Scéalta Suntasacha de chuid na hÉireann agus Gnéithe Spéisiúla de Shaol na hÉireann ar Chláir Faisnéise an tSamhraidh ag RTÉ
D’fhógair RTÉ inniu mionsonraí faoi chláir faisnéise arna léiriú in Éirinn a chraolfar ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player le scéalta comhaimseartha agus scéalta stairiúla a bhaineann go sainiúil leis an tír seo.
Ríomhfar scéal cráite Natasha O’Brien ag teacht ó ionsaí, a bhfuil i ndán agus ísliú i gcónaí ar líon na misinéirí Éireannacha, tuairisc mhion ar NORAID, cuntas domhain faoin saol atá ag Búdaithe i mBéarra agus tuilleadh ar réimse leathan de chláir aonair agus de shraitheanna faisnéise ar RTÉ i rith mhíonna an tsamhraidh.
Natasha
Dé Céadaoin, an 25 Meitheamh, 9.35 i.n.
Tar éis do shaighdiúir airm í a ionsaí agus foréigean a imirt uirthi agus don saighdiúir—a ciontaíodh sa choir—a bheith saor tar éis pianbhreith ar fionraí a ghearradh air, diúltaíonn Natasha O’Brien, bean óg as Luimneach, fanacht ina tost. Spreagann an agóid phoiblí a rinne sí, i gcoinne pianbhreith chomh héadrom, aighneas agus plé náisiúnta ar an gcaoi a gcaitear faoi chóras ceartais na hÉireann le daoine a fhulaingíonn foréigean bunaithe ar inscne. Leantar Natasha go miondlúth tuisceanach sa scannán faisnéise ríláidir seo ina léirítear an lorg a fhágann ionsaí treascrach, agus an brú a eascraíonn ina dhiaidh sin ó chóras ceartais atá lochtach, ar shaol na mná óige agus an dóigh ina bhféachann sise le feachtasaíocht chun sochair a chruthú as an dochar atá á fhulaingt aici.
The Phone Box Babies
Dé Céadaoin, an 2 Iúil, 9.35 i.n.
Tugtar léargas nua in The Phone Box Babies ar an saol a bhí i ndán do thriúr naíonán a tréigeadh in áiteanna éagsúla ar fud na hÉireann i rith na 1960idí. Tháining daoine a bhí ag dul an bealach go fánach ar na páistí seo i mboscaí teileafóin agus i gcarr gan aon leid cé dár díobh iad. Thángthas ar David McBride, a rugadh sa bhliain 1962, fágtha i gcarr i gcabhsán i mBéal Feirste. Thángthas ar John Dowling, a rugadh sa bhliain 1965, fágtha i mbosca teileafóin i nDroichead Átha. Thángthas ar Helen Ward, a rugadh sa bhliain 1968, fágtha i mbosca teileafóin i nDún Dealgan. Uchtaíodh gach duine den triúr agus d’fhás siad aníos in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Sa chlár faisnéise seo, tiomsaítear mionsonraí faoi thuismitheoirí na bpáistí, na háiteanna a mb’as iad agus na cúiseanna a bhí lena dtréigean. Leathchéad bliain dár gcionn, ina ndaoine fásta dóibh, faigheann siad amach faoin gceangal atá acu lena chéile agus tosaíonn ar thuras tochtmhar go bhfaighidh siad amach cé dár díobh iad.
NORAID: Irish America & The IRA
Ag tosú Dé Céadaoin an 9 Iúil, ag 9.35 i.n..
Clár faisnéise ina dhá chuid trína ríomhtar scéal an méid a rinne Éireannaigh Mheiriceá le linn na coimhlinte i dTuaisceart Éireann: i mbun airgead a bhailiú, obair bholscaireachta agus a smuigléireacht gunnaí. Ar NORAID: Irish America & the IRA, insítear faoi dhream de Ghaeil Mheiriceá a rinne urlabhraíocht thar ceann ghluaiseacht an Phoblachtánachais i Stáit Aontaithe Mheiriceá i rith na tréimhse sin. Scrúdaítear sa tsraith faisnéise, trí chuntais ó bhéal na ndaoine a bhí páirteach ann agus trí fhoinsí cartlainne a úsáid den chéad uair, mar a d’athraigh Gaeil-Mheiriceá ó bhailiú airgid i dtithe ósta sa Bronx go dtí brú a chur ar Bill Clinton, ina iarrthóir i réamhbhabhtaí an pháirtí dó sa bhliain 1992 roimh thoghchán na hUachtaránachta – stocaireacht ónar eascair ceann de phointí cinniúnacha Phróiseas na Síochána nach raibh ach ina thús ag an am: Víosa isteach sna Stáit Aontaithe do Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin.
