BRONNADH DHEONTAIS AN RTÉ TOY SHOW APPEAL 2025 FÓGARTHA AG RTÉ AGUS AG FONDÚIREACHT PHOBAIL NA hÉIREANN
Tá os cionn €26 milliún bailithe ag an Toy Show Appeal ó bunaíodh é in 2020
Rachaidh 169 deontas chun tairbhe níos mó ná milliún leanbh i ngach contae in Éirinn
Tá liosta iomlán na ndeontas le fáil anseo
Tá sé fógartha ag RTÉ agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann inniu na 169 bhfaighteoir a bhainfidh tairbhe as bronnadh deontas an RTÉ Toy Show Appeal in 2025, agus táthar ag súil go gcuirfear athrú go deo ar shaol leanaí na hÉireann ar fud na tíre ar bhealaí éagsúla. Beifear ábalta é sin a dhéanamh mar gheall ar fhlaithiúlacht mhór lucht féachana RTÉ ar an Late Late Toy Show i mí na Nollag seo caite.
Cuideoidh freagairt ghnaíúil lucht féachana The Late Late Toy Show ar an achainí saol breis is 1 mhilliún leanbh, duine óg agus a dteaghlaigh a athrú ó bhonn agus bainfidh gach contae ar an oileán tairbhe as deontais ar fiú €5 mhilliún iad san iomlán. Go dtí seo, tá os cionn 26 milliún euro bailithe ag an Toy Show Appeal do charthanais Éireannacha ó bunaíodh é 5 bliana ó shin.
Cuireadh tús leis an RTÉ Toy Show Appeal sa bhliain 2020, agus ba é scéal Shaoirse Ruane as Cill Tulach i gCo. na Gaillimhe ba bhun leis, cailín a ndeachaigh sí féin agus a teidí Slush i gcion go mór ar mhuintir na tíre nuair a ghlac sí páirt in The Late Late Toy Show. Bhásaigh Saoirse faraor i mí an Mhárta 2024 gan í ach 12 bhliain d’aois.
Ag fógairt na ndeontas dó, is éard a dúirt Príomh-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst:
“Tá an RTÉ Toy Show Appeal ar cheann de na tionscnaimh is tábhachtaí atá ag RTÉ – táimid thar a bheith buíoch as flaithiúlacht lucht féachana an Late Late Toy Show. Chinntíonn bhur dtacaíocht leanúnach go leanfaidh an Toy Show Appeal de dhifear dearfach a dhéanamh do shaol na mílte leanbh agus a dteaghlaigh, ar fud an oileáin, ó thuaidh agus ó dheas. Maireann cuimhne Shaoirse Ruane le gach bliain den RTÉ Toy Show Appeal a reáchtáiltear, le saol na mílte duine óg ag athrú ó bhonn bliain i ndiaidh bliana.”
Tá sé fógartha inniu ag an RTÉ Toy Show Appeal agus ag Fondúireacht Phobail na hÉireann go bhfuil na ceithre charthanacht seo a leanas chun deontais a chuirfidh athrú ollmhór orthu a fháil, deontais ar fiú idir €95,000 agus 140,000 an ceann iad.
EXCHANGE HOUSE
Is tionscnamh meabhairshláinte faoi stiúir an phobail é Thriving Together atá dírithe ar thorthaí meabhairshláinte a fheabhsú do leanaí, daoine óga agus teaghlaigh den Lucht Siúil trí athléimneacht a chothú trí thacaíocht phiarthreoraithe agus idirghabháil ghéarchéime.
Tacaíonn an clár seo go díreach le leanaí agus daoine óga den Lucht Siúil, a mbíonn orthu dul i ngleic le hidirdhealú suntasach, dúshláin mheabhairshláinte agus bacainní ar rochtain a fháil ar sheirbhísí. Is é is aidhm don chlár rochtain ar thacaíocht mheabhairshláinte atá oiriúnach ó thaobh an chultúir de a mhéadú trí sheirbhísí faoi stiúir piaraí agus athléimneacht a fheabhsú i measc óige an Lucht Siúil. Dírítear ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna, ar mheantóireacht piaraí agus ar fhorbairt acmhainneachta, rud a léiríonn cur chuige réamhghníomhach luath-idirghabhála.
Léiríonn an tsamhail phiarthreoraithe agus cuimsiú guthanna pobail i leagan amach an chláir an bhéim atá ar aiseolas tairbheach a áireamh agus tionchar láidir pobail a chruthú.
Suim a Ceadaíodh: €140,000
THE CRANN CENTRE CLG
Cuireann The Crann Centre CLG athrú ó bhonn ar shaol leanaí agus teaghlaigh atá ag maireachtáil le míchumais néaraifhisiceacha trí chlár ar leith spraoi agus áineasa inrochtana a fhaigheann tacaíocht ó fhoireann agus áiseanna ildisciplíneacha den chéad scoth.
