An bhfuil tú réidh leis an gcluiche a imirt? Dáta craolta The Traitors Ireland fógartha
Tá cluiche mór an fheallta tagtha go hÉirinn… agus tá neart rún le sceitheadh ag ballaí Chaisleán Bhaile Shláine
Dé Domhnaigh an 31 Lúnasa
RTÉ One agus an RTÉ Player The Traitors Ireland | Ag tosú an 31 Lúnasa
Craolfar an chéad chlár de The Traitors Ireland go hoifigiúil ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player Dé Domhnaigh an 31 Lúnasa. Is í Siobhán McSweeney a chuirfidh tús leis an ruaille buaille, leis an amhras agus leis an iompar gan scrupall.
Nochtadh blaisín agus príomhealaín oifigiúil The Traitors Ireland go heisiach inniu, ina dtugtar spléachadh ar scáthanna ag teacht agus ag imeacht sa dorchadas, in áit ar minic an dílseacht a bheith ar an dé deiridh, ina mbíonn luach ar an bhfeall agus nach féidir an t-amhras a sheachaint.
Arna scannánú i gCaisleán Bhaile Shláine ar bhruach na Bóinne, tabharfaidh an leagan nua seo den bhfeiniméan domhanda, ar leagan taibhsí é a chuirfeadh deann tríot, amhras, straitéis agus sabaitéireacht go hÉirinn. Tiocfaidh grúpa daoine le chéile sa chaisleán. Chomh fada nach ndúnmharófar iad nó nach ndíbreofar iad beidh deis acu €50,000 a bhuachan. Ach an mbeidh casadh sa scéal? Beidh, mar go mbeidh Fealltóirí ina measc, iad ag cothú an amhrais iontu agus ag imirt feallanna orthu go moch is go mall.
Beidh siad ag caitheamh súile ar a chéile am bricfeasta, iad a cogarnach sna hallaí agus tarraingeofar an oiread sin cainte is go mbeidh amhras ar an lucht féachana dílis fiú faoin méid atá ar siúl.
De réir mar bhíonn an teannas ag borradh eatarthu agus mar a thagann deireadh le comhaontais, ní bheidh a fhios ag an lucht féachana cé acu atá ag insint bréag, cé acu atá dílis agus cé hé nó hí an chéad duine eile a dtabharfar bata agus bóthar dó nó di.

Mar a fógraíodh an tseachtain seo caite, tabharfaidh Kevin McGahern léargas ar an méid a bheidh ag tarlú taobh thiar den cheamara sa chlár The Traitors Ireland Uncloaked. A luaithe a bheidh an clár is déanaí de The Traitors Ireland feicthe ag an lucht féachana ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player, beidh siad in ann a bheith i dteannta Kevin agus a chuid aíonna mar aon le himreoirí cáiliúla ón gcluiche féin chun an anailís agus na tuairimí is fearr a fháil ar na feallanna, ar na cleasanna síceolaíocha agus ar na seifteanna is déanaí.
Tabharfar léargas níos doimhne ar an méid atá ar siúl i gCaisleán Bhaile Shláine do lucht leanúna The Traitors Ireland sa chlár The Traitors Ireland Uncloaked, ina ndéanfar gach clár den tsraith a chíoradh agus ar a mbeidh na himreoirí dúnmharaithe agus díbeartha. Beidh an seó sin, ina mbeidh fáil ag an lucht féachana ar réimsí uile na sraithe, ar fáil ar RTÉ, ar an RTÉ Player agus ar na hardáin phodchraoltóireachta ar fad.
Arna scannánú in RTÉ Luimnigh beidh agallamh eisiach ar gach clár leis an imreoir a díbríodh nó a dúnmharaíodh. Áireofar freisin píosaí scannánaíochta nach bhfacthas roimhe sin, agus gheobhaidh cuid acu amach cé hiad na Fealltóirí den chéad uair!
Is gearr uainn The Traitors Ireland, sraith nach mbeidh tú ag iarraidh cailleadh amach uirthi.
-CRÍOCH-
Nótaí d’Eagarthóirí
Is iad Kite Entertainment a léiríonn The Traitors Ireland.
Is ábhar mórtais ag Very urraíocht a dhéanamh ar The Traitors Ireland agus ar The Traitors Ireland Uncloaked.
IDTV agus POSVIDEO i gcomhar le hAonad Cruthaitheach RTL a chruthaigh agus a d’fhorbair The Traitors (teideal na hÍsiltíre: De Verraders). Tá an-tóir ar an bhformáid go hidirnáisiúnta ó seoladh an tsraith san Ísiltír ar RTL 4 in 2021 i bhfianaise go bhfuil a leaganacha formáide áitiúla féin curtha in oiriúint ag níos mó ná 30 críoch. I measc na leaganacha idirnáisiúnta a rinneadh ag úsáid na formáide sin tá leagan Studio Lambert na Stát Aontaithe don tseirbhís sruthaithe NBC Universal Peacock a bhuaigh Emmy agus an leagan do BBC One sa Ríocht Aontaithe a bhuaigh BAFTA. Tá earraí bolscaireachta do The Traitors, a bhfuil ag éirí go maith leo, lena n-áirítear cluiche boird, cluiche cártaí agus éadaí, ar fáil freisin, agus tá The Traitors Live Experience beo anois i Londain.
Tá go leor gradam buaite ag an tsraith seo a bhfuil an-tóir ag an lucht féachana uirthi agus ainmníodh The Traitors arís le déanaí mar fhormáid K7 na bliana in 2024 agus bronnadh Gradam Formáid Idirnáisiúnta C21 ar an bhformáid don Óstach is Fearr i bhFormáid Teilifíse. Bronnadh duais Rose d’Or nó “an Rós Órga” don tSraith Siamsaíochta agus Réaltachta is Fearr ar leagan na hÍsiltíre De Verraders roimhe sin. Is iad All3Media International a bhíonn ag déileáil leis na cearta téipe agus formáide agus a dhéanann The Traitors IP a cheadúnú.