Listen to the Land Speak
Ar Listen to the Land Speak, léiríonn Manchán Magan an t-ábhar eolais agus gaoise a bhaineann le dreach na tíre agus leis na miontais agus scrúdaíonn sé na bealaí inar múnlaíodh dá réir an dearcadh atá againn ar an domhan. Caitheadh ceithre ráithe leis an scannánaíocht agus ríomhtar an scéal ó Ghrianstad an Gheimhridh go Bealtaine agus ó Dhomhnach na Cruaiche go Samhain. Ar feadh an turais, buaileann Manchán le seandálaithe agus miotaseolaithe, le scríbhneoirí agus le seamain, agus cloiseann tuairimí éagsúla uathu faoin gceangal a bhí ag ár sinsir leis an talamh agus leis an taobh tíre ina dtimpeall. Tagann scéal ríphearsanta chun cinn gan choinne – agus é ag féachaint leis an ngaol atá idir an tsochaí agus an dúlra a leigheas – nuair a thuigtear do Mhanchán go bhfuil míréir thromchúiseach ag baint leis féin freisin ionas go dtugtar air suíomhanna agus tuiscintí na seandachta seo a fheiceáil ar bhealach iomlán nua.
Don’t Forget to Remember
Clár faisnéise neamhghnách é seo le Ross Killeen (Love Yourself Today) ina gcuirtear scéal tochtmhar pearsanta i láthair faoin ealaíontóir Asbestos agus é ag féachaint le cuimhní cinn a mháthar a chur i ndiaidh a chéile agus iad ag dul in aimhréidh uirthise mar gheall ar ghalar Alzheimer a bheith ag teacht chun cinn. Baineann a chuid saothair le meath na cuimhne in íomhánna atá somhillte díomuan iontu féin. Cíorann Killeen agus Asbestos in éineacht a fhurasta a tharlaíonn an chuimhne a shárú agus tagann ar an gcomhairle, ainneoin an deighilt agus an scaipeadh a thagann le galar Alzheimer, go leanann an chuimhne ar an lucht gaoil go fada dílis, fiú más trína chéile sin in intinn an té a fhulaingíonn an galar sin. Portráid cháiréiseach an saothar ar mheath na cuimhne i mbean faoi leith agus ceiliúradh an tráth céanna ar theaghlach dlúth ceanúil ag tarraingt le chéile ainneoin an ghalair.
The Last Irish Missionaries
Léiríonn Bryan Dobson agus Dearbhail McDonald an t-athrú suntasach a tháinig ar ghluaiseacht misinéireachta na hÉireann, ón gcóilíneachas creidimh go dtí bearta féiníobairte agus daonchairdis; ó “chumhacht bhog” na hÉireann faoi bhláth go dtí suarachas drochíde agus cur i gcéill. Sa lá atá inniu ann, tá deireadh ag teacht le ré mhisinéirí na hÉireann. Tá beagnach an uile dhuine de mhisinéirí na linne seo amach go maith sna blianta – cén oidhreacht a fhágfar ina ndiaidh? Agus cé, más duine ar bith é, a thiocfaidh ina n-áit? Scrúdaíonn Dearbhail agus Bryan na cúiseanna a bhí ag an oiread sin de shagairt, de mhná rialta, de bhráithre agus de shiúracha tuata agus rialta eile dul chomh fada ó bhaile agus a bhí ann ag craobhscaoileadh an tSoiscéil. Cloiseann siad tuairiscí ó na daoine sin ar ar thaithigh siad féin agus ar an tionchar a bhí acu ar dhaoine ar fud an domhain. Léiríodh The Last Irish Missionaries le cúnamh airgid as an gciste Fís agus Fuaim a ritheann Coimisiún na Meán.
The Breaking Wave – The Buddhists of Beara
Fadscannán faisnéise é seo ina n-insítear scéal iontach Dzogchen Beara, tearmann spioradálta suite i gceantar sceirdiúil Bhéarra in iarthar Chorcaí. Peter agus Harriet Cornish a bhunaigh an t-ionad sa bhliain 1973 agus ceapadh Sogyal Rinpoche, teagascóir iomráiteach Búdachais ina stiúrthóir spioradáltachta san ionad sa bhliain 1994. Breis agus 20 bliain dár gcionn, ba mhór a croitheadh an pobal nuair a tuigeadh gur duine Rinpoche a rinne géarleanúint gnéis i gcásanna i ndiaidh a chéile. Le cead scannánaíochta ar feadh breis agus cúig bliana, tugann Maurice O’Brien leis sa scannán iarrachtaí an phobail déileáil leis an scannal sin agus le bás Peter Cornish an tráth céanna a raibh an chéad teampall Búdaíoch Tibéadach in Éirinn a thógáil. Arna léiriú le cúnamh airgid as an gciste Fís agus Fuaim a ritheann Coimisiún na Meán agus ó Fhís Éireann.
