AR RTÉ GO GAIRID Tuilleadh, Breis agus Níos Mó Fós ar na Meáin Cumarsáide Seirbhíse Poiblí
Tá an t-ábhar ríspéisiúil físeáin a bheidh ar fáil don lucht féachana idir Fómhar 2025 agus Earrach 2026 ar RTÉ One, RTÉ2 agus RTÉ Player á fhógairt inniu ag RTÉ. Nuair a áirítear réimse mór drámaí nua de chuid na tíre seo, cláracha faisnéise ag cur síos ar shaol suntasach dhaoine de mhuintir na hÉireann, raidhse flúirseach imeachtaí spóirt a bheidh ar fáil saor ó tháille ar an aer agus a spreagfaidh an náisiún, agus ábhar speisialta de chuid na hÉireann féin dár gcuid leanaí, beidh sceideal ábhar cláir RTÉ don tréimhse seo romhainn ina léiriú ar Éire na linne seo, ar shochaí atá faoi athrú agus ar an ábhar mórtais a fhíonn le chéile sinn trí chláracha nuachta, spóirt, ealaíne, cultúir agus siamsaíochta a chur ar fáil. RTÉ an eagraíocht meáin chumarsáide seirbhíse poiblí náisiúnta in Éirinn agus leantar dá réir sin ag cur leis an dúthracht ábhar sainiúil de chuid na hÉireann a chur ar fáil don lucht féachana atá ina lón eolais, ina ábhar siamsaíochta agus ina cheiliúradh ar shaol na hÉireann.
Tá imeachtaí mórthábhachtacha, mar shampla Toghchán na hUachtaránachta ag teannadh linn, chomh maith le ceiliúradh sa bhliain 2026 ar chéad bliain ó bunaíodh RTÉ, agus beidh ábhar cláir atá sainiúil, tráthúil, faisnéiseach, suntasach á chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar fud na seánraí éagsúla.
- Beidh ábhar siamsa ag an lucht féachana ar fud an sceidil, ag tosú an deireadh seachtaine seo le The Traitors Ireland.
- I réimse níos mó ná aon bhliain eile de shraitheanna drámaíochta de chuid na hÉireann, arna léiriú i gcomhar le hearnáil na léiritheoirí neamhspleácha, áirítear trí cinn de shraitheanna atá nua ar fad:The Walsh Sisters, These Sacred Vows, agus Tall Tales & Murder, mar aon le sraith nua den dráma The Dry, agus áirítear ar na haisteoirí atá páirteach iontu, daoine i dtús a ré gairme de leithéid Ella Lily Highland agus India Mullen chomh maith le Tom Vaughan Lawlor, Aidan Gillen agus Ciarán Hinds.
- Ar leagan athchóirithe de Ireland’s Fittest Family, feicfear triúr meantóirí nua spóirt a bhfuil iomrá orthu – Ellen Keane, Michael Darragh Macauley agus Andrew Trimble.
- Cuirfidh RTÉ níos mó ábhar spóirt ar fáil saor ó tháille ná aon stáisiún eile le Craobh Lúthchleasaíochta an Domhain, Corn Rugbaí an Domhain do Mhná, agus Sraith an Fhómhair de Chluichí na Náisiún.
- Beidh an náisiún ag ullmhú leis an 10ú Uachtarán ar Éirinn a thoghadh agus cuirfidh Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ tráchtaireacht iontaofa lán eolais agus ábhar díospóireachta ar fáil i rith na tréimhse roimh an toghchán, ó iriseoirí ar fud na tíre ar ardáin uile RTÉ.
- Ag leanúint ar aghaidh ó na bearta fiosrúcháin maidir le tithe altranais príobháideacha, rachmas agus sócmhainní na mBráithre Críostaí agus díolachán drugaí ar an margadh dubh chun meáchan a chailleadh, leanfaidh meitheal ghradamúil RTÉ Investigates ag cur ábhar craoltóireachta seirbhíse poiblí de scoth an domhain ar fáil le cláracha faisnéise nua a mbeidh léargas nua uathu.
- Beidh sraitheanna fíorasacha agus faisnéise á gcur ar fáil ag RTÉ a théann go domhain i scéalta sainiúla de chuid na hÉireann, ina measc The Ryanair Story, a théann ar chúl téarmaí i gceann de na comhlachtaí eitleoireachta is mó rath ar domhan, agus sraith nua coirscéalta fírinneacha Swindlers.
- Le saol na linne seo in Éirinn a léiriú, beidh cíoradh á dhéanamh le cláracha nua RTÉ ar chúram sláinte ar The Shift: Cork University Hospital, ar chúrsaí tithíochta ar Who’s Building Ireland?, Home Rescue: The Big Fix, agus Cheap Irish Homes agus ar an saol a thaithíonn dreamanna nua na hÉireann ar Caesar’s Palace.
Deir Steve Carson, Stiúrthóir Ábhar Físeáin, RTÉ: ”Beidh meascán dosháraithe de chláracha Éireannacha den chaighdeán is airde ar RTÉ i rith na tréimhse seo romhainn le cláracha don uile dhuine, idir uisce faoi thalamh ar The Traitors, imirt chroíúil i gCorn Rugbaí an Domhain do Mhná agus i Sraith Chluichí Fómhair na Náisiún do na fir, agus an gliondar a ghabhfaidh le Walsh Sisters na leabhar le Marian Keyes a mbíonn oiread sin tóir orthu a fheiceáil ar an scáileán. Tá páirt sna cláracha ag an scoth d’aos cruthaitheachta na hÉireann, ar an scáileán agus taobh thiar de cheamara, le níos mó cláracha drámaíochta ná aon séasúr go dtí seo, le cláracha siamsaíochta nua de chuid na hÉireann, le cláracha faisnéise agus fíorasacha agus leis na himeachtaí spóirt a tharraingíonn an náisiún go dlúth le chéile. Táthar fíorbhuíoch dár gcuid páirtnéirí go léir in earnáil na léiritheoirí neamhspleácha agus de na meithle inmheánacha in RTÉ a chloíonn leis an gcuspóir ag cur ábhar ar ardchaighdeán de chuid na tíre seo ar fáil do mhuintir na hÉireann agus a chuireann ar ár gcumas réimse cláracha chomh sainiúil spéisiúil a chur ar fáil don lucht féachana”.
