An chéad amharc ar an dráma grinn The Walsh Sisters, bunaithe ar úrscéalta le Marian Keyes, nochta ag RTÉ
An chéad ghrianghraf d’fhoireann aisteoirí na sraithe drámaíochta grinn The Walsh Sisters nochta ag RTÉ, i gcomhar leis an BBC, Fís Éireann agus Cineflix Rights Agus é bunaithe ar na húrscéalta leis an údar is mó díol, Marian Keyes, craolfar an tsraith nua ar RTÉ One agus RTÉ Player an fómhar seo.
Tá an tsraith sé chuid seo bunaithe ar na húrscéalta móra, Rachel’s Holiday agus Anybody Out There, agus leantar saol na ndeirfiúracha, Anna, Rachel, Maggie, Claire agus Helen ina saol thíos seal thuas seal sna 20idí déanacha agus 30idí. Léirítear gaol deirfiúracha atá lán de scéalta grinn, doicheall agus neart briseadh croí dar ndóigh. Mar sin féin, coinníonn a DNA, a stair agus an grá atá acu do bhailéid chorraitheacha deirfiúracha Walsh le chéile agus iad ag tabhairt aghaidh ar an mbriseadh croí, cumha, andúil agus tuismitheoireacht.
Ina bpríomhaisteoirí ar an bhfoireann, tá Louisa Harland (Derry Girls, Renegade Nell, Love/Hate) a ghlacann ról Anna Walsh ina bean óg shuaite, agus an t-aisteoir óg cumasach, Caroline Menton (Oddity), a ghlacann ról duine de na carachtair is fearr le Marian, an deirfiúr Rachel. Danielle Galligan (House of Guinness, Spilt Milk, Shadow and Bone) atá i ról an deirféar is sine, Claire agus Máiréad Tyers (Extraordinary, My Lady Jane, Belfast), atá ainmnithe do BAFTA, atá i ról Helen. Is í Stefanie Preissner atá i ról an deirféar eile Walsh, Maggie, agus is aisteoir stáitse, scáileáin agus scríbhneoireachta scáileáin í Stefanie (Solpadeine is My Boyfriend, Can’t Cope, Won’t Cope, How to Adult).
Dúirt Marian Keyes: “Ní féidir chomh sásta is atá mé leis an léiriú seo a chur i bhfocail. D’athraigh scripteanna Stefanie Preissner mothú mo chuid úrscéalta go dtí rud nua agus tarraingteach. Ina n-aonar agus i dteannta a chéile, chuir an cúigear ban óga a ghlac ról na ndeirfiúracha iontas orm. Tá an meascán idir an tsáraíocht leanbaí agus an rannpháirtíocht chroíúil a tharlaíonn eatarthu díreach cosúil le teaghlach. Tá an chuid eile den fhoireann chomh hiontach céanna. D’éirigh leis na daoine iontacha seo spiorad mo chuid leabhar a chur in iúl, agus tá sé athraithe acu go dtí scéal nua agus spreagúil. Bhí sceitimíní i gcónaí orm agus mé ag tabhairt cuairt ar an seit, bhí fís chinnte ag an stiúrthóir agus ag an bhfoireann, agus ba léir a ndúthracht agus a n-obair chrua. Tá go leor de na radhairc an-ghreannmhar agus taitneamhach ach tá cuid acu dorcha agus an-choscrach. Is dócha gur rud aisteach é seo a rá ach fiú mura raibh baint agam leis seo, bheadh an-fhonn orm é a fheiceáil. Tá mé an-bhuíoch do na daoine go léir a d’oibrigh go crua chun an tsraith álainn seo a chur le chéile agus tá mé ar bís go bhfeicfidh an domhan mór an tsraith sa deireadh thiar thall.”
Sé Aidan Quinn (This is my Father, Legends of the Fall, Song for a Raggy Boy) a bheidh i ról Jack ‘Daddy’ Walsh in éineacht lena bhean chéile sa chlár, Carrie Crowley (An Cailín Ciúin, Hope Street, Smother) ar máthair sách aisteach í. Jay Duffy (Wheel of Time, Northern Lights) atá i ról Luke Costello, grá geal casta Rachel. Beidh Samuel Anderson (Amandaland, Landscapers) le feiceáil freisin mar Aidan – grá geal Anna, agus beidh Debi Mazar (Kaos, Younger, Entourage) i ról Chaquie.
Stefanie Preissner a chuir The Walsh Sisters úrscéalta Marian Keyes in oiriúint faoi stiúir Ian Fitzgibbon (Hullraisers, Moone Boy), agus is é Patrick O’Donoghue (The Tourist, Brooklyn, The Wonder) an léiritheoir, agus is é Kefi Chadwick (Rivals, Death in Paradise) an scríbhneoir breise. Arna léiriú ag Cuba Pictures agus Metropolitan Pictures do RTÉ i gcomhar leis an BBC, Fís Éireann agus Cineflix Rights.
Is iad Dixie Linder agus Nick Marston ó Cuba Pictures, David McLoughlin ó Metropolitan Pictures, David Crean agus Dermot Horan ó RTÉ, James Durie agus Tom Misselbrook ó Cineflix Rights, Stefanie Preissner, Marian Keyes, agus Tony Baines léiritheoirí feidhmiúcháin The Walsh Sisters. Is í Kate McColgan an léiritheoir feidhmiúcháin le haghaidh Fís Éireann. Is é Cineflix Rights an dáileoir eisiach ar fud an domhain.
-CRÍOCH-