Is iad Rhys McClenaghan agus Laura Nolan seaimpíní Dancing with the Stars
I ndiaidh 11 seó mhórthaibhseacha lán le spleodar agus gliondar, thuas seal thíos seal na ndamhsóirí agus na damhsaí tarraingteacha feadh an bhealaigh, is iad Rhys McClenaghan agus a pháirtí gairmiúil Laura Nolan a bhain amach an bua agus atá anois ina seaimpíní ar Dancing with the Stars 2025.
Dúirt Rhys, agus trófaí na liathróide gealra anois faoina ascaill aige, faoin mbua a bhaint amach ar shraith 8 den seó: “Níl focal fágtha agam!”
Ba iad Danny O’Carroll agus Salome Chachua, Kayleigh Trappe agus Ervinas Merfeldas, Jack Woolley agus Alex Vladimirov agus Rhys McClenaghan agus Laura Nolan na ceithre lánúin a rinne a mbealach chomh fada leis an mbabhta ceannais.
Chuir na damhsóirí, a bpáirtithe agus na moltóirí bailchríoch ar an ochtú sraith de Dancing with the Stars le damhsa leis an amhrán Everybody Dance le Cedric Gervais x Franklin agus Nile Rodgers.
Cuireadh tús leis an gcomórtas agus na damhsóirí ag tabhairt faoin urlár leis an gcéad damhsa den tráthnóna; Rogha na Moltóirí, leis seo bhí ar na damhsóirí damhsa a dhéanamh a bhí déanta cheana acu ar an seó.
Ba iad an t-aisteoir Danny O’Carroll ó Mrs. Brown’s Boys agus a pháirtí proifisiúnta Salome Chachua an chéad bheirt a thug faoin urlár. Dhamhsaigh an bheirt an Charleston céanna a dhamhsaigh siad an dara seachtain le Dont Blame it On Me le Michael Bublé.
Dúirt an moltóir Loraine Barry: “Mothaím go bhfuil dtrustann tú féin agus Salome a chéile anois. Tá tús iontach curtha agaibh leis an mbabhta ceannais.”
Dúirt an moltóir Arthur Gourounlian: “Rinne sibh sárobair, bhí sé seo ar chaighdeán iomlán difriúil. Bhí sé sin spleodrach, spreagúil agus ní dhéanfaidh muid dearmad air.”
Dúirt an moltóir Brian Redmond: “Bhí níos mó gluaiseachta, fuinnimh agus siamsaíochta anseo, tús iontach!”
Dúirt an moltóir Karen Byrne: “Tá bhur n-áit sa mbabhta ceannais tuillte agaibh. Bhí sé snasta, bhí an chuma air gur bhain sibh taitneamh as!”
39 bpointe a bhronn na moltóirí ar Danny agus Salome.
Ansin ba iad an lúthchleasaí taecaundo, Jack Woolley agus a pháirtí gairmiúil Alex Vladimirov a thug faoin urlár le damhsa ón gcúigiú seachtain in ómós do chara Jack, Kellie Harrington: American Smooth le hamhrán de chuid na Wolfe Tones, Grace.
Dúirt Arthur: “Gach seachtain tagann sibh anseo agus déanann sibh aicsean. Ní hamháin gur damhsa maith a bhí anseo, cuimhneofar air seo go deo mar an damhsa is fearr ar DWTS! Go hiondúil déarfainn J’adore, ach don tseachtain a bhfuil muid inti déarfaidh mé: is grá liom!”
Dúirt Brian: “Tá meangadh mór millteach orm! Thaitin an damhsa seo liom an chéad uair ach b’aoibhinn liom anocht é.
Dúirt Karen: “Téann sibh i bhfeidhm ar dhaoine leis an damhsa seo. Cuireann sibhse ag damhsa leis an amhrán seo leis an damhsa seo tocht orm. Ceapaim go léiríonn an damhsa seo bhur n-am anseo, agus taispeánann sé an caidreamh láidir atá agat féin agus Alex.
Dúirt Loraine: “Bhí sé séimh, soineanta agus croíúil. Beidh an damhsa seo i gcónaí ar cheann de na damhsaí is aitheanta ar Dancing with the Stars.”
40 pointe ar fad a bronnadh ar Jack agus Alex.
Bhí bean mhór na meán sóisialta Kayleigh Trappe agus a páirtí Ervinas Merfeldas ag súil mórmheas na moltóirí a bhaint amach arís an tseachtain seo le damhsa ó Sheachtain an Ghrá, le Salsa le Let there Be Love le Christina Aguilera.