TUILLEADH SIAMSAÍOCHTA AR RTÉ
Beidh The Traitors Ireland á chraoladh go hoifigiúil den chéad uair ar RTÉ One agus RTÉ Player Dé Domhnaigh an 31 Lúnasa. Is í Siobhán McSweeney an láithreoir a spreagfaidh ruaille buaille, amhras agus uisce faoi thalamh. Lá i ndiaidh an lae, tabharfaidh 24 iomaitheoir faoi Mhisin agus iad ag obair as lámha a chéile ag féachaint le breis airgid a chur leis an gciste duaise suas le €50,000. I gCaisleán Bhaile Shláine, ar bhruach na Bóinne, a rinneadh an scannánaíocht don chóiriú nua seo ar an gclár atá i mbéal na daoine ar fud an domhain. Cuirfidh amhrasóireacht, straitéisíocht agus loitiméireacht iomaitheoirí na hÉireann drithlíní le droim an lucht féachana. Beidh The Traitors Ireland á chraoladh ar RTÉ One agus an RTÉ Player ag 9:35 i.n. ar an Domhnach, ar an Luan agus ar an Máirt. As Luimneach a chraolfar an tsraith ghaolmhar The Traitors Ireland Uncloaked, á chur i láthair ag Kevin McGahern, agus níl ní is dóiche ná go bhfágfaidh an seó féin an lucht féachana ar fud na hÉireann ar bís leis an athphlé a fheiceáil. Déanfar scannánaíocht ar an gclár in RTÉ Luimnigh agus beidh agallamh eisiach i ngach eagrán leis an iomaitheoir a díbríodh nó a feallmharaíodh chomh maith le hábhar breise nach bhfacthas ar an bpríomhchlár.
Tráthnóna Domhnaigh ar an gclár is breá le teaghlaigh Ireland’s Fittest Family beidh roinnt cóitseálaithe nua páirteach i mbliana le Ellen Keane, Michael Darragh MacAuley agus Andrew Trimble ag gríosadh agus ag cur comhairle ar theaghlaigh agus iad san iomaíocht le Davy Fitzgerald, Anna Geary agus Donncha O’Callaghan, cóitseálaithe seanbhunaithe, agus a gcuid iomaitheoirí sáraclaí féin ar shraith athchóirithe a chuirfidh Laura Fox i láthair.
Cuirtear tús leis an séasúr nua de The Late Late Show Dé hAoine an 12 Meán Fómhair, á chur i láthair ag Patrick Kielty. Craolfar an deichiú eagrán i rith an tséasúir seo den chlár speisialta The Late Late Country Music Special a mbíonn oiread sin tóir ag daoine air.An oíche is mó le rá i gcúrsaí teilifíse in Éirinn, craoladh an Late Late Toy Show isteach in 1.6 milliún áras in Éirinn sa bhiain 2024 agus ceanglaíodh buaiclíon 622,000 sruth in 139 dtír ar fud an domhain. Cruinníodh €4.9 milliún mar gheall ar an RTÉ Toy Show Appeal sa bhliain 2024.
Ar an tríú sraith den chlár grinn siamsaíochta The 2 Johnnies’ Late Night Lock-In, beidh ceiliúradh ar na gnéithe is fearr de shaol na hÉireann, le craic agus ceol ó Johnny B agus Johnny Smacks. I mí Eanáir freisin, beidh Tommy Tiernan ar ais sa suíochán te le haíonna nua nach eol dósan roimh ré ar The Tommy Tiernan Show, ar ais i bliana don 10ú séasúr.
Ar shraith nua den chlár The End of the World with Beanz, tugann Martin Beanz Ward daoine cáiliúla, Samantha Mumba agus Enya Martin ina measc, ar a míshocracht i gcásanna éiginnteachta. Dermot Bannon’s Celebrity Super Spaces an clár ina bhfeictear taobh istigh de thithe cónaithe daoine iomráiteacha, na tithe atá ag Clodagh McKenna agus Joanne McNally sa Ríocht Aontaithe ina measc.
Culture Night 2025 Beidh seo á cheiliúradh beo as Gaillimh le héagsúlacht oirfidíochta agus imeachtaí ar fud na cathrach a chuireann fuinneamh agus ilchineálacht chultúr na tíre seo i lár an aonaigh. Sa tsraith nua sé chlár Imelda May – Amhráin na nGael, téann an t-amhránaí agus an t-aisteoir ar chuairt eolais agus mothúchán ar fud cheantair Ghaeltachta na hÉireann de réir mar a thugann sí a dúshlán féin i leith na Gaeilge trí na hamhráin agus trí amhránaíocht ar an sean-nós. In dhá chlár speisialta uair a chloig sa tsraith Cloch le Carn, tugann Cláracha Gaeilge RTÉ súil siar ar an saol a chaith Jon Kenny, fear grinn agus oirfidíochta agus Mary O’Rourke, polaiteoir, agus ar an oidhreacht a d’fhág siad ina ndiaidh. Ar Seisiún, cuireann Muireann Nic Amhlaoibh scoth an cheoil, as Éirinn agus tíortha thar lear, i láthair i gceithre cinn d’ionaid cháiliúla cheoil atá á rith ag teaghlaigh.
Feictear dream nua aonrachán ag dul sa seans i mbialann First Dates agus Fear an Tí Mateo Sania ag freastal orthu in éineacht le Alice, Pete agus Neil taobh thiar den chabhantar. Beidh an 14ú séasúr de Today ar ais beo tráthnóna ó RTÉ Chorcaí le meascán breá ábhair bia, faisin agus siamsaíochta.
Go gairid ar RTÉ Player, beidh an tsraith ghrinn Motherland ar taispeáint ón 1 Meán Fómhair agus, sna sála aige sin, boscra iomlán Amandaland ón 4 Meán Fómhair. Beidh boscra cláracha eile ar maith is fiú babhtaí fada faireacháin iad ar fáil roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair freisin, ina measc Lioness. Is féidir leo siúd ar breá leo drámaíocht réaltachta The Traitors Season 2 as an Ríocht Aontaithe, an Astráil agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a fheiceáil nuair a thagann siad ar fad ar an RTÉ Player an 23 Meán Fómhair, díreach tar éis do bhuaiceachtraí drámatúla The Traitors Ireland titim amach.