Home: The Story of Zak Moradi
Insítear ar Home: The Story of Zak Moradi faoi Zak a rugadh i gcampa san Iaráic an lá ar cuireadh tús le Cogadh na Murascaille. Insíonn Zak agus a mhuintir faoinar éirigh dóibh ag éalú óna n-áit dúchais go ndearna bun in athuair in Éirinn, an caidreamh a chothaigh Zak leis an bpobal tríd an gcumann áitiúil den CLG agus chomh tógtha agus atá sé le himirt iománaíochta. 20 bliain tar éis dó an Iaráic a fhágáil, téann Zak ar ais a thuras corraitheach, scéal spreagúil tochtmhar is ábhar dóchais faoina dhochloíte atá an duine agus faoin tábhacht atá le ceangal leis an áit dúchais agus tuiscint air. Taispeánadh an scannán faisnéise seo den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe anuraidh.
Mrs Robinson
Is é scéal Mary Robinson – as a béal féin den chéad uair – atá in Mrs Robinson, léargas ar aighneasaíocht le leathchéad bliain agus níos mó ar mhaithe le ceart agus cóir agus cothroime; ar na sráideanna, sa chúirt, ag boscaí vótála agus i gcúlseomraí árais na cumhachta. Dlíodóir feachtasaíochta agus Seanadóir a bhí inti i dtús a ré gairme, spreag Mary Robinson crith talún i gcúrsaí toghchánaíochta nuair a toghadh ina hUachtarán í sa bhliain 1990. Ina hArd-Choimisinéir de chuid na Náisiún Aontaithe di ina dhiaidh sin, d’fhág sí oidhreacht leanúnach lena cuid feachtasaíochta, í ag seasamh go fuarintinneach in aghaidh lucht drochíde agus shéanadh chearta an duine ar fud an domhain agus ag tabhairt a ndúshlán. Tá ceannródaíocht ar siúl go dtí an lá atá inniu ann aici ina Cathaoirleach ar The Elders, dream neamhspleách de cheannairí domhanda (arna chur ar bun ag Nelson Mandela) a shaothraíonn ar mhaithe leis an tsíocháin, leis an gceartas agus le cearta an duine.
Pray for our Sinners
Tugtar tuairisc in Pray for Our Sinners ar Shinéad O’Shea ag teacht ar ais go dtí an Uaimh, a baile dúchais, go scrúdaíonn sí an tionchar a bhí ag an Eaglais Chaitliceach ar an bpobal ansin le fiche bliain anuas agus níos mó. Le cuntais ó bhéal, léirítear sa scannán a raibh le sárú ag máithreacha neamhphósta, an t-uafás a bhain le hárais máithreacha agus naíonán agus a mhinice a d’imrítí foréigean ar leanaí i scoileanna Caitliceacha. Bhí an beagán ann a sheas in aghaidh chumhacht fhorleathan na heaglaise: bean a dhiúltaigh a páiste a chur á uchtáil; buachaill 9 mbliana d’aois a raibh de mhisneach ann labhairt amach faoi dhrochíde a thug múinteoirí dó; agus, lánúin a chuir seirbhís beartú muiríne ar bun agus a bhí glórach i bhfeachtas in aghaidh píonós coirp.
Football Families
Sraith trí cinn de chláracha siamsúla lán le haicsean atá in Football Families ina bhfeictear roinnt de na himreoirí óga sacair is fearr in Éirinn a chuireann rompu bealach a dhéanamh go saol géariomaíochta na n-imreoirí gairmiúla. Rinneadh scannánaíocht ar chúl téarmaí le sárimreoirí óga in acadamh sacair Shelbourne F.C., curaidh shraith na hÉireann. Bhí an scannánaíocht ar siúl agus na babhtaí cinniúnacha de shraith na bliana 2024 ar siúl, nuair a bhuaigh Shelbourne faoi bhainistíocht Damien Duff. Trí mhionscrúdú a dhéanamh ar roinnt den chúlbheartaíocht, léirítear sa tsraith gur spórt do na sluaite an sacar, ach gur beag atá in ann slí bheatha a bhaint as. Traenálann na déagóirí díograiseacha dúthrachtacha le chéile, gan haird ar éagsúlacht bunaidh ná dúchais, go mbíonn fite go dlúth ina bhfoirne a dhéanann iomaíocht chrua. Léirítear lena gcuid scéalta an brú a bhíonn orthu agus an t-iniúchadh grinn a dhéantar orthu agus iad ag déileáil le fírinne an tsaoil ag imreoirí sacair sárleibhéil.
