Seo linn don Chraobh ar RTÉ
Craoladh beo Saorchraolta ar chluichí Craoibhe CLG fógartha ag Spórt RTÉ
Clúdach saorchraolta ar na Craobhacha Peile agus Iomána, Craobh na Camógaíochta, Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Corn Tailteann, Cluichí Ceannais na hÉireann sa bPeil, Iomáint agus Camógaíocht san áireamh.
Íoslódáil Sceideal na gCluichí anseo
Tá an fanacht thart – beidh Craobhacha CLG ag filleadh ar RTÉ saorchraolta ar fhís, fuaim agus ar líne ón Domhnach an 6 Aibreán. Inniu, (Dé Máirt, an 18 Márta) d’fhógair Spórt RTÉ sonraí faoi na Cluichí Craoibhe CLG a bheidh le craoladh beo ar an teilifís in 2025.
Is í an chraobh an chéad chéim eile i bhféilire na bliana CLG a chraoltar ar RTÉ, agus a chlúdaíonn an tSraith Náisiúnta, an chraobh idirchontae agus idirchumainn, ag cinntiú go mbíonn nasc ag lucht leanúna CLG lena gcumann agus lena bhfoireann contae ar feadh na bliana. Beidh níos mó bealaí ná riamh an séasúr seo ag lucht leanúna CLG na cluichí a leanúint. Beidh gach nóiméad ar fáil ag aon am agus in aon áit trí bheith ag féachaint beo ar an teilifís, ag éisteacht leis na tuairiscí is déanaí ar an raidió nó ag sruthú na gcluichí agus na mbuaicphointí ar an idirlíon.
Cuirfear tús leis an gclúdach beo teilifíse ar The Sunday Game Live Dé Domhnaigh an 6 Aibreán ar RTÉ 2 agus ar an RTÉ Player nuair a chuirfidh Joanne Cantwell clúdach beo ar an gcluiche idir Dún na nGall agus Doire i gCraobh Sinsir Uladh i mBealach Féich (Ag tosú ag 3.00i.n.) inár láthair.
An trathnóna sin ar RTÉ2 agus ar an RTÉ Player beidh an clár buaicphointí, The Sunday Game, ar ais ar an aer á chur i láthair ag Jacqui Hurley. Beidh clúdach beo freisin ar cheithre chluiche ceannais na gCúigí sa bPeil chomh maith le Craobhacha Iomána na Mumhan agus Laighean, Corn Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Corn Tailteann chomh maith le Cluichí Leathcheannais na hÉireann sa Pheil, Iomáint agus Camógaíocht.
Anuas air sin, beidh tráchtaireacht trí mheán na Gaeilge ar fáil do chluichí ar leith ón 7 Meitheamh ag tosú le Cluiche Ceannais Iomána na Mumhan. I measc na gcluichí eile a mbeidh tráchtaireacht Ghaeilge ar fáil dóibh beidh Cluiche Ceannais Iomána Laighean, Cluichí Ceathrú Ceannais, Leathcheannais agus Ceannais na hÉireann agus Cluiche Ceannais na hÉireann sa chamógaíocht agus Cluiche Ceannais Chorn Tailteann. Beidh liosta iomlán na gCluichí Craoibhe a chraolfar á fhógairt ag RTÉ sna seachtainí seo romhainn.
-CRÍOCH-
Dé Máirt an 18 Márta 2025
Tuilleadh Eolais: Fergus McCormack, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ | fergus.mccormack@rte.ie