NÍOS MÓ DRÁMAÍOCHTA LE RTÉ
D’fhógair RTÉ i mbliana slám níos mó drámaíochta a léiriú ná a rinneadh riamh cheana le 142 uair a chloig d’ábhar de bhunadh na hÉireann, ionas go mbeadh sárdhrámaíocht na tíre seo á cur i láthair, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, i gcomhar le páirtnéirí éagsúla comhléiriúcháin as an tír seo nó ón iasacht. Beidh toradh na hoibre léiriúcháin seo ar dhrámaí nua agus an leibhéal suntasach infheistíochta ag RTÉ in aos dána na hÉireann, i gcultúr na tíre agus in eacnamaíocht na cruthaitheachta le feiceáil ar scáileán againn an Fómhar seo agus ar aghaidh go dtí an bhliain 2026 le drámaí nuacheaptha agus le drámaí leanúnacha atá ar ais le hábhar nualéirithe.
Dráma nua is ea The Walsh Sisters arna chóiriú ag Stefanie Preissner agus Keft Chadwick as na leabhair Rachel’s Holiday agus Anybody Out There le Marian Keyes. Ar RTÉ a chraolfar an tsraith ar dtús le Danielle Galligan, Louisa Harland, Caroline Menton, Aidan Quinn agus Carrie Crowley sna príomhpháirteanna chomh maith le Preissner féin i bpáirt dhuine de na deirfiúracha sa tsraith. Tá an tsraith suite i mBaile Átha Cliath agus leantar na deirfiúracha i rith throm agus éadrom an tsaoil i rith bhlianta deireanacha na 20idí agus na 30idí acu.
Fair City an clár ar a dtarlaíonn roinnt de na heachtraí is drámatúla i rith mhí Mheán Fómhair. Tá Erica agus Doug ag dul ag pósadh agus ní raibh bainis riamh cheana in Carrigstown a sháródh a bhfuil i ndán lá a bpósta. Tá daoine ar bís agus an pobal ar fad ag tnúth leis an lá mór, braitear an teannas agus an imní cé go bhfuil daoine á gcoinneáil faoi smacht. Ansin, an tráth díreach a bhfuil an lánúin ar tí seasamh i láthair an phobail, cuirtear cor tobann tuairteálach sa scéal a fhágann duine amháin de mhuintir Carrigstown i mbaol báis agus dhá theaghlach bunoscionn mar gheall ar an eachtra. Ní cheiltear meon níos mó agus nuair nach heol cén toradh a thiocfaidh ar chúrsaí, tá ábhar drámaíochta ar Fair City nach féidir a chailleadh agus a choinníonn súile an lucht féachana sáite sa scáileán.
I sraith a trí de The Dry, feictear muintir Sheridan tráth a bhfoilsítear scéal mór rúin faoin teaghlach, rud a chuireann trí chéile iad. Nancy Harris a scríobh agus Róisín Gallagher, Siobhán Cullen, Moe Dunford agus Ciarán Hinds atá sna príomhpháirteanna. Feictear Siobhán Cullen freisin sa dara sraith de Obituary, í i bpáirt Elvira, scríbhneoir do cholún na marbh a shíleann gur faoiseamh ón obair sin di marú a dhéanamh í féin, nó go dtagann feallmharfóir nua ar an mbaile roimpi.
Ar Hidden Assets, ionsaíonn gunnadóir aonair an tuairisceoir fiosrúcháin Olatz Alzola agus a teaghlach in Bilbao agus is í a hiníon óg an t-aon duine a thagann slán. I mBaile Átha Cliath, tá ar an mBleachtaire Claire Wallace (Nora-Jane Noone) déileáil lena dtiteann amach tar éis do Nick Heaslip, Bainisteoir Punainn, bás a fháil le linn ruathair de chuid CAB, rud a fhágann saol na mná céile, Alice (Rebecca O’Meara) agus saol a deirféar, an Dr Niamh Bennett (Catherine Walker) bunoscionn.
Dráma nua grinn é These Sacred Vows, arna scríobh agus arna stiúradh ag John Butler, le Tom Vaughan-Lawlor, Justine Mitchell, India Mullen agus Jason O’Mara sna príomhpháirteanna aisteoireachta. Tarlaíonn an scéal i rith na seachtaine roimh bhainis ag Éireannaigh i Tenerife. Tá rúnta le ceilt ag mórchuid na n-aíonna…agus mura bhfuil go fóill ag duine nó dhó, is gearr go mbeidh.
Arna choimisiúnú i gcomhar idir RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann, is dráma nua dorcha grinn Tall Tales & Murder a scríobh Stuart Carolan, an té a chruthaigh Love/Hate, a chomhchruthaigh Chris Addison (Veep, Breeders, The Thick of It) a bhfuil Gradaim BAFTA, EMMY agus Directors Guild of America gnóthaithe aige agus is iad Ella Lily Hyland, Aidan Gillen, Philippa Dunne agus Packy Lee atá sna príomhpháirteanna. Tá an scéal bunaithe ar an tsraith ocht gcinn de leabhair Dublin Trilogy le Caimh McDonnell a mbíonn an-tóir ag daoine orthu.
Tosaíonn an dara sraith de SisterS i mBaile Átha Cliath bliain go leith tar éis do Sare (Sarah Goldberg) Suze (Susan Stanley), a deirfiúr, a fhágáil nuair a fuair sí amach nach bhféadfaidh sí leanbh a thabhairt ar an saol cé go dtuigtear di anois gurb é ba mhaith léi.
I sraith na bliana seo de Storyland tá séasúr ceithre dhráma á chur ar siúl ag RTÉ in áit trí cinn agus beidh dráma amháin acu i nGaeilge den chéad uair riamh. Cruthaítear le Storyland modh teacht chun cinn ag daoine nua cumasacha ionas go bhféadann aisteoirí, scríbhneoirí agus stiúrthóirí dul i mbun ré gairme idirnáisiúnta agus go bhféadann RTÉ drámaí nua a thabhairt chun cinn. Rinne Ella Lyly Hyland atá sa phríomhpháirt in Tall Tales & Murder aisteoireacht in Wrapped de chuid Storyland sa bhliain 2022 agus d’fhill Robert Sheehan ar RTÉ sa phríomhpháirt in Did You Read About Erskine Fogarty? le Blindboy Boatclub.Taobh thiar den cheamara, rinne Mia Mullarkey, stiúrthóir Wrapped do Storyland, stiúrthóireacht ar dhá chlár sa tsraith nua de Hidden Assets. Fógrófar sonraí breise faoi Storyland go gairid.
