
Tá sé fógartha ag RTÉ gurb é Mark Bignell an tEagarthóir Coimisiúnaithe do Choiméide tar éis comórtas poiblí. Spreagfar forbairt agus soláthar cláracha Coiméide RTÉ leis an bpost eagarthóireachta sin. Oibreoidh an tEagarthóir Coimisiúnaithe le comhpháirtithe in earnáil cruthaitheachta na hÉireann chun réimse uaillmhianach agus éagsúil formáidí grinn a mhúnlú, ag forbairt tallann nua chomh maith le hoibriú le scríbhneoirí agus taibhléiritheoirí seanbhunaithe.
Tá an ceapachán seo i gcomhréir le Straitéis Treo Nua RTÉ agus gealltanas RTÉ coimisiúnú ón earnáil léiriúcháin neamhspleách a mhéadú.
Is léiritheoir grinn é Mark a bhfuil gradaim buaite aige agus níos mó ná deich mbliana taithí aige ar shiamsaíocht ghrinn agus ar ghreann scripte. D’fhorbair agus léirigh sé ábhar do BBC, Channel 4, agus RTÉ, agus i measc a chuid saothar tá Mrs Brown’s Boys (BBC/RTÉ), Queen of the New Year (BBC Scotland), How We Forgot to Save the Planet, a fuair an gradam RTS (Channel 4), How Not to Win The Eurovision (BBC Scotland), agus faoi láthair, tá sé ag léiriú an chláir speisialta Nollaig Two Doors Down (BBC Studios).
Tá dea-theist ag Mark maidir le greann sainiúil ardtionchair a léiriú agus a fhorbairt – ó phíolótaí go sraitheanna agus formáidí a craoladh cheana – agus tacú le guthanna atá ag teacht chun cinn agus le tallann seanbhunaithe araon. Léirigh sé oícheanta greann beo i nGlaschú agus ag Féile Dhún Éideann.
Is as Contae an Dúin é, agus fuair sé céim i Staidéar ar na Meáin in Ollscoil Ulaidh sula bhfuair sé post ina léiritheoir faoi oiliúint le BBC Thuaisceart Éireann.
Dúirt Mark Bignell: “Tá ríméad orm a bheith ag obair le RTÉ agus is tréimhse an-spreagúil í seo don ghreann Éireannach. Agus an oiread sin de thallann iontach timpeall orm – is fada liom go dtosóidh muid ag obair chun cláracha a fhorbairt atá dána, éagsúil agus ina léiriú ar Éirinn nua-aimseartha… ach atá thar a bheith greannmhar ag an am céanna!”
Is éard a dúirt Steve Carson, an Stiúrthóir Físeáin: “Tá an-áthas orm go bhfuil Mark chun bheith linn ina Eagarthóir Coimisiúnaithe do Choiméide, seánra thar a bheith tábhachtach lena gcuirtear ábhar ar fáil do lucht féachana na teilifíse agus lucht féachana RTÉ Player araon. Tá dea-theist aige maidir le tallann chruthaitheach nua a fhorbairt chomh maith le cláracha nua a chur ar fáil, agus is féidir lenár lucht féachana a bheith ag tnúth le liosta láidir cláracha grinn ó RTÉ.”
CRÍOCH
Dáta: 7 Iúil 2025