Clár nua de chuid RTÉ Kids Total Football le craoladh
Clár nua de chuid RTÉ Kids Total Football le craoladh
Ag tosú maidin Dé Sathairn
An 15 Márta ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player ag 10am
Daoibhse a bhfuil a gcroí sa pheil, bí faoi réir! Tabharfar léargas don lucht spéise óg ar an seó nua seachtainiúil Total Football ar an méid a bhíonn ag tarlú taobh amuigh den pháirc sacair. Cuirfear tús leis an tsraith Dé Sathairn an 15 Márta ag 10am ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player. Tá an tsraith 10 gclár seo lán le hagallaimh eisiacha le scoth na n-imreoirí, na gcóitseálaithe agus leis na ndaoine atá taobh thiar de dhraíocht na peile.
Is í an láithreoir spóirt Aisling O’Reilly agus Rasdi Nsimba, fear atá ag teacht chun cinn i saol an spóirt, a chuirfidh an tsraith i láthair. Ní clár sacair eile é Total Football, is taithí iomlán nua lánluais é. Tabharfaidh roinnt de na hainmneacha is mó sa chluiche léargas ón taobh istigh ar an gcluiche gach seachtain agus tabharfaidh siad faoi dhúshláin spraíúla freisin sa stiúideo agus ar fud na hÉireann.
Ó laochra náisiúnta agus idirnáisiúnta, beidh plúr na n-imreoirí ar Total Football. Bí ag súil le daoine mór le rá ó fhoireann na hÉireann agus ó fhoirne sa Phríomhshraith a fheiceáil, ina measc Caoimhín Kelleher, Evan Ferguson, réaltaí reatha na hÉireann Amber Barrett agus Katie McCabe agus iar-imreoir idirnáisiúnta na hÉireann Ann Russell mar aon le neart aíonna speisialta ó dhomhan an tsacair agus an chultúir pobail. Ní hamháin go mbeidh na hainmneacha móra ag fágáil a lorg ar an gclár, beidh tuairisceoirí óga ar fud na hÉireann ag tabhairt faoi na páirceanna sacair chun imreoirí, craoltóirí agus grianghrafadóirí spóirt a thugann an cluiche chun fíre a chur faoi agallamh.
Dúirt Suzanne Kelly, Grúpcheannasaí Ábhar Leanaí agus Daoine Óga RTÉ, “Tá ríméad orainn Total Football a sheoladh agus ábhar RTÉ Kids a chraoladh maidin Dé Sathairn ar an teilifís. Is éard atá i gceist leis an gclár spreagúil, spraíúil seo ná sacar – agus tá sé leagtha amach chun lucht féachana óg a spreagadh le bheith gníomhach, a bheith páirteach, agus níos tábhachtaí fós, spraoi a bheith acu! Is iontach an rud é dul i gcomhpháirtíocht leis an FAI maidir leis sin, ag cuidiú le ceangail a mhéadú le sacar an phobail agus ag an am céanna rath fhoirne sacair na hÉireann a cheiliúradh sa bhaile agus thar lear. Ní féidir linn fanacht go mbeidh páistí ag féachaint, spraoi a bheith acu, agus fiú tús a chur lena dturas sacair!”
Seo mar a labhair Stiúrthóir Gnáthphobail FAI, Ger McDermott: “Tar éis dúinn dul i gcomhpháirtíocht le RTÉ chun Total Football a chruthú, táimid ar bís go bhfeicfidh an pobal seó a chothaíonn an grá atá ag Éirinn don sacar agus a chuireann an spraoi a bhaineann leis an gcluiche álainn ar taispeáint. Is ardán iontach é Total Football do leanaí chun scileanna a fhoghlaim, a bheith gníomhach sa bhaile, go sóisialta le cairde agus i scoileanna. Trí leanaí a chur chun tosaigh sa chlár labhróimid leis na mílte daoine óga ar breá leo sacar a imirt ar fud na tíre.”
Beidh neart ar siúl i ngach aon chlár – ina measc agallaimh eisiacha le peileadóirí agus daoine a bhíonn ag obair leo ar an taobhlíne, dúshláin ghreannmhara — lena n-áirítear turas chuig an sleamhnán uisce is mó in Éirinn, laochra áitiúla sa spotsolas, meascán d’fhoirne idirnáisiúnta agus náisiúnta agus bealaí chun leibhéal eile níos fearr a bhaint amach le heolas faoi scileanna agus druileanna.
Clár a hAon
Ní chuirtear aon am amú sa chéad chlár sula dtugtar faoin aicsean. Suífidh foireann Total Football síos in éineacht le Evan Ferguson, tabharfaidh siad a n-aghaidh ar Ghaillimh chun bualadh le Julie-Ann Russell, agus cuirfear réaltaí Bhóthar na Trá Devon FC atá ag teacht chun cinn in aithne dúinn. Beidh gach rud sa tsraith seo ag an lucht leanúna óg sacair chun spreagadh a fháil, feabhas a chur ar a gcuid imeartha, agus níos tábhachtaí fós – spraoi a bheith acu!
Bígí ag féachaint, tabhair aghaidh ar na dúshláin, agus téigh suas leibhéal le Total Football.