NÍOS MÓ FAOI THITHE AGUS SLITE MAIREACHTÁLA LE RTÉ
Tá 300,000 áras nua cónaithe faoin mbliain 2030 leagtha síos mar sprioc in Éirinn agus fiosraítear ar Who’s Building Ireland? an borradh faoi chúrsaí tógála agus buailtear leis na daoine a dhéanfaidh an obair chun sin a thabhairt i gcrích. Daoine a oibríonn crann tógála, daoine a oibríonn i gcomhlacht ceirde an teaghlaigh, oibrithe den lucht imirce agus printísigh, feicfear scéalta na ndaoine atá taobh thiar de cheann de thionscail bharrthábhachta na tíre ar an gclár faisnéise seo. DIY SOS: The Big Build Ireland Leis an láithreoir Baz Ashmawy, tugtar faoi thionscnaimh oibre i Móin Choinn, Co. Chill Chainnigh, i nDroichead an Chláir, Co. an Chláir, i dTamhlacht, Co. Bhaile Átha Cliath agus i mbaile Chill Mhantáin le lucht tógála, saothair agus ceirde, soláthraithe, cairde agus comharsana ag cur le chéile go deonach – am á chaitheamh, allas á chur, agus ábhar á thabhairt saor ó tháille – d’fhonn cuidiú le teaghlaigh atá go mór i ngátar.
Ar Home Rescue: The Big Fix, tugann Dee Coleman, dearthóir, Pete Finn, tógálaí agus Aidan Gately, saineolaí maidir le tranglam a ghlanadh, cúnamh do dhaoine ar bheagán airgid ábhar iomarcach a chaitheamh amach agus feabhas a chur ar an áit cónaithe. Ar Room to Improve bíonn Dermot Bannon ag coimhlint le hardú ar chostas tógála agus cúngú ar bhuiséid agus é ag tabhairt faoi ceithre cinn de thograí nua foirgníochta ar fud na hÉireann, é ag brath i gcónaí ar shúil ghrinn Claire Irwin, suirbhéir cainníochta. Cheap Irish Homes Téann Maggie Molloy bóithríní beaga agus bealaí móra na hÉireann ag cuidiú le daoine an áit chónaithe ba bhreá leo a fháil. Tá saineolaí nua tógála, Tadhg Casey, in éineacht le Maggie don tsraith seo.Ar Heat My Home, téann Kieran McCarthy, innealtóir foirgníochta, timpeall na hÉireann ag scrúdú tithe a mbeadh i gceist ráta fuinnimh níos airde a ghnóthú ina leith trí bhearta aisfheistiúcháin a dhéanamh. Beidh The Great House Revival ar ais arís sa bhliain 2026 agus borradh nua á chur faoi oidhreacht foirgníochta na tíre. Build Your Own Home Beidh an tsraith seo ar ais le tuairisc a choinneáil ar na deacrachtaí móra a bhíonn le sárú ag teaghlaigh agus iad ag tabhairt faoi theach a thógáil nó athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh atá ag titim ó chéile faoi shúil ghéar Harrison Gardner, máistir ar cheird na tógála.
BREIS CLÁRACHA FÍORASACHA & FAISNÉISE LE RTÉ
Téann RTÉ go domhain i roinnt de na scéalta is suimiúla faoi shaol dáiríre na ndaoine in Éirinn, scéalta faoin rath, scéalta fírinneacha faoi thionscail, agus scéalta faoi dhaoine atá ag streachailt leis an saol, agus tá éagsúlacht mhór ag baint leis na cláracha nua fíorasacha agus faisnéise a bheidh ar taispeáint go gairid.
Is sraith nua trí chlár The Employables ina bhfeictear a dtarlaíonn do sheisear atá faoi mhíchumas agus iad ag lorg fostaíochta, le cúnamh taca ó Brendan O’Connor agus meantóirí, abhcóidí agus comhghuaillithe eile, agus iadsan ag féachaint lena bhfuil d’acmhainn iontu a thabhairt chun cinn. Cuireann an grúpa rompu a chruthú, le hiomlán ionracais agus trí cheisteanna áirithe nach maith le daoine a phlé a thabhairt san áireamh, go bhfuil tábhacht chomh mór céanna lena bhfuil siadsan in ann a chur leis an margadh fostaíochta agus gurb é leas an lucht saothair ar fad aird a thabhairt ar chúrsaí uilechuimsitheachta.
Ar The Shift: Cork University Hospital tugtar an lucht féachana ar chúl téarmaí i gceann de na hospidéil is mó agus is gnóthaí in Éirinn – Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh – do shraith nua cláracha ar caitheadh sé mhí i mbun na scannánaíochta lena n-aghaidh. Ar Dolphins: Wonders of the Ocean, tabharfaidh Ken O’Sullivan, ceamaradóir faoi thoinn ar an turas 20 bliain muid atá caite aige le deilfeanna, ón gcéad lá ar buaileadh deilf aonair air ina áit dúchais i gContae an Chláir go dtí go raibh saorthumadóireacht agus scannánaíocht ar siúl aige le ráthanna fairsinge deilfeanna ar an bhfarraige mhór i dtuaisceart an Atlantaigh.
The Ryanair Story Sraith dhá chlár ina dtugtar tuairisc ar ré staire 40 bliain Ryanair ón tráth a mbíodh bealach amháin taistil á thairiscint ag an gcomhlacht go dtí go bhfuil sé ar cheann de chomhlachtaí móra eitleoireachta an domhain. Ríomhtar scéal a saoil agus scéal choireanna roinnt de na caimiléirí, coirpigh an bhóna bháin, is iomráití in Éirinn ar Swindlers, sraith trí chlár de choirscéalta fírinneacha á gcur i láthair ag na daoine a d’fhulaing ó na coireanna seo.
