Holiday agus Anybody Out There. Tá an dráma greannmhar léirithe ag dhá chomhlacht léiriúcháin neamhspleách a bhfuil gradaim buaite acu, Cuba Pictures agus Metrolitan Pictures, in éineacht leis an léiritheoir Patrick O’Donoghue (The Tourist, Brooklyn, The Wonder) i gcomhar le BBC, Fís Éireann agus Cineflix Rights arb iad na príomh-comhpháirtithe dáileacháin dhomhanda.
Is iad príomhaisteoirí na cléire Louisa Harland (Derry Girls; Renegade Nell; Love/Hate) i bpáirt Anna Walsh atá trína céile; Caroline Menton (Oddity), aisteoir atá ag teacht chun cinn go mór i saol na haisteoireachta, a bheidh i bpáirt a deirféar Rachel, ceann de na carachtair is ansa le Marian; Danielle Galligan (House of Guinness; KIN, Spilt Milk; Shadow and Bone) i bpáirt na deirféar is sine Claire; agus Máiréad Tyers (Extraordinary, My Lady Jane, Belfast), atá ainmnithe do ghradam BAFTA, i bpáirt Helen, duine gan eagla agus an duine is óige den teaghlach. Is í Stefanie Preissner (Solpadeine is My Boyfriend; Can’t Cope, Won’t Cope; How to Adult), scríbhneoir scripte, aisteoir teilifíse agus aisteoir stáitse ilchumasach, a bheidh i bpáirt Maggie, an deirféar dheireanach de theaghlach Walsh, arb í freisin ‘peata mhama’.
Chomh maith le bheith ag aisteoireacht i bpáirt Maggie, tá muinín á cur i Preissner, ar as Baila Átha Cliath í agus a chruthaigh an dráma greannmhar ceannródaíoch, Can’t Cope, Won’t Cope, de chuid RTÉ, leabhair mór le rá Keyes a chur in oiriúint don teilifíse. Tiocfaidh Preissner, ceannasaí cruthaitheach agus scríbhneoir na sraithe, agus Kefi Chadwick (Rivals; Death in Paradise) le chéile chun dhá chlár a scríobh.
Beidh Aidan Quinn (This is my Father, Legend of the Fall, Song for a Raggy Boy), an t-aisteoir Gael-Mheiriceánach mór le rá, ag cur draíocht Hollywood leis an gcliar. Beidh Quinn i bpáirt Jack, athair na ndeirfiúracha Walsh a bhfuil sé éasca teacht i dtír air, in éineacht le Carrie Crowley (An Cailín Ciúin; Hope Street; Smother), a bheidh i bpáirt mháthair dheirfiúracha Walsh, bean a bhfuil a bealach féin léi. Beidh an t-aisteoir agus pearsa theilifíse as Meiriceá Meiriceánach Debi Mazar (Kaos, Younger) i bpáirt Chaquie.
Dúirt Caroline Menton: “Tá áthas an domhain orm a bheith páirteach i The Walsh Sisters. Is carachtar í Rachel a thaitníonn le daoine agus a bhfuil luí agamsa, agus go leor daoine eile timpeall an domhain, le fiche bliain. Scéal dóchais is ea scéal Rachel agus is iontach an onóir dom é mo chuid féin a dhéanamh den charachtar agus páirt a bheith agam teaghlach Walsh Marian Keyes a chur ar an scáileán.”
Dúirt Louisa Harland: “Ní fhéadfainn a bheith níos sásta a bheith mar chuid de theaghlach Walsh. Ciallaíonn an leabhar seo an oiread do go leor daoine. Seo é an post is ansa liom ar domhan.”
I measc na cléire tá Gina Moxley (The Patient Gloria, Here Before) i bpáirt Josephine, Jay Duffy (Wheel of Time, Northern Lights) mar Luke Costello, agus feicfear an caidreamh casta grá atá idir é féin agus Rachel. Tabharfaidh Samuel Anderson (Amandaland, Lanscapers) léargas ar an gcaidreamh atá ag Aidan le Anna.
“Coiméide faoi rudaí dáiríre – nochtadh sciobtha, ionraic agus greannmhar gan dabht ar atá i gceist le bheith i do dheirfiúr in Éirinn” an cur síos atá déanta ar an tsraith seo. Tá tús curtha leis an scannánaíocht ar The Walsh Sisters agus beidh sé le seoladh san fhómhar ar RTÉ agus ansin an BBC Player agus BBC One.
Is iad David Crean, ceannasaí drámaíochta RTÉ, agus Dermot Horan, stiúrthóir comhléiriúcháin agus ceannacháin RTÉ; comh-phríomhoifigigh feidhmiúcháin Cuba Pictures, Dixie Linder agus Nick Marston; léiritheoir agus comh-príomhoifigeach feidhmiúcháin MetropolitanPictures, David McLoughlin; James Durie agus Tom Misselbrook ó Cineflix Rights; Stefanie Preissner; Marian Keyes agus Tony Baines, léiritheoirí feidhmiúcháin na sraithe.
-CRÍOCH-