Tá sé aitheanta ag Crann go gciallaíonn easpa spásanna inrochtana, sainchuspóireacha, cuimsitheacha le haghaidh spraoi agus áineasa nach bhfuil deiseanna ag a gcliaint páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spraoi, dúlra agus sóisialta atá ríthábhachtach dá bhforbairt, dá sláinte agus dá bhfolláine. Tá gníomhaíochtaí Cláir Caipitil Shóisialta ar leith forbartha ag Crann ina spásanna inrochtana chun na deiseanna seo a chur ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh faoi mhíchumas néaraifhisiceach i gCúige Mumhan.
Cuireann Crann clár uathúil imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar fáil i gcaitheamh na bliana le hócaidí spraoi, cruthaitheachta, naisc shóisialta agus rannpháirtíochta ar siúl i saoráidí saintógtha laistigh agus lasmuigh Crann do leanaí agus do theaghlaigh atá ag maireachtáil le míchumais néaraifhisiceacha.
I measc a ngníomhaíochtaí faoin gClár Caipitil Shóisialta tá rochtain rialta ar chlós súgartha agus ar limistéar caomhantais uathúil inrochtana Chrann, campaí samhraidh lánchuimsitheacha, an chéad ghrúpa amharclannaíochta inrochtana in Éirinn, imeachtaí caomhnaithe, fiaigh dúlra, picnicí, beárbaiciú teaghlaigh, léirithe ceoil chomh maith le hIontas Geimhridh na Nollag inrochtana.
Suim a Ceadaíodh: €140,000
THE JACK AND JILL CHILDREN’S FOUNDATION
Cuireann Jack and Jill cúram altranais baile ar fáil faoi láthair do leanaí suas go dtí 6 bliana d’aois trí thacaíocht ríthábhachtach altranais agus faoisimh sa bhaile a chur ar fáil, atá saincheaptha do gach teaghlach. Tá sé beartaithe acu in 2025 na critéir aoise a shíneadh go 7 mbliana d’aois.
Is carthanas náisiúnta é Jack and Jill a mhaoiníonn agus a sholáthraíonn cúram altranais agus tacaíocht faoisimh sa bhaile do theaghlaigh atá ag tabhairt aire do leanaí suas le 6 bliana d’aois faoi láthair, a bhfuil moilleanna cognaíocha tromchúiseacha acu, a bhaineann le riachtanais chasta leighis. Áirítear leis seo leanaí a bhfuil gortú inchinne, diagnóisí géiniteacha agus riochtaí neamhdhiagnóisithe orthu. Cuid ríthábhachtach dá seirbhís is ea cúram deireadh saoil do gach leanbh suas go dtí 6 bliana d’aois, beag beann ar dhiagnóis. In 2024, thacaigh Jack and Jill le 539 dteaghlach ar fud na hÉireann le cúram altranais sa bhaile agus thug siad breis agus 129,000 tacaíocht faoisimh.
Tá siad ag tabhairt aire faoi láthair do 436 teaghlach agus ó bunaíodh iad i 1997, tá tacaithe acu le 3,147 teaghlach. Bunaithe ar thorthaí láithreacha óna síneadh píolótach go 7 mbliana, tá sé beartaithe acu gur suas go dtí an aois chaighdeánach seo a mbeidh Jack and Jill ag cur tacaíocht ar fáil amach anseo. Ciallaíonn sé seo go mbeidh rogha ag tuismitheoirí, nuair a bheidh 6 bliana d’aois slánaithe ag an leanbh, leanúint ar aghaidh ag fáil suas le 20 uair an chloig de chúram baile in aghaidh na míosa ar feadh bliana breise.
Suim a Ceadaíodh: €140,000
CÚNAMH DO MHNÁ
Tá sé i gceist ag Cúnamh do Mhná cur leis an tionchar a bhíonn ag an tionscadal uathúil Too Into You don óige atá i mbaol mí-úsáid páirtí dlúthchaidrimh nó atá faoi réir mí-úsáid páirtí dlúthchaidrimh trí oideachas a chur orthu siúd atá ag obair le leanaí/an óige agus trí fheasacht agus abhcóideacht a chruthú i measc daoine óga ó phobail éagsúla.
Tá Cúnamh do Mhná ag oibriú chun tionchar an fhoréigin agus na mí-úsáide baile a chosc agus chun aghaidh a thabhairt air, lena n-áirítear rialú comhéigneach in aghaidh ban agus leanaí, ó 1974 i leith. Tá a gcuid oibre bunaithe ar chur chuige ilghnéitheach a chomhcheanglaíonn seirbhísí díreacha le taighde, oiliúint, oideachas agus abhcóideacht. Is é an fhís atá acu ná Éire chomhionann gan aon chaoinfhulaingt maidir le mí-úsáid bhaile, agus gach cineál foréigin in aghaidh na mban.
Suim a Ceadaíodh: €95,000
Déanfaidh ár gcomhpháirtí carthanais, Fondúireacht Phobail na hÉireann, a bhainistíonn an próiseas deontais thar ceann RTÉ agus a lucht féachana, an chuid eile de na tabhartais a roinnt ar 165 carthanacht eile ar fud oileán na hÉireann. I measc na gcarthanas is faighteoir tá eagraíochtaí amhail Pieta House, The Saoirse Foundation (Bumbleance), Oscar’s Kids Ireland, Nasc an tIonad um Chearta Imirceach agus Dídeanaithe agus Ionad Cruthaithe Aeróige na hÉireann.