Tony Cascarino:Extra Time Tuairisc ar scéal Tony Cascarino, gruagaire as Kent Shasana ar babhtáladh idir clubanna sacair uair amháin é gan a fháil de chúiteamh ach cultacha spóirt don fhoireann ach a bheadh tráth níos faide anonn ina laoch ar fhoireann idirnáisiúnta na hÉireann. Ar an gclár faisnéise aonair Caesar’s Palace, dírítear ar an saol a thaithíonn Éireannaigh nua de bhunadh na hAfraice trí aird a thabhairt ar a gcuid gruaige – le cead isteach sna salóin agus deis labhartha le hoibrithe agus custaiméirí iontu, cuirfidh an lucht féachana aithne ar roinnt daoine spéisiúla.
Testimony Tuairisc ó dhaoine a tháinig slán ó Thithe Níocháin Mhaigdiléana agus ó Árais Máithreacha agus Naíonán in Éirinn faoina bhfeachtas ag iarraidh a gceart a fháil. Ar The Case I Can’t Forget, tugann bleachtairí tuairisc ar gach cor dár tharla le linn na gcásanna fiosrúcháin is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu le linn a saol oibre. Beidh Sraith 5 á chraoladh i dtús na bliana 2026, le ceithre cinn de chásanna nua ríspéisiúla, ina measc an fiosrúchán maidir le dúnmharú (breithe báis) an Gharda Adrian Donohoe, cás inar shaothraigh bleachtairí in Éirinn agus an NYPD i Meiriceá le chéile, iad ag feidhmiú faoi cheilt go dtí gur rugadh ar Aaron Brady thall i Nua-Eabhrac.
Daniel O’Connell: The Emancipator Clár faisnéise uair a chloig ina gcíortar saol agus oidhreacht Dhónaill Uí Chonaill mar chomóradh sa bhliain 2025 ar chothrom 250 bliain ó rugadh é. Scrúdaítear sa chlár faisnéise, arna léiriú i gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ollscoil Notre Dame, an lorg agus an tionchar a bhíonn ag ar bhain Ó Conaill amach lena linn ar an saol sa lá atá inniu ann. Sula bhfoilsítear taifid maidir le daonáireamh na bliana 1926, tugtar deis do lucht féachana na sraithe dhá chlár faisnéise Come to Your Census súil siar a thabhairt ar stair na hÉireann mar a léirítear leis an gcéad daonáireamh náisiúnta a eagraíodh tar éis chogadh na saoirse. Scrúdaíonn David McCullagh saol agus oidhreacht Éamoin de Valera ar Dev’s Rise and Rule, sraith faisnéise dhá chlár arna craoladh 50 bliain tar éis bhás “The Chief” agus fiafraíonn an í Éire de Valera an tír ina mairimid inniu. Patrick Duffy’s Irish Pubs Taistealaíonn an t-aisteoir ar tharraing Dallas cáil mhór air ar fud na hÉireann go bhfeiceann sé an t-athrú atá ar thithe ósta agus ar chultúr na dtithe ósta sa tír seo le himeacht na mblianta.
Trackers: The People vs The Banks Sraith dhá chlár a théann níos doimhne sa scéal ná na ceannlínte ionas go bhfoilsítear an fhírinne faoi chás scannalach na morgáistí rianúcháin in Éirinn de réir mar a fheictear dóibh siúd is mó ar goilleadh orthu.Rory: How The Masters was Won Súil siar ar bhua Rory McIlroy, tar éis iarrachtaí na mblianta, ag comórtas gailf an U.S. Masters sa bhliain 2025. Taispeántar sa scannán portráid lom mionchúiseach den éabhlóid mothúchánach ba bhun le ceann de na hócáidí buacacha is suntasaí i stair an spóirt in Éirinn.
Is portráid é Dance Master óna bhfaightear léargas ar Bhreandán de Gallaí, ó na laethanta ina dhamhsóir traidisúnta go bhfuil anois ina chóiréagrafaí nach mbíonn drogall air cur in aghaidh ghnáis sheanbhunaithe. Meat Loaf: Rock Bottom in Ireland Tugtar an lucht féachana ar bhóithrín na cuimhne go hÉirinn sa bhliain 1990 nuair a bhí ceolchoirmeacha ag an gceoltóir rac mór le rá as Meiriceá i roinnt de na hionaid is lú a mbeadh súil leis iontu agus é ar chamchuairt chraiceáilte coicíse i gceartlár na hÉireann. Is clár nua faisnéise é Tommy Sands Clann an Cheoil ina ndéantar ceiliúradh ar dhuine de na hamhránaithe tíre agus de na cumadóirí amhrán is mó tionchar agus ina dtugtar léargas ar an oidhreacht idirnáisiúnta atá leis féin agus lena mhuintir ina gceoltóirí, ina bhfeachtasóirí sóisialta agus ina scéalaithe.
Made of Stone: with Indiana Stones Leantar Indiana Stones, nó David Keohan, ag dul timpeall na tíre go n-aimsíonn seanchlocha crochta na hÉireann, agus dá gcrochadh, ionas go bhfaigheann léargas ar ghné den chultúr agus den stair atá ligthe i ndearmad. Donal’s Festival Kitchen Téann an Chef go domhain i gcultúr, i nósanna agus i gcreideamh dhreamanna creidimh mionlaigh in Éirinn agus tugann cuireadh do na cócairí agus do na pearsana is mó le rá ó na dreamanna sin miasa a bhaineann le féilte tábhachtacha dá gcuid a ullmhú agus a riar. Is clár faisnéise All That Remains á chur i láthair ag Niall Breslin a chuireann roimhe tásc agus tuairisc na ndaoine a mhair agus a d’éag in Ospidéal Meabhairghalair Lomáin ar an Muileann gCearr a dheimhniú agus dínit a chinntiú dóibh.
TUILLEADH SRAITHEANNA AR AIS ARÍS LE RTÉ
The Money List – tráth na gceist arna chur i láthair ag Baz Ashmawy – agus is mór atá i gceist! Beidh an tsraith ar ais agus dhá fhoireann strainséirí ag féachaint le hoibriú le chéile ar mhaithe leis an mbua a fháil. Ar shéasúr 5 de Keys to my Life, téann Brendan Courtney siar bóithríní na smaointe le Jim Sheridan, Gloria Hunniford, Donal Óg Cusack, Ronan Collins, Niamh Kavanagh, Tom Dunne, Sandy Kelly agus Tony Holohan go bhfeictear na háiteanna cónaithe a chuaigh i bhfeidhm orthu i rith a saoil.
