Cuir aithne ar an Láithreoir is nuaí le Nuacht RTÉ Cathal Dowd as Loch Garman fógartha ina láithreoir news2day RTÉ
Beidh Cathal Dowd, 23, as Loch Garman le feiceáil den chéad uair ar an teilifís mar chuid d’fhoireann news2day. Is seirbhís nuachta news2day atá dírithe go sonrach ar leanaí agus clúdaítear scéalta nuachta de chuid na hÉireann agus áiteanna eile ar domhan a bheadh ina n-ábhar spéise ag lucht féachana óg.
Tar éis do RTÉ gairm chun céimithe i ngnóthaí na meán cumarsáide agus san iriseoireacht ar fud na tíre a dhéanamh, agus próiseas cuimsitheach éisteachta, roghnaíodh Cathal le tabhairt ar an bhfoireann. Rachaidh sé i mbun craoltóireachta inniu, Dé Luain an 1 Meán Fómhair, ar RTÉ2, ar chainéal RTÉ News agus ar RTÉ Player.
D’fhreastail Cathal, as Baile Loch Garman, ar Bhunscoil na Trócaire agus ar Bhunscoil na mBráithre Críostaí sula ndeachaigh sé chuig an meánscoil i gColáiste Naomh Peadar. I 2022 a thosaigh sé in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar an Iriseoireacht ar feadh trí bliana agus bhain sé céim amach i mbliana. Le linn a chuid ama sa gcoláiste, bhí roinnt róil éagsúla ag Cathal sna meáin ar nós an nuacht áitiúil a chlúdach ar WLR FM, a bheith ina scríbhneoir spóirt ar Balls.ie, agus tráchtaireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar chluichí i Sraith na hÉireann le Club Peile Loch Garman. Tá an-spéis aige i nuacht agus i gcúrsaí reatha, agus is é seo a chéad uair i mbun láithreoireachta ar an teilifís. Tá an-suim ag Cathal i gcúrsaí spóirt agus is iad na caithimh aimsire is fearr leis ná sacar, rith agus galf. Is breá leis léamh, filíocht agus scríobh nuair a bhíonn am saor aige chomh maith.
Is éard a dúirt Cathal faoina ról láithreoireachta nua: “Tá ríméad orm a bheith mar chuid d’fhoireann news2day. Is deis thar a bheith iontach atá ann a bheith páirteach i gclár a raibh mé ag breathnú air agus mé ag fás aníos. Is mór an onóir é a bheith san áit chéanna leis na daoine a spreag an spéis atá agam sa nuacht agus sna meáin. Eispéireas den scoth a bheidh ann a bheith mar chuid den fhoireann iontach seo agus cabhrú le nuacht agus cúrsaí reatha a thabhairt chomh fada le scáileáin agus seomraí ranga ar fud na tíre, agus an lucht féachana a thabhairt cothrom le dáta lena bhfuil ag tarlú ar fud an domhain. Thar aon ní eile, táim ag súil go mór le bualadh le daoine, ó scoileanna agus ó áiteanna eile ar fud na tíre, chun a gcuid scéalta a roinnt le páistí na hÉireann.”
Beidh Cathal ag obair leis an láithreoir news2day, Florence Okojie, as Baile Átha Cliath. Tá Florence ag obair le news2day ó Mheán Fómhair 2024.
Craoltar news2day ó Luan go hAoine ag 4.20pm ar RTÉ2 agus ar chainéal RTÉ News. Chomh maith leis an lucht féachana óg a bhíonn ag féachaint ar an gclár sa bhaile, féachtar ar an gclár ar líne ar an RTÉ Player go forleathan i seomra ranga ar fud na tíre agus úsáidtear é mar uirlis teagaisc. Féach ar Chathal agus Florence ar RTÉ news2day anseo: www.rte.ie/news2day
CRÍOCH
Dáta: Dé Luain an 1 Meán Fómhair 2025
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ, sarah.neville@rte.ie