Dúirt Brian: “Anocht, theastaigh uaibh gach aon rud a thabhairt don damhsa seo agus rinne sibh sin. Tá sibh ag troid agus ag tuilleamh bhur n-áit sa mbabhta ceannais gan dabht.”
Dúirt Karen: “Taispeánann an damhsa seo an méid fáis atá déanta agaibh. Ba chóir daoibh a bheith bródúil asaibh féin, tá forbairt ollmhór déanta ag an mbeirt agaibh le chéile.”
Dúirt Loraine: “Bhí sibh gealgháireach anocht. Níl an oiread faitís ort ag dul isteach sna harduithe níos mó. Is oíche mhaith í seo duit.”
Arthur: “Tá bhur sciatháin faighte agaibh agus anois tá sibh ag eitilt. Tá bhur n-áit tuillte agaibh sa mbabhta ceannais. Tá mé thar a bheith bródúil asat.”
38 bpointe a bhronn na moltóirí ar Kayleigh agus Ervinas.
Dhamhsaigh an gleacaí Oilimpeach Rhys McClenaghan agus a pháirtí gairmiúil Laura Nolan Charleston le ceol aitheantais Spider-Man agus Rhys ina charachtar arís ó Sheachtain na Scannán.
Dúirt Karen: “Tá tú ar nós Spiderman Éireannach ceart! Bhí an damhsa seo go huile agus go hiomlán foirfe, ó thús go deireadh.”
Dúirt Loraine: Bhí sé seo spleodrach ó thús deireadh. An bhfuil seans ar bith go ndéanfadh sibh arís é?”
Dúirt Arthur: “Tá do chumhacht draíochtúil. Ó ghleacaí go damhsóir, feicim go bhfuil gluaiseacht agus rithim i do DNA!”
Dúirt Brian: “Bhí páirt an tsárlaoich agat anocht ach is seaimpín Oilimpeach tú freisin. Tá tú i do shárlaoch ceart anois. Ar fheabhas.”
40 pointe an scór a bronnadh ar Rhys agus Laura.
I ndiaidh do na línte vótála oscailt, chuathas i mbun oibre, dhamhsaigh gach duine damhsa saorstíl ina raibh siad in ann stíleanna éagsúla damhsaí a mheascadh agus an chruthaitheacht agus scileanna a d’fhorbair siad le linn a gcuid ama ar Dancing with the Stars a léiriú. Dhamhsaigh Danny O’Carroll agus Salome Chachua le Rock this Party le Bob Sinclair.
Dúirt Loraine: “Bhí sibh iontach, chuir sibh gach duine ag bogadh. Bhí sé sin an-snasta.”
Dúirt Arthur: “Tá sé taispeánta agat arís agus arís eile nach aon ribín réidh tú. Seo cóisir iontach agus tá an-áthas orm a bheith páirteach ann.”
Dúirt Brian: Bhí na damhsaí seo chun go léireoidh sibh bhur dturas ar an seó dúinn, ach d’inis tú dúinn fút féin sa damhsa seo. Bhí an díograis le feiceáil go soiléir chomh maith leis an bpearsantacht agus an obair chrua.”
Dúirt Karen: “Tá an caighdeán leagtha amach agaibh do na damhsaí eile.”
37 bpointe ar fad a bhronn na moltóirí ar Danny agus Salome.
Dhamhsaigh Jack Woolley agus Alex Vladimirov le leagan Years & Years d’amhrán Lady Gaga, The Edge of Glory.
Dúirt Arthur: “I ndáiríre níl focal fágtha agam. Cuimhneofar oraibh go deo ar an seó seo.”
Dúirt Brian: “Tá scileanna agat de bharr gur lúthchleasaí taecuando tú, agus d’fhan tú go dtí an babhta ceannais chun iad a thaispeáint dúinn. Bhí mé ag bualadh bos lena linn ar fad, níl a fhios agam a ndearna mé é sin riamh cheana! Bhí sibh thar cionn.”
Dúirt Karen: “Bhí a fhios againn go mbeadh sé dochreidte. Bhí sé iontach!” Loraine: “Bhí an t-uafás sceitimíní ag baint leis seo. Bhí do chroí istigh anseo, rinne tú do sheacht míle dhícheall. Ní chreidim gur chuir sibh isteach an oiread, salsa, tango agus cha cha.”
