Buaiteoir Super Garden 2025 Fógartha
Is í Debbie Brophy buaiteoir Super Garden 2025. Is í seo an 16ú sraith den dúshlán dearthóireachta gairdíní seo inar taispeánadh arís buanna iontacha na ndearthóirí ardaidhmeannacha ar fud na tíre. Is as Laois Debbie ó dhúchas agus tá sí ina cónaí i gCill Dara anois.
Chuaigh sí i bhfeidhm ar na moltóirí lena gairdín fiadhúlra ‘bee happy’, atá bunaithe ar chóilíneacht de bheacha meala a bhog isteach ina gairdín féin anuraidh.
Craoladh clár deireanach na sraithe Super Garden anocht (Dé Máirt an 27 Bealtaine 2025) ar RTÉ One agus RTÉ Player agus fógraíodh Debbie ina buaiteoir. Beidh a gairdín ar taispeáint ag Bloom Bhord Bia, príomhfhéile garraíodóireachta na hÉireann, ar dheireadh seachtaine saoire bainc an Mheithimh.
Ag labhairt ar an mbua, dúirt Debbie: “Is mothúchán ollmhór é; beidh céad míle duine ag teacht lenár ngairdín a fheiceáil agus is rud an-mhór atá ann dúinn”.
Mhol Kerrie Gardiner, an Bainisteoir Gairdíní Taispeántais do Bloom Bhord Bia agus Príomh-mholtóir Super Garden, Debbie Brophy as a bua sa chomórtas. “Bhí an bua tuillte go mór ag Debbie i Super Garden 2025. Rinne sí jab iontach don úinéir tí, ag cruthú an ‘Bee Happy Garden’ lán le dathanna agus gnéithe do theaghlaigh a spreagann pailneoirí agus an bhithéagsúlacht chomh maith. Tugadh an-aird ar mhionsonraí in óstáin feithidí sainchóirithe an ghairdín, agus cabhraíonn an buta uisce a bhailíonn uisce ó dhíon an pheargóla le hinbhuanaitheacht timpeallachta a chur chun cinn. Tá áiteanna súgartha mealltacha agus suiteálacha idirghníomhacha sa dearadh freisin a spreagann cruthaitheacht agus foghlaim taobh amuigh don duine is óige sa teaghlach. Ar an iomlán, léiríonn an gairdín pearsantacht agus mianta na n-úinéirí, agus leanadh an dearadh go cuimsitheach.”
I gcomórtas na bliana seo tugadh cúigear dearthóirí nuálacha go dtí Baker Hall san Uaimh i gContae na Mí, i dtithe a thóg Glenveagh Homes le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Mí agus ón nGníomhaireacht Forbartha Talún tríd an Scéim Tithíochta Inacmhainne. Athraíodh gairdíní cúig theaghlach ó bhun ach ní raibh ach ceann acu in ann dul chomh fada le Bloom Bhord Bia.
Dúirt Brian Burke, moltóir Super Garden ag déanamh ionadaíochta thar ceann Woodie’s: “Fiafraíonn go leor daoine díom cén cineál dearaidh a fhaigheann an bua i Super Garden. Is é an freagra ná gur meascán rudaí atá ann – úrnuacht, gluaiseacht, dinimiceas, meascán suimiúil de phlandaí, gnéithe tógtha láidre, aird ar an inbhuanaitheacht, freagra iomlán agus dílis ar riachtanais an úinéir tí. I mbliana thaispeáin Debbie na rudaí sin ar fad agus go leor eile.”
Dúirt Monica Alvarez, moltóir Super Garden ag déanamh ionadaíochta thar ceann Dulux Exteriors: “Chonaiceamar ardcháilíocht i ndearaí Super Garden na bliana seo. Bhí gach dearadh éagsúil agus bhí téama láidir ag baint le gach ceann. Ba dheas é a fheiceáil go raibh dearthóirí sásta dul sa tseans agus dearaí neamhghnácha a chruthú. Cuireann gairdín Debbie go mór le Bloom, agus léirigh sí a cumas obair ar ardchaighdeán a chur i gcrích agus gairdín le teachtaireacht láidir a dhearadh. Táim an-bhródúil as an méid a chruthaigh sí.”
Dúirt Carol Marks, moltóir Super Garden agus Bainisteoir Gairneoireachta i mBord Bia: “Tá an bua tuillte go maith ag an dearthóir gairdíní seo i Super Garden 2025. Cé go bhfuil na dearthóirí go léir le moladh as na spásanna áille a chruthaigh siad dá n-úinéirí tí, chruthaigh Debbie spás draíochta a leanann treoir an úinéara go foirfe. Clúdaíonn an dearadh gach gné a bhí luaite ina treoir ag an tús agus tá iontais ann ar gach taobh. Chruthaigh sí gairdín agus aird tugtha aici ar an nádúr, le spásanna suaimhneacha ar féidir leis na daoine fásta taitneamh a bhaint astu agus machnamh a dhéanamh iontu, agus áit súgartha a samhlaíodh go foirfe atá in ann forbairt de réir riachtanais athraitheacha.”
Ba iad na dearaí gairdín eile a bhí le feiceáil i Sraith 16 de Super Garden ná:
- Gairdín ‘Fáilte Fiesta’ le Jorge Aragon Cano
- Gairdín ‘New Beginnings’ le Eileen Sung
- Gairdín ‘Culinary Canopy’ le Chris Walsh
- Gairdín Rosie Alabaster bunaithe ar an dán ‘Lake Isle of Innisfree’ le WB Yeats
Tá gach clár i Sraith 16 de Super Garden ag sruthú anois ar an RTÉ Player. Is é Vision Independent Productions léiritheoir Super Garden agus tá mórtas ar Woodie’s agus ar Dulux Exteriors urraíocht a dhéanamh air.
Beidh Bloom, clár speisialta ar an taispeántas bliantuil gairdíní, á chraoladh ar RTÉ One agus ar RTÉ Player Déardaoin an 29 Bealtaine ag 7pm. Tar i gcuideachta Áine Lawlor agus Marty Morrissey agus iad ag filleadh ar fhéile Bloom Bhord Bia i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath.
CRÍOCH