An Ghig Mhór – ceoltóirí Éireannacha mar mheantóirí ar an gcéad ghlúin eile de cheoltóirí na tíre i sraith nua RTÉ.
Craolfar An Ghig Mhór, sraith nua a dhéanann ceiliúradh ar an ríméad a chuireann sé ar bhannaí a gcéad ghig a chur i láthair ina mbaile féin, ón Luan, 9 Meitheamh ag 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
Ba bhreá le gach banna a bheith mar phríomhbhanna ag Slane nó Páirc an Chrócaigh agus iad a dhíol amach, ach cén chaoi ar féidir é sin a bhaint amach?
I ngach clár, tugann meantóir ceoil Éireannach mór le rá cabhair do bhanna a bhfuil gealladh fúthu chun a gcéad ghig mhór sin a eagrú ina mbaile féin.
Leanann an tsraith na bannaí ceoil agus iad ag dul ón seomra suí go dtí an stáitse – ag aimsiú ionaid cheoil, ag iarraidh ticéid a dhíol, agus ag déanamh a seacht ndícheall seó den scoth a chur ar siúl.
Tugann An Ghig Mhór ardán do bhannaí ceoil óga atá ag teacht chun cinn, agus tabharfar léargas freisin ar an obair chrua, ar an gcruthaitheacht agus ar an dúthracht atá riachtanach chun do ghig féin a eagrú.
Leanann an tsraith banna ceoil amháin i ngach clár, ó Dhún na nGall go Cill Chainnigh. Tá na ceoltóirí cumasacha seo a leanas mar mheantóirí sa tsraith: John Spillane (thuas), Eve Belle, príomhamhránaí Kilá, Rónán Ó Snodaigh, Krea,a bhí ina ball den bhanna ceoil Wyvern Lingo, ceoltóirí hip-hop Tebi Rex (thíos), agus an t-amhránaí Síomha.
Beidh siad ag meantóireacht na gceoltóirí óga: The Donnys as Cill Chainnigh, an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Hannah B agus a banna ceoil as Gaoth Dobhair, Dún na nGall, Na hEasógaí as Conamara, Gaillimh, punc-racairí Léim an Bhradáin, The Hex, Coolboy as contae Laoise agus Leevy as Gaeltacht Mhúscraí i gCorcaigh. Tá fuaim ar leith ag gach banna agus bíonn siad ag seinm ceoil i mBéarla agus i nGaeilge.
Rinneadh An Ghig Mhór le tacaíocht ón scéim Fuaim & Fís de chuid Choimisiún na Meán, chomh maith le tacaíocht bhreise ó IMRO agus Gael Linn. 84/Ochtó4 Productions a léirigh an tsraith do RTÉ.
Craolfar An Ghig Mhór ón Luan 9 Meitheamh, 8pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player.
-CRÍOCH-
GRIANGHRAIF: https://we.tl/t-8VR7cmKoEp
Tuilleadh Eolais:
Éadaoin Nic Giolla Chomhaill, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ,eadaoin.nicgiolla@rte.ie
Nótaí chuig Eagarthóirí:
Bhunaigh Cian Mac Cárthaigh 84/Ochtó4 Productions in 2023 chun díriú ar ábhar agus ar chláir a bhaineann leis an gceol a léiriú. Léirigh 84/Ochtó4 Productions Kabin Crew’s Christmas Special do RTÉ One in 2024, clár a bhuaigh Gradam “Best Entertainment” ag na Gradaim RTS.
Is léiritheoir teilifíse agus raidió é Cian Mac Cárthaigh, a bhfuil gradaim buaite aige. Tá breis agus deich mbliana caite aige ag léiriú ábhair do RTÉ agus TG4. Is ceoltóir é freisin agus bhunaigh sé IMLÉ, comharghrúpa ceoil. Baineadh úsáid le déanaí as a n-amhrán Peacach mar cheol aitheantais ar an tsraith idirnáisiúnta ar Netflix, BODKIN.