Beidh On the Beat ar ais leis an dara sraith agus cíoradh á dhéanamh ar na deacrachtaí móra a chuirtear roimh an nGarda Síochána ar fud na hÉireann le léargas ar a bhfuil i gceist dáiríre lena gcuid oibre i gceantair foirgníochta agus i gceantair faoin tuath.
Beidh sraith nua á seoladh i rith an Fhómhair de Scannal, an clár faoin stair shóisialta a mbíonn moladh mór air, le súil siar ar scéalta a bhain geit agus croitheadh as pobal na tíre seo. Sa tsraith seo, feicfear an scéal faoin Athair Patrick Ryan, sagart Caitliceach agus feidhmí de chuid an IRA; an huileabailiú a tharraing Dinnéar Chumann Gailf an Oireachtais i rith shamhradh na bliana 2020; bás mná óige sa bhliain 1852 ar chinn ar na saineolaithe meabhair a bhaint as ó shin i leith; agus, an cheist faoin tairbhe a bhí i ndeireadh báire leis an mbinse fiosrúcháin ba leitheadaí agus ba chostasaí i stair an Stáit.
Beidh Crimecall ar ais i mí Mheán Fómhair le Carla O’Brien ina láithreoir in éineacht leis na Gardaí a iarrann ar an bpobal cúnamh a thabhairt le bearta imscrúdúcháin atá ar bun faoi chásanna coiriúlachta.
Beidh Futureville Ireland ar ais chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain Náisiúnta na hEolaíochta 2025. Leanfaidh na láithreoirí Carla O’Brien agus an Dr Lollie Mancey, sa tsraith is deireanaí seo, ag cuardach scéalta spéisiúla faoi obair nua eolaíochta in Éirinn agus léireofar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar shaol na hÉireann 25 bliain ó inniu, i gcathair nuathógtha na todhchaí. Leantar ar Ear to the Ground de thuiscint leathanréimseach a bhaint as an gcúram trácht a dhéanamh ar chúrsaí talmhaíochta agus tuaithe – le scéalta faoi chomharbaí feirmeoireachta agus andúil i ndrugaí; faoi chraobh fálta sceach na hÉireann nó bleán i rith an gheimhridh; agus, faoin scrios a ghabhann le hEitinn agus drochíde á imirt ar a chéile ag baill teaghlaigh – sin uilig á insint mar a bhaineann le saol na tuaithe agus na feirmeoireachta.
Ar The Records Show, scrúdaíonn Katie Hannon seilfeanna sa Chartlann Náisiúnta go n-aimsíonn cáipéisí nár tarraingíodh amach cheana agus go dtéann síos faoin tír ina dhiaidh sin ar lorg an ábhar scéil a bhaineann leo. At Your Service Téann Francis agus John Brennan, deartháireacha agus lucht óstáin, go Tiobraid Árann, Corcaigh, Port Láirge agus Contae Lú d’fhonn cuidiú le gnólachtaí fáilte agus óstaíochta a bhfuil deacrachtaí acu.
NÍOS MÓ CLÁRACHA EALAÍON AGUS CULTÚIR LE RTÉ
Chomh maith le Culture Night, áirítear ar na cláracha Ealaíon agus Cultúir eile The Museum of Me, ina dtugann Dermot Whelan cuireadh do phearsana iomráiteacha taispeántas aon oíche amháin a chruthú den chuid is ansa leo dá gcuid giuirléidí, ionas go nochtaítear smaointe cinn, scéalta rúin agus ábhar mothúcháin a théann go smior iontu.
Clár faisnéise faireacháin atá in Fighting Words ina gcoinnítear súil ghrinn ar an scoil Fighting Words don scríbhneoireacht chruthaitheach a chuir Roddy Doyle ar bun, agus iarracht á dhéanamh spéis sa scríbhneoireacht a chothú i ndéagóirí ó lár na cathrach agus ó scoileanna Deis. Ar The Irish Book of the Year, tugtar ómós do leabhair de chuid na hÉireann, más leabhair ficsin nó fhíorasacha, más faoi shlite maireachtála nó beathaisnéisí, tráth a mbíonn an ceiliúradh bliantúil ar siúl. Déanann Oliver Callan cíoradh ar shé leabhar na ngearrliostaí tráth an tsearmanais i mBaile Átha Cliath agus fógraíonn na buaiteoirí.
BREIS SPÓIRT LE RTÉ
Leanann RTÉ ag seasamh le laochra na hÉireann i gcomórtais náisiúnta agus idirnáisiúnta leis an réimse imeachtaí éagsúla spóirt a bheidh á gcraoladh, saor ó tháille ar an aer, don lucht féachana idir seo agus Earrach na bliana 2026.
Bí i gcomhluadar Jacqui Hurley, an príomhláithreoir ag RTÉ do Women’s Rugby World Cup 2025, agus Clare MacNamara a chuirfidh tuairiscí ar fáil ó ionad fhoireann na hÉireann. Cuirfear tús leis an gcraoladh ar an 22 Lúnasa ar RTÉ One, RTÉ2, RTÉ Player, agus RTÉ Radio 1 agus 2FM, agus beidh an chéad chluiche ag foireann na hÉireann in aghaidh na Seapáine ar an 24 Lúnasa.
Beidh tuilleadh rugbaí ar siúl le Autumn Nations Series nuair a imreoidh fir na hÉireann an tSeapáin, an Astráil agus an Afraic Theas, curaidh Chorn an Domhain, i Stáid Aviva agus craolfar na cluichí sin go léir beo ar RTÉ2 agus RTÉ Player.
Beidh UEFA Champions League ar ais do Shéasúr 2025/26, le cluichí beo tráthnóna Céadaoin i rith chéimeanna na gCluichí Cáilithe, na gCluichí Sraithe agus na mBabhtaí Díbeartha. Déanfar craoladh beo ar chluichí i gcomórtas FAI Cup d’fhir ar feadh an bhealaigh go n-imrítear an Cluiche Craoibhe ar an 9 Samhain chomh maith le feachtas cáilithe fhoireann na hÉireann do Chorn an Domhain FIFA d’Fhir lena mbainfidh cluichí in aghaidh na Portaingéile agus na hUngáire. Leanfaidh Sraith na Náisiún UEFA do Mhná ar aghaidh agus Foireann Ban Phoblacht na hÉireann in aghaidh na Beilge i mBabhta Cáilithe dhá chluiche i ndeireadh mhí Dheireadh Fómhair a mbeidh ardú céime ag brath air.
