Clár iontach an tsamhraidh fógartha ag RTÉjr le hábhar dúchasach, a thacaíonn le beochan Éireannach den chéad scoth a bhfuil gradam buaite aige
An samhradh seo, is ábhar mórtais do RTÉ, i gcomhpháirtíocht le hearnáil bhríomhar na léiriúchán neamhspleách, séasúr spreagúil an tsamhraidh a fhógairt d’ábhar éagsúil atá cruthaithe go speisialta do na saoránaigh is óige in Éirinn. Mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ cláir uathúla Éireannacha a chur ar fáil ina bhfuil eolas, siamsaíocht agus inspioráid, cuirfear tús le cúig shraith nua leanúnacha dhraíochtúla ar RTÉjr agus ar RTÉ Player i mí na Bealtaine, an Mheithimh agus Iúil. Beidh na cláir seo lán le heachtraí draíochtúla, scéalaíocht chroíúil, agus eispéiris oideachasúla tarraingteacha, iad ar fad fréamhaithe i gcultúr agus i gcruthaitheacht na hÉireann.
- Faigh réidh le haghaidh am codlata leis an tsraith nua shuaimhneach Beddybyes.
- Is sraith nua mhealltach do leanaí é Séamus Goes Wild ina measctar puipéadóireacht beo-aicsin le clúdach iontach den fhiadhúlra, a thugann leanaí ar aistear i saol staire dúlra na hÉireann.
- Sparks – tá RTÉjr tar éis 7 ngearrscannán beochana Éireannacha a choimisiúnú bunaithe ar an téama ‘School’s Out’ a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player i mí Meitheamh 2025.
- Beidh eachtraí nua ag Maddie agus a madra treorach Triggs sa chlár beochana Maddie + Triggs a bhfuil gradam buaite aige.
- Sraith úrnua den chlár aoibhinn Fia’s Fairies.
Cruthaithe ag JAM Media, stiúideo a bhfuil gradam buaite aige, is clár suaimhneach, ildaite é BeddyByes do dhaoine óga. Tá sé leagtha amach go sonrach chun páistí óga a thabhairt ar aistear a threisíonn an gnáthamh ama codlata san oíche. Tar i gcuideachta na ndlúthchairde MeMo agus BaBa agus iad ag taisteal ar fud an phláinéid dhraíochta BeddyByes, ag bualadh le carachtair osnádúrtha a spreagann dea-chothú, aireachas agus cruthaitheacht.
Beidh sé á sheoladh ar RTÉjr an 7 Meitheamh, agus 10 gclár ar fáil níos luaithe ar RTÉ Player ón 31 Bealtaine.
Séamus Goes Wild – Is madra feirme beag fiosrach é Séamus a théann ar eachtraí go minic. Beidh an Feirmeoir Lily agus na hainmhithe ar Fheirm an Ghleanna Mhóir ag iarraidh é a choinneáil dírithe ar an obair, ach is maith le Séamus éalú amach chun an fhiantás taobh amuigh den gheata a fhiosrú. Ón gcoill go dtí an cósta, fiosróidh Séamas an dúlra, ag bualadh le gach cineál créatúr fiáin – cait crainn, madraí rua, cruidíní, mionainmhithe, fianna agus go leor eile. Beidh rud éigin nua le feiceáil i ngach clár, agus beidh neart spraoi, cairdis agus eachtraí iontacha. Tá Séamus Goes Wild faoi stiúir Julian Hills agus á léiriú ag Gmarsh TV do RTÉjr, agus déanfar ceiliúradh ar fhiosracht, ar an dúlra, agus ar an draíocht ar an taobh eile den fhál sceach. Tá gach clár de Séamus Goes Wild ag sruthú anois ar RTÉjr agus ar RTÉ Player.
Is bailiúchán seacht ngearrscannán beochana Éireannacha é Sparks – School’s Out, a bheidh á sheoladh ar fud RTÉjr, RTÉ 2 agus RTÉ Player an 9 Meitheamh. Tabharfaidh gach ceann léargas éasgúil ar dheireadh na scoile. Ó sheomraí ranga róbait agus séasúir athraitheacha go dtí uaigneas chiúin an fheighlí scoile tar éis an chloigín deiridh, léireoidh na scéalta beaga seo an sonas, an fhiosracht, agus na mothúcháin nach mbeifeá ag súil leo i dtús an tsamhraidh. Déanfaidh Sparks – School’s Out, á choimisiúnú ag RTÉjr, ceiliúradh spraíúil agus machnamhach ar an tsamhlaíocht, an t-athrú agus gach rud idir eatarthu.
