Comórtas cócaireachta úrnua ar RTÉ Player
Sruthaigh gach clár de Look Who’s Hangry ón 29 Aibreán
Clár de chuid RTÉ Player Originals i gcomhpháirtíocht le Heinz
Bí linn san Hangry Kitchen ina bhfuil blasanna láidre agus cruthaitheacht as cuimse sa tsraith iomaíoch úrnua bia seo. Is é an cócaire agus an réalta TikTok Daniel Lambert a bheidh ag cur Look Who’s Hangry i láthair. Beidh beirt chruthaitheoirí in aghaidh a chéile sa tsraith seo i gcomórtas meascán mearaí bia agus cíor thuathail cócaireachta.
Smaoinigh ar cheapairí ime piseanna talún agus suibhe domhainfhriochta i gcriospaí salainn agus fínéagair, nó rolla súisí carbonara le cloicheáin sheirgthe. Sin iad na posóidí aisteacha nach n-admhódh go leor daoine gur ith siad iad, gan trácht ar thriail iad a fheabhsú. Tógann an cócaire Daniel Lambert, a bhfuil aithne air mar gheall ar an ábhar samhlaíoch bia a ullmhaíonn sé, na dúile neamhghnácha seo agus athraíonn sé iad ó bhonn chun miasa den chéad scoth a dhéanamh astu.
Dúirt an cócaire Daniel Lambert, “Tá sé ina chíor thuathail, tá sé fíorghreannmhar, agus tá sé lán le bia – go bunúsach, na rudaí a tharlaíonn nuair atá tú crosta, ocrach agus cruthaitheach ag an am céanna. Bhí smaointe craiceáilte againn, rith muid leo, agus chuir muid blas dochreidte orthu ar bhealach éigin. Breathnaigh, níor shíl mé riamh go mbeadh mé ag iompú meascán mearaí ina bhia blasta go lánaimseartha, ach sin mar atá. Bhí sé thar cionn a bheith ag cur na sraithe seo i láthair: tá na smaointe craiceáilte agus tá na blasanna go hiontach. Mura bhfuil na spíosraí nó na mothúcháin ag cur uisce le do shúile, tá rud éigin mícheart déanta agam.”
Ar na haíonna a bheidh ar Look Who’s Hangry tá:
- James Doyle (@jamesdoylefitness) vs Marie-Claire Fitzpatrick (@mcluvs2laugh)
- Callyann Brennan (@callyannbrennan) vs Cian Mooney (@cianmooney1)
- Victoria Adeyinka (@victoriaadeyinka_) vs Seamus Lehane (@seamboyseam)
- Jonny Murphy (@the_hungryhooker) vs Faye Shortt (@fayeshortty)
- Cliona O’Connor (@clionaoconnor_) vs Séaghan Ó Súilleabháin (@kerry.cowboy)
- Amanda Adé (@the_amanda_ade) vs Tom Murray (@bitta_banging)
Bí réidh le haghaidh comórtas bia ar leith ina gcuirfear casadh cruthaitheach ar an mbia a bhfuil dúil againn ann agus ina dtarraingeoidh an t-ocras achrann fíorghreannmhar!
Beidh gach clár lán le spraoi, le blas agus le fuinneamh bríomhar ar chúl an cheamara agus Daniel ag athchruthú na smaointe is iontaí ó na hiomaitheoirí. Beidh siamsaíocht i gcroílár an chláir le féith ghrinn Daniel ina ndeir sé an rud is túisce a thagann leis chomh maith le roinnt miasa dochreidte a ullmhú.
Ach sa deireadh, ní féidir ach le cruthaitheoir amháin an bua a bheith acu. Agus is faoi Daniel amháin a bheidh sé an cinneadh a dhéanamh.
Sruthaigh Look Who’s Hangry beo ar an RTÉ Player ón 29 Aibreán.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Is ábhar mórtais ag Heinz [Seriously] Good Mayonnaise urraíocht a dhéanamh ar shraith de chuid RTÉ Player Original.
Is comhpháirtíocht ábhair brandaithe é Look Who’s Hangry idir RTÉ agus Heinz. Tá socrúchán táirgí Heinz san áireamh sa tsraith seo.