Maidir le rásaíocht capall, is le The Irish Champions Festival a chuirfear deireadh leis an séasúr ré-rásaíochta le 10 gcinn de rásaí Grúpa ar dhá lá den aicsean is fearr i mBaile na Lobhar agus ar an gCurrach. Tiocfaidh athrú béime ina dhiaidh sin le rásaíocht léime ar Winter Racing Series a thosaíonn san Uaimh ar an 16 Samhain sula mbíonn rásaí ar an Domhnach as Baile Phúinse, Tigh na Sióg agus Corcaigh agus Féile mhór na Nollag as Baile na Lobhar. I mí Feabhra, beidh an chuid is fearr ar ais arís i mBaile na Lobhar san iomaíocht do dhuaiseanna Ghrád a hAon ag Dublin Racing Festival.
Ar an RTÉ Player, beidh 13 cluiche sa Women’s Rugby World Cup le feiceáil ar an seinnteoir sin amháin, ionas go gcinntítear deis ag an lucht féachana súil a choinneáil ar an imirt. Beidh craoladh breise ar Chraobh Lúthchleasaíochta an Domhain, craoladh i rith na hoíche san áireamh, ar fáil ar chainéil eisiacha an RTÉ Player.
An 4 Meán Fómhair an chéad lá den chraoladh beo ar feadh ceithre lá ar Irish Open Amgen sa K Club nuair a bheidh Rory McIlroy, Shane Lowry, Séamus Power agus Padraig Harrington in éineacht le slua deas sárimreoirí idirnáisiúnta ar an gcúrsa seo i gChontae Chill Dara.
Beidh World Athletics Championships ar siúl i dTóiceo i mí Mheán Fómhair agus craoladh beo ar RTÉ2 agus RTÉ Player. Meastar go mbeidh foireann láidir de chuid na hÉireann i láthair, foireann sealaíochta 4x400m na mban agus an fhoireann mheasctha 4x400m ina measc.
Leantar le craoladh RTÉ ar feadh na bliana ar fad ar chluichí CLG an fómhar seo le haicsean ó chluichí ceannais na gcontaetha agus na gcúigí i gCraobhchomórtais na gClubanna. Chomh maith leis sin, beidh sraith iontach dhá chlár, seachas mar a bhí le feiceáil riamh cheana, á taispeáint a thabharfaidh léargas grinn géar ar Chraobhchomórtas na Camógaíochta ó thús go deireadh, le foirne agus scéalta éagsúla, an briseadh croí agus an gliondar, go mbíonn aon bhuaiteoir amháin ar bhuaic-chluiche na Craoibhe i bPáirc an Chrócaigh
NÍOS MÓ NUACHTA & CÚRSAÍ REATHA LE RTÉ
Le Toghchán Uachtarán na hÉireann i rith an fhómhair, cuirfidh Nuacht & Cúrsaí Reatha RTÉ sárthráchtaireacht ar fáil ar an bhfeachtas agus ar thorthaí an toghcháin i nGaeilge agus i mBéarla ar ardáin uile RTÉ, na cláracha laethúla mórshuntasacha ar an raidió agus ar an teilifís san áireamh. Cuirfidh Katie Hannon sraith nua i láthair ar a mbeidh agallaimh leis na hiarrthóirí a sheasann don oifig is uachtaraí sa tír. Idir deis chainte a thabhairt do thoghthóirí agus na díospóireachtaí móra a eagrú, cuirfidh iriseoirí RTÉ ar fud na tíre ábhar iontaofa lán eolais ar fáil faoi ghnóthaí polaitíochta.
Ag leanúint ar aghaidh ó na bearta coscracha géarchúiseacha fiosrúcháin maidir le tithe altranais príobháideacha in Éirinn, rachmas agus sócmhainní na mBráithre Críostaí agus díolachán drugaí chun meáchan a chailleadh ar an margadh dubh le bliain anuas, leanfaidh meitheal ghradamúil RTÉ Investigates ag cur ábhar craoltóireachta seirbhíse poiblí de scoth an domhain ar fáil le cláracha faisnéise nua a mbeidh léargas nua uathu i rith an tséasúir seo.
Den chéad uair riamh, déanfaidh RTÉ Investigates agus RTÉ Documentary on One comhoibriú freisin maidir le sraith nua podchraoltóireachta agus cláracha faisnéise ar an teilifis trína nochtaítear scéal ar fada fairsing a dtiocfaidh dá dtoradh.
Cuirfidh foireann Prime Time tráchtaireacht mhionchúiseach ar fáil faoi na himeachtaí móra, ina measc Buiséad 2026, chomh maith le cíoradh a dhéanamh ar na príomhcheisteanna a théann i bhfeidhm ar Éirinn agus ar ghnáthshaol na ndaoine, lena n-áirítear aird a dhíriú ar a choitianta atá iompar frithshóisialta in Éirinn agus léargas nua a thabhairt ar an tuairisc a choinnítear mar gheall ar an bhfón cliste ar a ndéanaimid ó lá go chéile.
Nationwide Leanann na láithreoirí Anne Cassin agus Bláthnaid Ní Chofaigh de scéalta na tíre seo a chur i láthair, scéalta faoi thionscnamh an phobail, faoi fhiontraíocht áitiúil, faoi chúrsaí bithéagsúlachta, faoi scéalta staire agus faoi shaol neamhghnách na ngnáthdhaoine in áiteanna ar fud na hÉireann.
Beidh láithreoir nua an séasúr seo freisin ar news2day le Cathal Dowd ag teacht in éineacht le Florence Okojie ag cur ábhar nuachta ar fáil gach lá don lucht féachana óg idir 6-11 bhliain d’aois i dtithe agus i seomraí ranga ar fud na tíre.
NÍOS MÓ ÁBHAIR DO DHAOINE ÓGA LE RTÉ
Beidh RTÉ Kids lom lán le sraitheanna nua spleodracha chomh maith le roinnt de na sraitheanna is breá le daoine cheana féin a thabhairt ar ais!
