Beo i Stiúideo 1 ag 7pm, Dé Máirt an 6 Bealtaine
Beidh an grúpa ceoil cumaisc thraidisiúnta KÍLA ag seinm beo ó Stiúideo 1 ar chlár Arena RTÉ Radio 1 Dé Máirt, an 6 Bealtaine, ag tabhairt réamhléiriú iontach dá n-albam atá le teacht, Raise the Road. Beidh KÍLA sa chraoladh speisialta seo chomh maith le Banna Práis Paul Frost, a chuirfidh meascán de cheol traidisiúnta na hÉireann agus func, mambó agus snagcheol New Orleans le huirlisí práis i láthair an lucht éisteachta sa stiúideo. Labhróidh an láithreoir Seán Rocks leis an mbanna i rith an chláir.
Taispeánfar KÍLA ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana iad in Raise the Road, a eiseofar an 9 Bealtaine, 2025, ina ndéanfaidh an trombónaí agus cóiritheoir Paul Frost athshamhlú úr prásach ar a gceol. Beidh seacht mball KÍLA ar an albam chomh maith le foireann prásúirlisí de cheathrar, ag cruthú fuaim ardfhuinnimh ina gcuirtear téagar nua le spiorad léirithe beo KÍLA.
Tá os cionn 20 albam curtha amach ag KÍLA thar caoga bliain agus d’oibrigh siad le healaíontóirí móra le rá ar nós U2, Ronnie Wood, Sinéad O’Connor, Shane MacGowan, agus The Dubliners. Leanann an saothar is déanaí seo uathu leis an spiorad nuálach seo agus lena gceolmhaireacht Éireannach atá fréamhaithe go domhain ag meascadh le fuinneamh chóirithe práis Frost.
Ba iad triúr deartháireacha Uí Shnodaigh a bhí in KÍLA ar dtús – Rónán (canadh/bodhrán), Colm (fliúit), agus Rossa (basúcaí), agus anois is grúpa cumhachtach iad le hEoin Dillon (na píoba), Dee Armstrong (fidil), Lance Hogan (giotár), agus Brian Hogan (dordghiotár). Tá cáil ar KÍLA dá dteacht i láthair dinimiciúil ar an stáitse agus dá gcumadóireacht a bhriseann talamh nua, agus leanann siad de lucht spéise ar fud an domhan a chur faoi dhraíocht agus a spreagadh.
Coinnigh cluas le Arena ar RTÉ Radio 1 ag 7pm Dé Máirt, an 6 Bealtaine don chéad éisteacht ar Raise the Road sula n-eisítear go hoifigiúil é.