Seán Rocks
Tá an-bhrón ar RTÉ a fhógairt go bhfuil an láithreoir raidió agus an t-aisteoir, Seán Rocks, tar éis bháis. 64 bliana d’aois a bhí Seán agus bhásaigh sé aréir. Bhí sé tinn le tamall gairid.
Tá aithne mhaith ag éisteoirí in Éirinn agus ar fud an domhain ar Sheán, a chur an t-irischlár oíche ealaíon agus cultúir, Arena, i láthair ar RTÉ Radio 1 ó cuireadh tús leis in 2009. Chuir sé clár tráthnóna Dé Domhnaigh i láthair le déanaí ar RTÉ lyric fm, an áit ar thosaigh sé ag obair leis an raidió in 2000.
Is éard a dúirt Kevin Bakhurst, Príomh-Stiúrthóir RTÉ: “Is mór an t-iontas agus an brón a bhí orainn inniu nuair a chualamar faoi bhás anabaí Sheáin. Dúirt Seán uair: “Ní faoin láithreoir riamh a bhíonn an raidió. Is faoin duine atá trasna uait atá sé.” Aithneoidh éisteoirí dílse, go háirithe éisteoirí an chláir fhadtréimhsigh Arena a bhí ag Seán ar RTÉ Radio 1, an fear sa ráiteas sin: umhal ach foghlamtha; fíneálta ach grinn, fiosrach ach dea-bhéasach. B’é an t-éisteoir sa bhaile a bhí sé dírithe air i gcónaí. Ní hamháin go bhfuil an raidió níos boichte mar gheall ar a bhás, ach tá ceann de na glórtha is láidre ar son na n-ealaíon caillte ag Éirinn freisin, agus ceann de na guthanna is eolasaí agus ilúsáidte. Ba mhaith liom comhbhrón ó chroí a dhéanamh le Catherine, bean chéile Sheáin, lena pháistí Christian agus Morgan, lena chairde agus lena chomhghleacaithe ag an am uafásach seo.”
Thosaigh Seán amach ina láithreoir le RTÉ lyric fm in 2000, áit ar chuir sé roinnt clár i láthair, ansin bhog sé go RTÉ Radio 1 in 2009 chun clár nua seachtainiúil ealaíon agus cultúir an stáisiúin, Arena, a chur i láthair. Bhí cáil ollmhór air as a chuid agallaimh poiblí – le húdair amhail Salman Rushdie, Edna O’Brien, agus Roddy Doyle, agus aisteoirí amhail Rupert Everett, Martin Sheen agus Brendan Gleeson. Bhí an oiread céanna cáil air i measc a chuid éisteoirí dá chuid agallamh stiúideo fadréimseach, le cumadóirí agus drámadóirí, údair agus scannánóirí agus cumadóirí amhrán.
Duine an-ildánach ab ea Seán, agus rinne sé neart aoi-láithreoireachta, léirithe agus scríbhneoireachta do roinnt sraitheanna don chraoltóir náisiúnta. Bhuaigh sé Bonn Airgid ag Féile Raidió Nua-Eabhrac don chlár faisnéise Soul of Ireland le haghaidh BBC Radio 4.
Rinne Seán go leor oibre ina aisteoir sa bhaile agus thar lear, agus bhí sé ar stáitse in Amharclann an Gheata, Amharclann na Mainistreach agus Amharclann Peacock chomh maith le Rough Magic, Druid agus Field Day. Bhí sé le feiceáil in Amharclann na Cúirte Ríoga, san Amharclann Náisiúnta, san Donmar Warehouse agus san Tricycle Theatre i Londain. I measc na ról teilifíse agus scannán a bhí aige bhí The Bill, Glenroe, Fair City, Dear Sarah agus Go Now.
B’é Seán fear an tí ag an bhFéasta Stáit nuair a tháinig an Bhanríon Eilís II ar cuairt go hÉirinn agus ag roinnt ócáidí tábhachtacha stáit in Áras an Uachtaráin.
Dúirt Stiúrthóir Fuaime RTÉ, Patricia Monahan: “Bhí Seán an-tógtha leis an raidió agus leis na healaíona agus bhí an fhiosracht a bhí aige agus é ag dul i ngleic le hábhair idir scannáin, amharclannaíocht, leabhair agus cheol clasaiceach an-suimiúil le bheith ag éisteacht leis. Bhí suim aige i ndearcadh gach duine agus bhí an-chumas ann aird an lucht éisteachta a tharraingt. Ba ar an stáitse is mó a bhíodh sé ar a chompord. Bhí sé lán le fuinneamh agus uaillmhian don todhchaí agus is caillteanas ollmhór atá ann don raidió agus do RTÉ. Aireoidh a chomhghleacaithe in RTÉ Radio 1 uathu go mór é chomh maith lena chomhghleacaithe in RTÉ i gcoitinne. Ar ndóigh, tá ár gcuid smaointe lena bhean chéile, Catherine, lena chuid páistí, Christian agus Morgan, agus lena mhuintir agus a chairde ar fad. Agus tú ag umhlú den uair dheireanach, a Sheáin, suaimhneas síoraí do d’anam.”
Maireann bean chéile Sheáin, Catherine, agus a chlann Christian agus Morgan.
CRÍOCH
Dáta: Déardaoin an 31 Iúil 2025
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó:
Maureen Catterson | maureen.catterson@rte.ie
Sharon Sorohan | sharon.sorohan@rte.ie