40 pointe ar fad a bronnadh ar Jack agus Alex.
Bhuail Kayleigh Trappe agus Ervinas Merfeldas faoin urlár le hathmheasc R3hab d’amhrán Taylor Swift, Wildest Dreams.
Dúirt Brian: “Is údar gaisce a bhí sa damhsa seo! Iontach”
Dúirt Karen: “Léirigh an damhsa seo an feabhas atá tagtha oraibh ó thosaigh sibh. Is iontach an bealach é le clabhsúr a chur leis an aistear seo.”
Dúirt Loraine: “Rinne tú do dhícheall anocht agus tá feabhas tagtha ort ar gach bealach. Molaim an chaoi gur cuireadh isteach Foxtrot, Válsa Víneach agus Salsa.”
Dúirt Arthur: “Rinne tú é! Go hálainn!”
38 bpointe a bhronn na moltóirí ar Kayleigh agus Ervinas.
Ar deireadh, thug Rhys McClenaghan agus Laura faoin urlár don uair dheireanach le Beautiful Things le Benson Boone.
Dúirt Karen: “Céard is féidir a rá faoi sin? I ndáiríre! Is iontach an clabhsúr é le cur ar bhur n-aistear.”
Dúirt Loraine: “Mheasc sibh neart agus séimhe, agus bhí líofacht stíle le feiceáil ar feadh an damhsa ar fad. Domsa, ba é seo an damhsa ab fhearr a bhí ann anocht.”
Dúirt Arthur: “Chuaigh sé seo i bhfeidhm orm go mór. Dochreidte. Ba mhór an onóir é a bheith ag breathnú oraibh ag damhsa agus an cumas atá ionaibh gach seachtain a fheiceáil.”
Dúirt Brian: “Rhys, tháinig tú anseo anocht agus rinne tú do chuid oibre agus tá dhá fhocal agam duit – jab déanta!”
40 pointe a bronnadh ar Rhys agus Laura.
Ag cur deireadh leis an mbabhta ceannais, tháinig an seachtar damhsóirí a cuireadh abhaile le linn na sraithe ar ais: Ba iad sin Mickey Joe Harte, Elaine Crowley, Joanna Donnelly, Yasmin Seky, Gearóid Farrelly, Kevin Dundon agus Aishah Akorede agus a bpáirtithe le damhsa dioscó a dhéanamh le hamhrán de chuid Kylie Minogue, Wow.
-CRÍOCH-
Dáta: Dé Domhnaigh an 16 Márta 2025
Creidiúint don Ghrianghrafadóir: Kyran O’Brien
Breis Eolais:
Rayna Connery, Preasoifigeach Sinsearach RTÉ | rayna.connery@rte.ie
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Preasoifigeach RTÉ | eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí don Eagarthóir:
Maidir le DANCING WITH THE STARS 2025
Spleodar agus gliondar tráthnóna an Domhnaigh ó mhí Eanáir amach, ceanglaíonn aon duine iomráiteach déag le damhsóirí proifisiúnta ar an tsraith seo ar RT One go dtugann faoi dhamhsa beo seachtain i ndiaidh seachtaine. Beidh ar gach beirt máistreacht a fháil ar sheánra éagsúil den damhsa gach seachtain, an Charleston nó hip hap mar shampla, agus ní bhíonn acu as seacht lá le snas a chur ar damhsa sula mbíonn orthu a dhéanamh beo os comhair mhuintir na tíre ar fad. Déanann painéal ceathrar moltóirí saineolais, agus an lucht féachana sa bhaile, gach dreas damhsa a mharcáil agus tugann an cúpla buacach an liathróid thrilseach a shantaíonn siad ar fad leo ag deireadh na sraithe.
Is iad ShinAwiL a léiríonn Dancing with the Stars do RTÉ.
Déanann Hyundai urraíocht ar Dancing with the Stars.
Is féidir súil a choinneáil ar an aicsean ar fad de réir mar a thiteann sé amach beo ar lorgaire Dancing with the Stars ar www.rte.ie/entertainment
Má mian leat an scéal is deireanaí faoi Dancing with the Stars agus ábhar béadáin ó chúl an stáitse a chloisteáil, coinnigh súil ar chainéil na meán sóisialta:
- Instagram: @RTEOne & @DWTSIrl
- TikTok: @RTEOne
- Facebook: @RTEOne
- Twitter: @RTEOne @DWTSIrl
- #DWTSIrl