Léirítear i gClár faisnéise nua de chuid RTÉ Investigates go bhféadfadh cadás a táirgeadh i gcampaí oibre éigeantais sa tSín a bheith in éadaí atá á ndíol ag miondíoltóirí móra na hÉireann
An bhféadfadh cadás ó obair éigeantais a bheith i do chuid éadaí?
Féach ar an mblaisín anseo.
Fiosróidh RTÉ Investigates slabhraí soláthair éadaí na hÉireann agus gheofar amach go bhfuil roinnt de na miondíoltóirí is mó in Éirinn neamhchosanta ar chadás ó obair éigeantach. Sa chlár faisnéise nua seo a chraolfar oíche Dé Céadaoin, leanfaidh an t-iriseoir Joe Galvin an scéal seo chomh fada le cúige Xinjiang na Síne, áit a bhfuil cadás á phiocadh agus á phróiseáil ag daoine i réimeas oibre éigeantais a d’fhéadfadh a bheith in úsáid in go leor de na héadaí a dhíoltar in Éirinn.
Nuair a thosaigh tuairiscí uafásacha ag teacht ar dtús faoi sháruithe ar chearta an duine agus faoi obair éigeantais i Xinjiang, i gcroílár chadáis na Síne, gheall miondíoltóirí éadaí nach bhfaigheadh siad cadás ón réigiún. I bhfianaise an chórais stáit a bhunaigh an tSín, atá dírithe ar mhionlach ar a dtugtar na hUigiúraigh a chur faoi chois i Xinjiang, tá go leor tíortha ag déanamh baghcat ar chadás Xinjiang, agus tá cosc curtha ag na Stáit Aontaithe air. Mar sin féin, níl sé in aghaidh an dlí cadás ó obair éigeantais a iompórtáil chuig an AE.
Deir miondíoltóirí móra Éireannacha nach dtagann a gcadás as réigiún Xinjiang, ach an féidir leo a bheith cinnte de sin? Fiosróidh RTÉ Investigates an féidir le lucht siopadóireachta muinín a bheith acu as bunús an chadáis a úsáidtear in éadaí a dhíoltar in Éirinn.
Trí thaighde chuimsitheach agus fiosrú mionchúiseach, léireoidh an t-iriseoir Joe Galvin go bhféadfadh cadás ó Xinjiang, atá pioctha agus próiseáilte ag mionlach na nUigiúrach, a bheith ar fáil fós i siopaí na hÉireann.
Féach ar RTÉ Investigates: Forced Fashion Dé Domhnaigh an 24 Meán Fómhair ag 9.35pm ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player
CRÍOCH
For more information please and interview requests please contact: Sarah Neville, RTÉ communications.