Beidh na cláir seo a leanas san áireamh:
- Droid Academy faoi stiúir Will Sliney agus léirithe ag PioneerTown Productions.
- No Worries! faoi stiúir Chris Dicker agus léirithe ag D11 Stories.
- Points of Shoe faoi stiúir Jamie Mills agus léirithe ag Flickerpix.
- Pals faoi stiúir Tom Getty agus léirithe ag Taunt.
- Little One faoi stiúir Avery Angle agus léirithe ag Little Moon.
- The Caretaker faoi stiúir Leticia Agudo agus léirithe ag Wackala.
- Molly’s Myths faoi stiúir Gillian Comerford agus léirithe ag Boulder Media.
Maddie + Triggs – Tar i gcuideachta Maddie, cailín fiosrach le lagú radhairc atá seacht mbliana d’aois agus a labradúdal spraíúil Triggs agus iad ag baint eachtraí móra as gnáthfhuaimeanna an lae. Cibé an dordán folúsghlantóra nó torann báistí atá ann, aimseoidh an bheirt seo ceol agus draíocht sa domhan mórthimpeall orthu. Suite i mbaile ildaite Higgledy-Piggledy, is ceiliúradh croíúil é Maddie + Triggs ar chairdeas, ar fhuaim, agus ar dhearcadh eile ar an domhan. Beidh Maddie + Triggs ar ais le cláir úrnua ón 21 Iúil ar RTÉjr agus RTÉ Player.
Tá Fia’s Fairies ar ais. Léirithe ag Little Moon Animation, tá an tsraith réamhscoile seo a bhfuil gradam buaite aige ar ais le 24 clár nua draíochtúil a spreagann níos mó iontais i dtithe na hÉireann. Tá an-tóir ag leanaí agus ag tuismitheoirí araon ar Fia’s Fairies, ina ndéantar ceiliúradh ar chineáltas, fiosracht, comhoibriú agus grá teanga, i mBéarla agus i nGaeilge. Tá an clár tar éis Gradam an Lucht Féachana Réamhscoile a bhuachan ag Gradaim Bheochana na hÉireann 2022 agus daoine a mhealladh ar fud na tíre. Beidh cláir úrnua ar RTÉjr gach Luan ag 8:00am, agus craolfar arís iad ag 5:25pm, agus beidh gach clár á shruthú ar RTÉ Player. Lean leis an draíocht!
Dúirt Suzanne Kelly, Ceannasaí ar Ábhar do Leanaí agus Daoine Óga, RTÉ, “Tá an samhradh linn ar RTÉjr agus tá neart sraitheanna spraíúla againn don lucht féachana is óige chun é a cheiliúradh! In Séamus Goes Wild, rachaidh an madra óg is fearr le RTÉjr amach taobh amuigh ag cur ainmhithe na feirme agus ainmhithe an dúlra a chónaíonn in aice na feirme in aithne dúinn. Beidh Fia, Ameer, Bláithín agus Cuán ar ais le haghaidh níos mó eachtraí ar Oileán na Sióg i gcláir úrnua Fia’s Fairies. Seo bealach iontach chun an Ghaeilge a fhoghlaim fad is atá tú ag spraoi le Fia agus lena cairde! Beidh ár scéim do ghearrscannáin bheochana Sparks ar bhur scáileáin le 7 ngearrscannán úrnua bunaithe ar an téama School’s Out. Beidh Maddie + Triggs, a bhfuil an-tóir orthu i gcónaí, ar ais le heachtraí úrnua díreach in am chun taitneamh a bhaint astu le linn shos an tsamhraidh. Ar deireadh, tá ríméad orainn fáilte a chur roimh Beddybyes chuig RTÉjr. Sa tsraith iontach shuaimhneach seo d’am codlata, atá leagtha amach go sonrach chun bheith ar nós gnáthamh ama codlata leanaí óga, buailimid le MeMo, BaBa, Mamó Leeba, na Tweeties agus na Yummies, le haghaidh roinnt eachtraí gleoite roimh am codlata, an tsraith is fearr i ndáiríre chun cuidiú leis na leanaí titim ina gcodladh. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult astu!”
Is spás sábháilte é RTÉjr ag daoine óga chun bheith ag féachaint ar ábhar dúchasach na tíre seo le cláracha atá saor ó fhógraíocht agus atá ar fáil ar an Modh Sábháilte ar an RTÉ Player. Féach ar na sraitheanna seo ar fad ar RTÉjr agus ar RTÉ Player ar feadh an tsamhraidh seo.
-CRÍOCH-