Maura, Dáithí agus Sinéad ar ais ar an tolg don 14ú Séasúr den chlár TODAY
Íomhánna nua foilsithe ag RTÉ inniu sula dtosóidh an 14ú séasúr den chlár TODAY, an clár tráthnóna is mó a bhfuil tóir air agus is faide ar an bhfód in Éirinn.
Craolfar an clár TODAY, a bhíonn á chur i láthair ag Maura Derrane, Dáithí Ó Sé agus Sinéad Kennedy, beo ó 3.30pm tráthnóna inniu ar RTÉ One agus ar an RTÉ Player. Níl aon dabht ach go gcuirfidh an clár, agus a réimse mór bia, faisin agus siamsaíochta, go mór leis an tráthnóna.
Tabharfaidh saineolaithe an chomhairle is fearr atá acu don lucht féachana ar TODAY, bíodh comhairle ag teastáil faoi bhrionglóidí nó deacrachtaí, agus réiteoidh na cócairí is fearr sa tír bia thar a bheith blasta sa chistin gach lá. Beidh na réaltaí is mó a bhfuil tóir orthu sa stiúideo gach lá, agus coinneoidh an painéal nuachta gach duine ar an eolas leis na ceannlínte is déanaí in Éirinn agus thar lear.
Beidh cluiche nua ar TODAY an séasúr seo freisin ‘Win The Wheel’ chun daoine a mhealladh mar aon le comórtais nua agus go leor féiríní iontacha.
Cuirfidh Sinéad Kennedy agus Dáithí Ó Sé tús leis an tsraith tráthnóna agus beidh James Patrice agus a Eolaire Teilifíse ina dteannta. Beidh teachtaireacht eisiach ó Coronation Street agus blaisín speisialta de The Traitors Ireland ar an gclár freisin. An cócaire Trisha Lewis a bheidh sa gcistin agus is iad Joe O’Shea agus Édaein O’Connell a bheidh againn ar an bpainéal nuachta.
Is éard a dúirt Dáithí: “Táim ag súil go mór a bheith ar ais sa stiúideo don tsraith nua. Bhí mé an-sásta faoin méid daoine a bhí ag fiafraí díom cén uair a bheadh muid ar ais, mar sin bhí sceitimíní ag teacht orainn le cúpla seachtain anuas. An t-aon rud faoi ná go mbíonn an samhradh thart i ndáiríre nuair a bhíonn muid ar ais ar an aer, ach beidh muid le chéile arís!” Dúirt Sinéad: “Tá ríméad orm a bheith ar ais agus do mo shéú séasúr ar an gclár TODAY. Beidh mé ar ais le Dáithí gach Luan agus Máirt le haghaidh bia, faisin agus neart duaiseanna, agus beidh neart craic ar ndóigh againn freisin.”
Ón gCéadaoin a bheidh an láithreoir Maura Derrane ar ais ar an gclár in éineacht le Dáithí agus an criú sa stiúideo. Is éard a dúirt Maura: “Tá sé iontach a bheith ar ais do shéasúr 14 den chlár TODAY. Bhí go leor daoine i dteagmháil liom agus is fada leo go bhfeicfidh siad ar ais arís muid ina gcuid seomraí suí. Agus tá ríméad orainne a bheith ar ais leo freisin le haghaidh séasúr eile d’aíonna agus de mhíreanna sláinte, folláine, bia, faisin agus go leor leor eile.”
CRÍOCH
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Sarah Neville, Cumarsáid RTÉ | sarah.neville@rte.ie