Beidh Showkids, sraith nua drámaíochta grinn le haisteoirí iomráiteacha, le feiceáil ar an scáileán i mí Mheán Fómhair. Le Philippa Dunne, Killian Sunderman, Ardal O’Hanlon agus Flynn Grey den chéad uair, i bpáirt Sam, ar na príomhaisteoirí, is sraith grinn Showkids don teaghlach ar fad.
Beidh bailiúchán spéisiúil cúig cinn de ghearrdhrámaí do leanaí, as Éirinn agus tíortha ar fud an domhain, ar siúl mar chuid de RTÉ Kids Drama Week agus pléifear le téamaí maidir le cairdeas, dúchas an teaghlaigh agus féinaithne. Tarlóidh eachtra gan choinne do Naomi le coimhthíoch faoin tuath in Éirinn in Glitch, beidh Caspar cliste ag cur in aghaidh rialacha faoi éide scoile in Boys Will Be Boys, tarlóidh coimhlint i gcás Nina idir a mbíonn a muintir ag súil leis uaithi agus chomh tógtha agus atá sí le drumadóireacht in Nina’s Rhythm as an tSeirbia, féachfar ar dhílseacht Polly agus a cuid crógachta in Two Peas in a Pod as Albain agus, le teann draíochta, éalóidh Katerina go ré eile staire sa Chipir in Ekaterini, sa tsraith atá ina ceiliúradh ar na deacrachtaí agus na sárphointí a bhaineann le fás aníos ionas go spreagtar leanaí chun glacadh go fonnmhar lena mianach féin agus an t-ionad is fearr dóibh sa saol seo a fháil amach.
Beidh scannáin nua spreagúla ar fáil sa tsraith My Story le My Story: Tomi the Champion of the World, ina bhfeictear Tomi Elemide, 12 bhliain d’aois as Béal Feirste, agus é ag ullmhú leis an gcraobh a thug sé leis ag Craobhchomórtas an Domhain sa Damhsa Gaelach anuraidh a bhuachan arís sa bhliain 2025. My Story: Georgie Cow Queen Feictear Georgie as Corcaigh ag féachaint lena lao taispeántais, Khalessi, a thabhairt trí na babhtaí uile go dtí Craobhchomórtas Náisiúnta YMA. Tosaíonn Sraith 2 de The Unreal agus muintir Uí Cheallaigh ag dul ar eachtra osnádúrtha go dtuigeann ábhar rúnda, go sáraíonn a gcuid eagla agus go bhféachann le teacht slán sa saol nach róshoiléir an deighilt idir an fhírinne agus an cur i gcéill díreach roimh Oíche Shamhna.
Beidh Dizzy Deliveries ar ais le sraith cláracha nua atá lán le heachtraí, le spraoi agus le gáire faoi Joe, an fear teachtaireachtaí a dtarlaíonn oiread timpistí dó ainneoin go bhfuil draíocht aige féin, Ozzy an róbait a thugann cúnamh dó agus Aisling atá i gceannas ar an gceannoifig stórais. Beidh Rosie O’Donnell le feiceáil mar aoi speisialta i rith na sraithe seo. United FC Sraith éadrom faisnéise a thugann léargas ar imirt peile, ar chairdeas agus ar ionad an duine féin sa saol a dhéanamh amach. Le treoir ón meantóir, Jordan Conroy, agus ón gcóitseálaí tréitheach, Vanessa Ogbonna, ní campa sacair amháin atá i gceist leis seo – tá teacht chun cinn na muiníne, an chumais caidrimh agus an mhórtais sa duine féin.
New Wave Sraith nua spleodrach faoin surfáil le cósta fiáin an Atlantaigh ina bhfeictear na surfálaithe is fearr i measc na sóisear san iomaíocht do chraobhacha náisiúnta agus don duais mhór do churadh na hEorpa. Tabhair turas an domhain leis an tsraith ghradamúil cláracha faisnéise JourneyCam International ina bhfeictear daoine fiosracha 8 –12 bhliain d’aois - ar dóibh a léirítear an tsraith – ag fiosrú a ndúchas cultúir agus scéalta a muintire ar fud an domhain. Beidh sraith eile de Adam Loves Adventure ar siúl agus Adam King ar tháinig cáil air tar éis an Late Late Toy Show le feiceáil in éineacht lena chriú ar bord na spásloinge Shelby. Buail bóthar le beirt den lucht tionchair ar breá leo peataí, Adam Beales agus Demi Oviawe, ar a mbealach timpeall na tíre sa Pet Mobile ar The Big Pet Project ar cuairt chuig na peataí is áille, is cumasaí agus is craiceáilte in Éirinn.
Puffin Rock Beidh an tsraith cláracha teilifíse seo, a bhfuil gradaim éagsúla bronnta orthu, ar ais ag cur gliondair arís ar an lucht féachana ar fud an domhain. Beidh scannán nua Puffin Rock and the New Friends ar fáil níos faide amach sa bhliain agus is féidir leis an lucht féachana taitneamh a bhaint freisin as eachtraí spraíúla Oona Baba & a cuid cairde i sraith nua cláracha. Beidh StoryBud ar ais le sárshraith speisialta don Nollaig, The Twelve Storybuds of Christmas. Bí in éineacht le Jason Byrne, Rí Storybud, is aige atá na pléascóga. Seolfar i mí Mheán Fómhair an 5ú bliain den chomórtas ealaíne uile-oileáin This is Art! a mbíonn oiread den rath air agus beidh téama nua le cur i láthair i mbliana, réimse breá duaiseanna ar fáil agus roinnt moltóirí nua le dul i gcion orthu.
-CRÍOCH- Dáta: Déardaoin, 21 Lúnasa 2025
Nótaí don Eagarthóir: Is féidir cuntas iomlán ar an ábhar cláracha Fíorasach, Siamsaíochta, Drámaíochta, Spóirt, Gaeilge, Ealaíon agus Cultúir agus cláracha do Dhaoine Óga a fheiceáil ANSEO
Íomhánna: Tá cnuasach iomlán íomhánna maidir leis an ábhar cláracha Fíorasach, Siamsaíochta, Drámaíochta, Spóirt, Gaeilge, Ealaíon agus Cultúir agus cláracha do Dhaoine Óga ar fáil ANSEO
Cnuasach iomlán Íomhánna ANSEO
Eolas breise: Maureen Catterson – Bainisteoir Cumarsáide RTÉ, Teilifís, Raidió agus Ar Líne