An chraoltóireacht caite in aer ag Joe Duffy agus é dearbhaithe aige go n-éireoidh sé as a phost le RTÉ tar éis 37 bliain
“The Liveline is now open,” a dúirt Joe Duffy níos luaithe inniu, agus é ag tabhairt súil chun cinn ar an ábhar a bheadh faoi chaibidil tráthnóna inniu ar Liveline, clár de chuid RTÉ Radio 1 a bhfuil an-tóir air agus a bhfuil Joe i gceannas air le breis agus ceathrú céid. Agus é ag cur deireadh le clár an lae inniu, dheimhnigh Joe go mbeidh sé ag cur deireadh lena nasc Liveline féin agus a chlár deiridh á chraoladh aige Dé hAoine an 27 Meitheamh.
Dúirt Joe Duffy: “Tar éis 37 bliain iontacha anseo in RTÉ, agus 27 bliain ag cur Liveline i láthair, ba mhór an onóir agus an phribhléid dom a bheith mar chuid de chlár a bhí ag brath go hiomlán ar mhuinín: muinín na n-éisteoirí. Mhothaigh daoine go bhféadfaidís breith ar an bhfón, glaoch ar Liveline, agus a saol, a gcuid fadhbanna agus a scéalta a roinnt, idir scéalta brónacha, drochscéalta, scéalta mire agus scéalta greannmhara, chomh maith lena gcuid streachailtí, agus a mbuanna. Ní dhearna mé riamh talamh slán de sin. Áit iontach oibre ba ea RTÉ. Agus an bhéim i gcónaí ar an tseirbhís phoiblí. Agus anois, tar éis a lán blianta sona, tá cinneadh déanta agam go bhfuil sé in am bogadh ar aghaidh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libhse, na héisteoirí, as tiúnáil isteach gach lá. Ba mhór an onóir dom suí sa suíochán seo agus bhur scéalta a chloisteáil.”
Rugadh Joe Duffy i mí Eanáir 1956 i gCearnóg Mhuinseo, Baile Átha Cliath, agus tógadh é i mBaile Formaid. Ar dtús, rinne Joe Duffy staidéar ar obair shóisialta i gColáiste na Tríonóide. Bhí Joe ar dhuine de na chéad daoine óna cheantar a chuaigh go Coláiste na Tríonóide agus bhí baint ghníomhach aige le polaitíocht na mac léinn agus ghlac sé ról an Uachtaráin ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Bhí sé i gceannas ar agóidí ar an gcampas chun béim a leagan ar rochtain oideachais agus chaith sé dhá sheachtain i bPríosún Mhuinseo mar thoradh air sin. Tar éis a chuid oibre sa tseirbhís phromhaidh, chuaigh sé isteach in RTÉ ar dtús mar léiritheoir raidió, in 1989, agus bhain sé clú agus cáil amach mar thuairisceoir ar The Gay Byrne Show. Chuir sé cláir ar nós Soundbyte i láthair sular ghlac sé seilbh ar Liveline in 1998. Le linn a 27 bliain ar Liveline, tá Joe agus an clár féin ina n-institiúidí náisiúnta, agus is minic a mheallann an clár thart ar 400,000 éisteoir.
Le linn thréimhse Joe, bhí Liveline ina asraon ríthábhachtach do shaoránaigh. D’óstáil Joe réimse leathan clár teilifíse freisin, lena n-áirítear Liveline Callback agus The Meaning of Life, chomh maith le roinnt clár faisnéise a bhfuil clú orthu. Bronnadh go leor gradam ar Joe le linn a shlí bheatha, lena n-áirítear Gradam Jacob in 1992 as a chuid oibre ar The Gay Byrne Show, Gradaim IMRO éagsúla agus ionduchtaíodh é freisin in PPI Hall of Fame in 2013. Tá a dhírbheathaisnéis scríofa ag Joe, Just Joe, agus dhá leabhar staire a bhfuil duaiseanna buaite acu, Children of the Rising agus Children of the Troubles (le Freya McClements).
Dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir, RTÉ: “Más ag insint scéil atá díreach ag teacht isteach, amhail na chéad nóiméid chumhachtacha d’ionsaithe 9-11 sna Stáit Aontaithe, a bhí sé nó ag cabhrú leis an náisiún na dúshláin a bhaineann le paindéim dhomhanda a láimhseáil, ní hamháin go mbíonn a shúil ag Liveline Joe Duffy ar chúrsaí i gcónaí, is é cuisle an náisiúin é. Rinne Joe conspóidí a láimhseáil, scannail a thabhairt chun solais, camscéimeanna a nochtadh, mífhaisnéis a throid agus aird a dhíriú ar ábhair a ndearnadh neamhaird orthu le fada, idir mhí-úsáid stairiúil agus athchóiriú an chórais cúraim sláinte agus meanapás. Ba é Joe an treoraí seachas an scéal i gcónaí. Bhí cothromaíocht iontach idir a chuid léargas iriseoireachta agus a nádúr daonna, agus bhí Liveline, faoi chúram Joe, ina thearmann dóibh siúd a bhí ag lorg ceartais, agus ina chearnóg phoiblí a raibh smacht iomlán ag Joe air.”
Is mórphearsa craoltóireachta é Joe Duffy, agus beidh cumha millteanach ar dhaoine ina dhiaidh, idir a chuid éisteoirí agus a chomhghleacaithe, agus gach duine a bheir ar an bhfón agus a rinne teagmháil le beolíne an náisiúin. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Joe agus é ar scor agus ádh mór a ghuí freisin ar June agus ar theaghlach Joe. Cé go bhfuil sé ag éirí as Liveline, is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin, agus cuirfidh an teaghlach fearradh na fáilte roimhe.”
Dúirt Stiúrthóir Fuaime RTÉ, Patricia Monahan: “Is laoch amach is amach é Joe Duffy i gcraoltóireacht na hÉireann agus ní féidir moladh a dhóthain a thabhairt dó as a ndearna sé le RTÉ agus Liveline. Tá cumas ar leith ag Joe ceangal a dhéanamh le héisteoirí, áit shábháilte a chruthú dóibh chun ábhair thromchúiseacha agus éadroma a phlé agus níos tábhachtaí fós, iad a chloisteáil agus éisteacht leo. Ní bheidh na haerthonnta mar an gcéanna gan é, ach gabhaimid buíochas leis as bheith mar chuid dár saol laethúil chomh fada sin agus guímid gach rath air agus ar a theaghlach agus iad ag tabhairt faoin gcéad chaibidil eile.”
Beidh Joe Duffy ina aoi speisialta ag Patrick Kielty ar The Late Late Show san oíche amárach, agus iad ag ceiliúradh a 37 bliain sa chraoltóireacht. Cuirfidh Joe a Liveline deireanach i láthair Dé hAoine an 27 Meitheamh. Reáchtálfaidh RTÉ próiseas sna míonna amach romhainn chun duine a cheapadh sa ról agus táthar ag súil le fógra san fhómhar.
Tá RTÉ ag tnúth le hionchur Joe Duffy i gcomóradh 100 bliain an stáisiúin in 2026.
CRÍOCH