TODAY WITH DAVID MCCULLAGH LE CRAOLADH AR RTÉ RADIO 1 GACH LÁ DEN tSEACHTAIN AG 10AM
D’fhógair RTÉ inniu go bhfuil David McCullagh le bheith ina láithreoir nua ar Today, príomhchlár RTÉ Radio 1, a chraoltar gach lá den tseachtain ag 10am, agus é ag teacht in ionad an láithreora reatha, Claire Byrne.
Beidh David, iriseoir agus craoltóir, atá ina láithreoir ar RTÉ Six One News agus ar an bpodchraoladh Behind the Story, sa mbuaicshliotán i lár na maidine ar an 3 Samhain, agus cuirfidh sé an clár raidió cúrsaí reatha is mó ar an stáisiún i láthair.
Leanfaidh Today with David McCullagh de thuairiscí inrochtana a thabhairt ar phríomhscéalta an lae, ina mbeidh iriseoireacht dhíograiseach agus anailís ó shaineolaithe. Beidh agallaimh ghrinne ar an gclár leis na príomhpháirtithe ar fad ó cheannlínte an lae, idir cheannairí páirtithe, laochra spóirt agus mhórphearsaí cultúir. Leanfar freisin de thuairisciú iontaofa atá lán eolais a chur ar fáil ar na forbairtí nuachta is mó de réir mar a tharlaíonn siad. Beidh scéalta a mbíonn tionchar acu ar éisteoirí ina saol laethúil ina gcuid lárnach den chlár, chomh maith le gnéithe éagsúla ina gclúdófar cúrsaí sláinte, stíl mhaireachtála, an nádúr, bia, ceol agus go leor eile.
Bhain an Baile Átha Cliathach, David McCullagh, céim PhD amach i bPolaitíocht ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Is iriseoir é a bhfuil gradaim buaite aige agus bhí sé ag obair san Evening Press ón mbliain 1989 go dtí gur thosaigh sé ag obair le RTÉ in 1993 ina thuairisceoir do RTÉ News ar an teilifís agus ar an raidió. Bhuaigh sé Gradam Náisiúnta na Meán in 1999 dá chlár faisnéise, Declaring the Republic.
Ansin bhí sé ina Chomhfhreagraí Polaitíochta ar RTÉ News ar feadh 12 bhliain sula ndeachaigh sé le Prime Time in 2013. Thosaigh sé ag obair leis an bhfoireann This Week arís ar RTÉ Radio 1 in 2018 ina láithreoir ar an gclár cúrsaí reatha is faide ar an aer in Éirinn. Tá sé ina chomhláithreoir nuachta ar RTÉ Six One News faoi láthair agus is láithreoir é ar an bpodchraoladh cáiliúil Behind the Story. Leanfaidh sé de chlúdach ar olltoghcháin, ar thoghcháin na hEorpa agus ar thoghchán na huachtaránachta a chur i láthair do RTÉ chomh maith.
Rinne David taighde agus láithreoireacht ar chláracha amhail Behind Closed Doors, a bhí dírithe ar na Stáit-Pháipéir a eisiúint faoin riail 30 bliain agus Declaring the Republic agus Election ’18, inar deineadh athchruthú ar thorthaí an ollthoghcháin in 1918. Cuirfidh sé an clár Dev: Rise and Rule i láthair Dé Céadaoin seo chugainn, a bheidh ag tosú ar RTÉ One agus ar RTÉ Player. Tá sé leabhar scríofa aige: A Makeshift Majority: the First Inter-party Government (1998); The Reluctant Taoiseach: A biography of John A. Costello (2010); agus sraith beathaisnéise dhá leabhar Rise (2017) agus Rule (2018) faoi Éamon de Valera, The Great Irish Politics Book (2021) agus From Crown to Harp: How the Treaty was Undone.
Ag labhairt di ar ról láithreoireachta nua David, dúirt Stiúrthóir Fuaime RTÉ, Patricia Monahan: “Ar feadh blianta bhí lucht éisteachta ar fud na tíre ag brath ar chláir cúrsaí reatha lár na maidine ar RTÉ Radio 1 don anailís is fearr ar na himeachtaí de réir mar a tharla siad. Mar gheall ar thuiscint gan sárú David ar an ardán polaitiúil sa bhaile agus thar lear, chomh maith lena scileanna géarchúiseacha mar agallóir, is é David an rogha is fearr don chlár Today. Mar atá a fhios againn freisin óna chuid oibre ar Behind the Ballot agus Behind the Story, is duine an-tráthúil deisbhéalach é, agus is cinnte go gcuirfidh sé siamsaíocht ar fáil chomh maith le héisteoirí a chur ar an eolas agus an clár Today ag dul i ngleic leis na scéalta tromchúiseacha chomh maith le hathruithe ó na gnéithe níos dearfaí den saol a mbíonn géarghá ag éisteoirí leo.
Lean Patricia ar aghaidh: “Ba é an clár Today an baile do roinnt de na glórtha is aitheanta i gcraoltóireacht na hÉireann, ó Pat Kenny go Sean O’Rourke, agus le déanaí, Claire Byrne. Rinne Claire a cuid féin den chlár Today, agus rinne sí an-obair don chraoltóireacht seirbhíse poiblí le linn a cuid ama in RTÉ. Guímid gach rath uirthi, agus gabhaimid buíochas léi as a dúthracht don lucht éisteachta in Éirinn agus ar fud an domhain ar feadh na mblianta.”
Dúirt David McCullagh: “Tá lúcháir orm a bheith ag obair ar an gclár Today agus tá mé ar bís faoin dúshlán atá amach romham. Táim ag súil go mór le bheith ag obair leis an bhfoireann chun cur le teist láidir an chláir clúdach agus anailís den chéad scoth a dhéanamh ar na scéalta atá tábhachtach don lucht éisteachta.”
Fágfaidh Claire Byrne RTÉ níos déanaí i mbliana.
Seolfar Today with David McCullagh ar an Luan an 3 Samhain ar RTÉ Radio 1. Beifear ábalta é a shruthú ar aip RTÉ Radio agus éisteacht leis arís trí phodchraoladh. Leanfaidh sé de RTÉ Six One News a chur i láthair go dtí deireadh mhí Dheireadh Fómhair.
Tá RTÉ ag súil láithreoir nua Liveline a fhógairt sna seachtainí amach romhainn.
CRÍOCH