North Circular
Bronnadh gradaim éagsúla ar an gclár faisnéise North Circular a théann ó cheann ceann an Chuarbhóthair Thuaidh i mBaile Átha Cliath. Is ábhar spéise scéalta corraitheacha charachtair na háite agus cuireann bailéid thraidisiúnta agus ceol na ndaoine leis an gcur i láthair. Músclaítear na scáileanna a bhíodh, chomh maith le hábhar coimhlinte agus ceiliúrtha na linne seo, ar North Circular agus greann mhuintir Bhaile Átha Cliath le brath ar an insint. Tá ceoltóirí de chuid na háite le cloisteáil ar an scannán freisin, ina measc John Francis Flynn, Séan Ó Túama, Eoghan Ó Ceannabháin, Ian Lynch & Gemma Dunleavy.
Breaking Out
Ba é Fergus O’Farrell an t-amhránaí cumasach le Interference, ceann de na bannaí ba spéisiúla agus ba mhó tionchar i saol an cheoil in Éirinn i rith bhlianta na 1990idí, agus is mar gheall ar an amhrán Gold a bhí sa bhfuaimrian le Once ba mhó cáil air. Ainneoin gur tuigeadh ó bhí sé óg go raibh diostróife mhatánach air, lean Fergus air ag amhránaíocht. Spreag an cumas ar leith a bhí ann, agus a dhearcadh i leith an tsaoil, glún nua cumadóirí amhrán. Bhí Glen Hansard, a bhfuil gradam Oscar aige, ar dhuine acu sin agus i gceann de bhuaicphointí iomadúla an scannán Breaking Out, tá seisean ag seinm agus ag canadh in éineacht le Fergus nach móide é a dhéanamh ina aonar níos mó ann. Bronnadh an gradam don Scannán Faisnéise is Fearr de chuid na hÉireann ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2019 ar Breaking Out a ndearna an stiúrthóir, Michael McCormack scannánaíocht air ar feadh tréimhse deich mbliana.
Sightless Cinema
Cúrsa na bliana ag Sightless Cinema, bealach drámaíochta fuaime, agus iad ag tabhairt faoin seó is suntasaí fós dá gcuid. Dream daoine atá dall nó a bhfuil lagú ar an amharc acu iad an Sightless Cinema a chruthaíonn drámaí fuaime le cur i láthair in amharclanna agus i bpictiúrlanna. Ciarán Taylor, léiritheoir amharclainne agus Rachel Ní Chuinn, ealaíontóir fuaime, a bhunaigh Sightless Cinema sa bhliain 2015 agus d’fhás an grúpa beag bídeach go bhfuil anois ina dhream forleathan ar fud na tíre. Lean Gareth Stack, stiúrthóir an scannáin, Sightless Cinema ag cleachtadh don seó nua agus á chur i láthair ar fud na hÉireann. Pléann daoine den ghrúpa go neamhbhalbh mar a chaill siad an t-amharc agus an lorg atá fágtha aige sin ar an saol acu. Feictear próiseas na cruthaitheachta agus é ar bun acu. Amharclannaíocht fuaime den scoth bunaithe ar a dtaithí féin ar an saol á chruthú ag Sightless Cinema.
The Graceless Age – The Ballad of John Murry
Fadscannán faisnéise faoi John Murry, an fear déanta agus canta amhrán, a raibh cáil agus iomrá á thuar air sula ndeachaigh an saol in aimhréidh air nuair a d’eisigh sé an t-albam Graceless Age (2013). In Éirinn a fuair sé faoiseamh tar éis dó a theacht anseo, tugtha traochta ó thaobh cruthaitheachta, in ísle brí go dtí gur spreag tír agus muintir na hÉireann athmhúscailt ann. Sa scannán dodhearmadta seo, feictear John á thabhairt ar bhealach na smaointe ar ais go Mississippi mar a ndearnadh faillí ann le linn a óige, ag plé cheangal an teaghlaigh le William Faulkner, an t-údar ar bronnadh Duais Nobel air, agus ag teacht ar thuiscint i ndeireadh báire, agus ar leigheas, trí íocláinte an cheoil.
Fógrófar in am tráth sonraí faoi chláir faisnéise eile agus faoi chúrsaí sceidil.
Beidh na dátaí craolta do chláir faisnéise eile de chuid RTÉ á socrú i rith an tsamhraidh agus mioneolas ar fáil ar RTÉ Presspack.