Fógraíonn RTÉ Fergal O’Brien mar Chomhfhreagraí Gnó nua
Cúis áthais do Nuacht RTÉ a fhógairt go bhfuil Fergal O’Brien, iriseoir RTÉ, ceaptha sa phost Comhfhreagraí Gnó.
Ina ról nua, beidh Fergal ag tuairisciú agus ag cur anailís ar fáil ar an teilifís, ar an raidió agus ar líne ar na ceisteanna agus na treochtaí a bhfuil tionchar acu ar phobal gnó na hÉireann. Clúdóidh an Comhfhreagraí Gnó raon leathan ábhar, lena n-áirítear baincéireacht, miondíol, eitlíocht, fáilteachas agus stocmhargaí.
Tá Fergal O’Brien ag obair ina iriseoir ilmheánach in RTÉ ó mhí Dheireadh Fómhair 2018, é i mbun tuairiscithe ar an teilifís, an raidió agus an nuacht ar líne, lena n-áirítear Six One News, Nine O’Clock News, News at One ar RTÉ Radio 1 agus RTÉ ar líne. Bhíodh sé i mbun tuairiscithe ar raon leathan topaicí lena n-áirítear cúrsaí gnó, cúrsaí eacnamaíochta agus cúrsaí airgeadais.
Is as Conga i gCo. Mhaigh Eo Fergal ó dhúchas agus chuir sé tús lena ghairm sa chraoltóireacht leis an stáisiún raidió áitiúil Midwest Radio. D’oibrigh sé in Today FM agus Newstalk sular ndeachaigh sé le TV3. Bhí sé i ról an tuairisceora, an léitheora nuachta, an tuairisceora shinsearaigh, an chomhfhreagraí nuachta agus an léiritheora roimhe seo. Tá os cionn 20 bliain taithí aige in iriseoireacht chraoltóireachta, agus thuairiscigh sé go forleitheadach ar roinnt de na príomhcheisteanna a thug an tír aghaidh orthu lena n-áirítear an tobchliseadh airgeadais, an Breatimeacht agus paindéim Covid-19, chomh maith le himeachtaí agus toghcháin mhóra. Rinne Fergal céim san Eacnamaíocht in Independent College i mBaile Átha Cliath agus céim i nGnó agus Síceolaíocht i Scol Ghnó Bhaile Átha Cliath, chomh maith le céim i gCoireolaíocht agus i Síceolaíocht Choiriúil in City Colleges i mBaile Átha Cliath.
Is éard a dúirt Fergal faoina chúram nua: “Tá lúcháir orm a bheith ceaptha i ról Chomhfhreagraí Gnó RTÉ ag am chomh tábhachtach sin do phobal gnó na hÉireann. Agus mé ag glacadh leis an bpost, tá a fhios agam nach mór do gheilleagair na hÉireann agus an domhain aghaidh a thabhairt ar go leor neamhchinnteachta. D’fhéadfadh tionchar na dtaraifí atá beartaithe ó riarachán na Stát Aontaithe a bheith ar an dúshlán is mó atá roimh go leor gnólachtaí, teaghlaigh agus go deimhin an Stát ó tharla an Breatimeacht agus an tobchliseadh airgeadais. Tá baint ag gnó le gach earnáil agus bíonn tionchar aige ar shaol gach duine, agus mar chuid de mo ról nua, tá súil agam cuairt a thabhairt ar an oiread gnólachtaí agus is féidir liom ar fud na tíre, chun scéalta na ndaoine a mbíonn tionchar díreach ag cinntí níos leithne orthu a insint.”
Beidh Fergal O’Brien ag glacadh ról an Chomhfhreagraí Gnó an samhradh seo. Ceapadh David Murphy le déanaí i ról sinsearach an Eagarthóra Eacnamaíochta agus Gnóthaí Pobail, chun foireann agus clúdach Aonad Gnó Nuacht RTÉ a bhainistiú. Bhí David i ról an Chomhfhreagraí Eacnamaíochta agus Gnóthaí Pobail roimhe seo.
– Críoch –
Dáta: Dé Céadaoin 7 Bealtaine 2025
Nóta d’Eagarthóirí: Bhí ról an Eagarthóra Gnó ag Will Goodbody roimhe seo a d’fhág an eagraíocht níos luaithe i mbliana. Beidh David Murphy, mar Eagarthóir Eacnamaíochta agus Gnóthaí Pobail, i mbun bainistíochta ar fhoireann Aonad Gnó Nuacht RTÉ ina mbeidh an Comhfhreagraí Gnó nua, Fergal O’Brien.