Réamhaisnéisí Aimsire Nua Seolta ag RTÉ
– Feabhas á chur ar Chraolachán Seirbhíse Poiblí le Nuálaíocht, Cruinneas, agus Inbhuanaitheacht
– Mionsonraí réigiúnacha nua agus bailte áitiúla le feiceáil
Is ábhar mórtais é do RTÉ uasghrádú mór ar a réamhaisnéis aimsire a thaispeáint inniu (Dé Luain) trí chóras grafaicí úrnua agus cur i láthair ar an scáileán a sheoladh. Is é seo an chéad mhór-athchóiriú amhairc le breis agus ocht mbliana, rud a léiríonn tiomantas athnuaite don tseirbhís phoiblí, don chreidiúnacht eolaíoch agus don léiriúchán inbhuanaithe.
Ón lá amach, beidh an lucht féachana sa bhaile in ann léarscáil 3T d’Éirinn le topagrafaíocht fheabhsaithe a fheiceáil lena mbeidh siad in ann sléibhte, gleannta agus cóstaí a fheiceáil níos soiléire. Beidh bailte agus réigiúin áitiúla aibhsithe astu féin anois, agus beidh sé níos éasca ag daoine réamhaisnéisí sainchóirithe a fheiceáil don áit ina bhfuil siad ina gcónaí.
Beidh rabhaidh aimsire thromchúiseacha le feiceáil i bhformáidí ardchodarsnachta le cló trom chun go mbeidh tionchar níos mó acu, agus taispeánfar réamhaisnéisí le himeacht ama anois sna beochaintí – amhail báisteach a ghluaiseann ar fud na tíre nó teochtaí a ardaíonn le linn na seachtaine – rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca tuiscint a fháil ar an gcaoi a dtiocfaidh athrú ar dhálaí aimsire.
Trí na samhlacha réamhaisnéise is déanaí agus na sonraí aeráide atá ag teacht chun cinn a chomhtháthú, fágann an córas nua gur féidir feabhas a chur ar chruinneas agus ar léirshamhlú dhálaí aimsire na hÉireann atá ag athrú go tapa. Cuireann seo feabhas ar chumas Aimsir RTÉ eolas tábhachtach a roinnt go soiléir agus go tapa leis an bpobal an uair is mó a mbíonn gá leis.
Agus 58 réamhaisnéis á léiriú gach seachtain, tá stiúideo Aimsir RTÉ agus an fhoireann meitéareolaithe agus láithreoirí ar cheann de na timpeallachtaí léiriúcháin is gníomhaí san eagraíocht, agus cuirtear eolas iontaofa tráthúil ar fáil do lucht féachana ar fud ardáin físe, fuaime agus ar líne. Sa chóras uasghrádaithe cuirtear soiléire úr, aeistéitic nua-aimseartha, agus uirlisí scéalaíochta aimsire feabhsaithe ar fáil do gach réamhaisnéis ar fud gach ardán.
Léirítear infheistíocht i mbonneagar craolta leis an uasghrádú, ag cinntiú go bhfuil an t-aschur i ndáil lena bhfuil lucht féachana na hÉireann ag súil leis agus le caighdeáin idirnáisiúnta. Tacaítear leis le tiomantas straitéiseach RTÉ do fhreagracht chomhshaoil agus do shármhaitheas eagarthóireachta.
Athdhearbhaítear leis an seoladh seo freisin an chomhpháirtíocht sheanbhunaithe idir RTÉ agus Met Éireann, Seirbhís Náisiúnta Meitéareolaíochta na hÉireann. Tá ról ríthábhachtach ag an dá eagraíocht le chéile maidir le réamhaisnéisí cruinne eolaíochtbhunaithe a sholáthar, ní hamháin mar uirlisí pleanála laethúla ach mar bhunchloch do shábháilteacht phoiblí le linn imeachtaí adhaimsire freisin.
Dúirt David Timpson, Bainisteoir Aimsir RTÉ: “Tá níos mó i gceist leis an aimsir ná teocht agus báisteach — is faoi phleanáil, faoi chosaint, faoi mhuinín phoiblí agus faoi shábháilteacht atá sé. Leis an gcóras nua seo is féidir linn ábhar níos soiléire agus níos tarraingtí a léiriú ar fud iliomad ardán, ag baint úsáid as na sonraí is iontaofa ónár gcomhpháirtithe i Met Éireann, agus ag an am céanna fanacht dílis dár gcuspóir eagarthóireachta.
Táimid bródúil as seirbhís aimsire leis na grafaicí agus na acmhainní is fearr atá in iomaíocht le príomhchraoltóirí ar fud an domhain a thabhairt do lucht féachana na hÉireann.”
Dúirt Gerry Murphy, Ceannaire Fhoireann Meitéareolaithe Teilifíse Met Éireann: “Tá ár gcomhoibriú le RTÉ bunaithe ar sheirbhís phoiblí. Is cuid ríthábhachtach í cumarsáid shoiléir ar eolas aimsire den tseirbhís seo. Leis an gcóras nua grafaicí aimsire seo, is féidir ár sonraí agus ár n-anailísí saineolacha a léirshamhlú le soiléireacht níos mó ná riamh cheana. Is é an sprioc atá againn leas iomlán a bhaint as an gcóras sin chun a chinntiú go mbeidh tuiscint shoiléir ag an lucht féachana ar an aimsir atá amach romhainn agus gur féidir leo ullmhú go muiníneach le haghaidh tionchair aimsire”.
Féach ar réamhaisnéisí nua Aimsir RTÉ ar fud RTÉ ón lá inniu (Dé Luain an 14 Iúil) ag tosú ar RTÉ One ó 11.30am, ar RTÉ Player agus ar www.rte.ie/weather.
– CRÍOCH –
Tá réamhaisnéisí físeáin, ar líne agus ar na meáin shóisialta Aimsir RTÉ urraithe ag Fáilte Éireann.
Dáta: Dé Luain, 14 Iúil 2025 Íomhánna:
Chun breis eolais a fháil déan teagmháil le: Laura Fitzgerald, Bainisteoir Cumarsáide, Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ, Laura.Fitzgerald@rte.ie