Dúirt Denise Charlton, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Fhondúireacht Phobail Éireann:
“Is mór an onóir é flaithiúlacht lucht féachana The Late Late Show a iompú isteach ina ngníomhaíochtaí a thacaíonn le leanaí agus le teaghlaigh i ngach contae agus tá an-bhród orainn go léir faoi sin i bhFondúireacht Phobail na hÉireann. Arís eile, bhaineamar úsáid as ár saineolas mar mhol daonchairdiúil deontas le 25 bliana chomh maith le léargais ó phobail, ó abhcóidí agus ó thaighdeoirí chun deontais a chur i gcrích a mbeidh tionchair agus torthaí dearfacha acu. Cuireann na léargais sin ar ár gcumas freagairt do dhúshláin sheanbhunaithe agus do dhúshláin atá ag teacht chun cinn araon. Déanaimid comhghairdeas le gach carthanacht a d’éirigh leo. Cinnteoidh bhur gcuid oibre le teaghlaigh go leanfaidh draíocht an Toy Show ag tarlú gach lá inár bpobail.”
Gheobhaidh tionscadail agus eagraíochtaí áitiúla i ngach contae in Éirinn deontais chun cabhrú le réimse leathan riachtanas, lena n-áirítear freastal ar bhunriachtanais amhail bia agus nithe bunúsacha, tacaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumais, cruthaitheacht agus spraoi agus tacaíocht mhéala. Bronnadh níos mó ná £325,000 ar 20 carthanas agus eagraíocht i dTuaisceart Éireann lena n-áirítear Ionad Leanaí agus Teaghlaigh Rainbow, The Cedar Foundation, In Your Space Circus, Lightyear Foundation agus Sticky Fingers.
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais agus íomhánna a fháil déan teagmháil le do thoil le:
Caoilinn Putti, Ceannasaí Cumarsáide RTÉ, caoilinn.putti@rte.ie | 087 032 4186
Rayna Connery, Ceannasaí Cumarsáide Sinsearach RTÉ, rayna.connery@rte.ie | 087 9862902
Nóta d’Eagarthóirí:
Is féidir íomhánna a fháil anseo.
Áirítear sna grianghraif láithreoir The Late Late Show Patrick Kielty ag casadh le leanaí, tuismitheoirí agus cúramóirí ag Ospís Laura Lynn.
Cuirtear deontais ar fáil faoi thrí phríomhréimse tacaíochta:
• Aghaidh a thabhairt ar Riachtanais Riachtanacha chun cabhrú leis na leanaí sin i ngach contae a bhfuil na dúshláin is mó rompu. I measc na dtionscadal tá: tacaíocht teaghlaigh do leanaí ar fud na hÉireann atá i mbaol bochtaineachta bia, teiripe agus comhairleoireacht do leanaí agus do dhaoine óga atá thíos le heaspa dídine, agus saintacaíocht dlí do leanaí sa chóras cúraim.
• Dírítear faoin réimse Sláinte agus Folláine ar thacaíocht a thabhairt do leanaí atá faoi mhíchumas agus a bhfuil orthu maireachtáil le riochtaí a chiorraíonn a saol. San iomlán, tá os cionn €1.5m á bhronnadh i mbliana chun seirbhísí sláinte, tacaíochtaí míchumais, folláine intinne agus teiripe a chur ar fáil.
• Cinnteofar faoin réimse Cruthaíocht agus Spraoi go gcuirfear neart dathanna, cruthaíochta agus spraoi ar fáil do leanaí faoi mhíbhuntáiste.
RTÉ Toy Show Appeal
Bunaíodh an RTÉ Toy Show Appeal in 2020 agus tá os cionn €26 milliún bailithe aige do charthanachtaí leanaí go dtí seo. Meastar go gcuidíonn an Achainí le breis is 1 mhilliún leanbh agus a ndaoine muinteartha gach bliain. Tá an RTÉ Toy Show Appeal ann mar Chiste Molta Deontóra leis an gcarthanacht chláraithe, Fondúireacht Phobail na hÉireann (Uimhir Carthanacht Chláraithe: 20044886). Rinneadh measúnú neamhspleách ar iarratais ar dheontais ón RTÉ Toy Show Appeal 2024 tar éis próiseas iarratais oscailte a osclaíodh go luath in 2025.
Fondúireacht Phobail na hÉireann
Tá Fondúireacht Phobail na hÉireann, a deontóirí agus a lucht tacaíochta ar mhisean chun Comhionannas a chinntiú do Chách i bPobail atá faoi Bhláth. Ón mbliain 2000 i leith, tá an Fhondúireacht ina mol daonchairdiúil, ag obair le 5,000 comhpháirtí deonach, pobail agus carthanachta. Tá sé ina chomhpháirtí carthanachta ag an Toy Show Appeal ó bunaíodh é in 2020.