É deimhnithe ag RTÉ go gcraolfar fiosrúchán faoi Thithe Altranais in Éirinn an tseachtain seo
In athrú sceidil, craolfaidh RTÉ clár faisnéise de chuid RTÉ Investigates an tseachtain seo, ina mbeidh píosaí scannánaíochta a tógadh faoi cheilt, faoin gcaighdeán cúraim i ngrúpa tithe altranais a bhfuil tithe acu i lár na tíre agus i mBaile Átha Cliath.
I ndiaidh do roinnt daoine a n-imní a nochtadh, chaith RTÉ Investigates roinnt míonna ag fiosrú grúpa tithe altranais príobháideach aitheanta in Éirinn, mar chuid de chlár faisnéise ar leith RTÉ Investigates – Inside Ireland’s Nursing Homes a chraolfar Dé Céadaoin an 04 Meitheamh ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Léirítear sa chlár teipeanna córasacha lena gcuirtear brú mór ar bhaill foirne cúram a thabhairt do roinnt áitritheoirí agus othar.
Chuaigh RTÉ Investigates i gcomhairle le saineolaithe neamhspleácha agus tá an méid a tháinig chun cinn curtha in iúl ag taighdeoirí RTÉ do HIQA agus do bhainistíocht na dtithe altranais, nuair a bhain sin leo, agus de réir sainchomhairle a fuarthas. Tá torthaí an fhiosrúcháin roinnte leis an ngrúpa tithe altranais príobháideach agus thug RTÉ an deis cuí dóibh freagra a thabhairt orthu. Tugadh aird ar chaighdeáin dhiana eagarthóireachta agus léiriúcháin faoi threoir threoirlínte iriseoireachta RTÉ féin.
Scór blianta ó shin thug Prime Time Investigates chun solais na coinníollacha agus na cleachtais oibre i dTeach Altranais príobháideach Leas Cross i Sord i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí an pobal ar buile faoin bhfaillí a bhí á dhéanamh ar áitritheoirí leochaileacha sa teach. Bunaíodh Coimisiún Imscrúdúcháin ina dhiaidh sin a rinne sraith moltaí. Chuir an scannal tús le díospóireacht go náisiúnta agus gheall lucht na polaitíochta an earnáil a leasú.
Beagnach scór blianta ina dhiaidh, tá daonra na hÉireann ag dul in aois. Meastar go dtiocfaidh méadú 50% ar líon na ndaoine a mhairfidh go mbeidh siad 65 bliain nó níos sine sna deich mbliana atá le teacht. Táimid ag maireachtáil níos faide ach cén aire atáimid a thabhairt dár saoránaigh aosta agus dár saoránaigh is leochailí?
Roinnfidh saineolaithe gairmiúla sa réimse a dtuairimí sa chlár faisnéise RTÉ Investigates seo ar an méid atá sna píosaí scannánaíochta faoi cheilt.
Deir an tOllamh Rónán Collins, Geiriatraí Comhairleach: “Tá an cúram ar fad a bhaineann leis an bhfear seo thar a bheith goilliúnach. Ní féidir cur síos a dhéanamh ar a mhéid a théann sé i gcoinne gach prionsabal geirinteolaíoch atá ríthábhachtach domsa”
Dúirt an tOllamh David Robinson le RTÉ Investigates go léirítear ann “easpa measa, ar bhonn córasach agus institiúide, ar an seanduine”.
“Giorróidh sé seo saol daoine agus beidh siad thar a bheith míshásta sa saol.”
Féach ar RTÉ Investigates: Inside Ireland’s Nursing Homes, san oíche Dé Céadaoin ag 9.35pm ar RTÉ One agus RTÉ Player.